Ceist ár linne – tithíocht, tithíocht agus tuilleadh tithíochta

Má theipeann ar an rialtas arís eile le cúrsaí tithíochta léireoidh an pobal a bhfearg leo

Ceist ár linne – tithíocht, tithíocht agus tuilleadh tithíochta

Cuid lárnach de cheird an pholaiteora a bheith síoraí seasta ag réiteach don chéad toghchán eile. I gcás áiteacha ar nós na Stát Aontaithe mar a mbíonn dátaí cinnte do thoghchán uachtaránachta agus lár téarma is feachtas leanúnach toghchánaíocht a bhíonn ar siúl.

Tá sin fíor go háirithe i láthair na huaire nuair atá uachtarán ag tabhairt faoin dara téarma – caithfidh sé gach ar féidir leis a chur i gcrích sa gcéad bhliain go leith den dara téarma sula dtugann an pobal breithiúnas air.

Níl cúrsaí chomh daingean sa tír seo nuair nach bhfuil dátaí ar leith leagtha amach do thoghcháin. Ní bhaineann an teora dhá théarma in oifig ach leis an Uachtarán nach bhfuil aon ról aige sa rialtas ó lá go lá.

Mar sin féin, an aidhm a bhíonn ag gach uile pholaiteoir ón uair go gcrochtar ar ghuaillí arda iad ag comhaireamh olltoghcháin obair a dhéanamh agus straitéis a leagan amach le go dtoghfar arís iad, bíodh sin faoi cheann bliana nó cúig bliana.

Tá siad tosaithe cheana féin mar sin tar éis olltoghchán mhí na Samhna ag díriú ar na ceisteanna a chreideann siad a chuideoidh leo filleadh ar Theach Laighean faoi cheann cúig bliana. Tá an obair sin níos práinní dóibh siúd atá i rialtas mar go bhfuil an tuairim ann go mbeidh an pobal ag iarraidh toradh a fheiceáil ar na geallúintí a thug siad sa gclár rialtais.

Tá an rialtas ag díriú ar cheist ár linne. Tithíocht, tithíocht agus tuilleadh tithíochta. Teastaíonn go leor a thógáil agus ní bheidh an rialtas in acmhainn an t-airgead ar fad a theastaíonn a bhaint as cistí an Stáit. Dá réir sin, tá an Taoiseach ag caint ó toghadh é ar an earnáil phríobháideach mar réiteach ar ár ngéarchéim náisiúnta. Tá faoiseamh cánach dá lua agus ar ndóigh, an freasúra spréachta go mbeadh trácht ar bith ar airgead ón earnáil phríobháideach a bheith á chaitheamh ar an obair. An tseachtain seo, tá sé molta go gcuirfí deireadh le dlíthe pleanála áirithe ionas go bhféadfaidh daoine teach beag a thógáil ina ngairdín cúil. Teach a bheadh feiliúnach dá gclann óg a mbeidh deacrachtaí acu teach a cheannach, a thógáil nó a fháil ar cíos a mbeidís ina acmhainn.

Seo iad an ghlúin a bheidh ag vótáil sa gcéad olltoghchán eile. An dream a rinne an Ardteist le cúpla bliain anuas nach bhfuil in acmhainn cíos a íoc ar árasán le dul ag coláiste. An dream a dhéanfaidh an Ardteist as seo go ceann cúpla bliain a mbeidh an deacracht chéanna acu féin agus a gcuid tuismitheoirí.

Tá gach seans ann go mbeidh siad feargach agus nach nglacfaidh siad leis na freagraí atá tugtha le cúpla bliain anois faoin ngéarchéim tithíochta. Beidh súil acu le maolú ar an bhfadhb agus réiteach ar an ngéarchéim. Ní bheidh mórán foighne acu leis an dream atá sa rialtas reatha má bhíonn an fhadhb fós gan réiteach agus ní thacóidh siad leo. Dearcadh na ndaoine óga seo an spreagadh is mó a theastóidh ó pháirtithe an rialtais agus ó pholaiteoir ar bith le tabhairt faoin aidhm is bunúsaí atá acu, a bheith tofa in athuair. Má theipeann orthu arís eile le cúrsaí tithíochta léireoidh an pobal a bhfearg leo.

Fág freagra ar 'Ceist ár linne – tithíocht, tithíocht agus tuilleadh tithíochta'

  • Seán Ó Donnchaidh

    Mí na Samhna seo caite bhí seans mhór ag an bpobal a bhfearg a léiriú agus ní dhearnadar é. Ní raibh suim vótála ag 41% de na toghthóirí. De réir dealraimh níl fhios ag a lán daoine mar gheall ar an “gClár Mairceálta” – is féidir le gach polaiteoir a fháil i ndiaidh na toghchána – a thaispeáineann go soiléir dóibh cé a gcuireann vóta agus cé nach gcuireann. Ligeann sé sin dóibh neamhaird a dhéanamh de na daoine sin níos déanaí nuair atá siad ag gearán mar gheall ar aon rud.