B’fhiú don rialtas cead a thabhairt d’údaráis áitiúla cáin a ghearradh ar thurasóirí

Ritheadh reachtaíocht i bParlaimint na hAlban anuraidh a thug cead d’údaráis áitiúla cáin a ghearradh ar thurasóirí. B’fhiú a leithéid a dhéanamh anseo

B’fhiú don rialtas cead a thabhairt d’údaráis áitiúla cáin a ghearradh ar thurasóirí

Ní inniu ná inné ná anuraidh ach breis agus scór bliain ó shin a moladh den chéad uair cáin speisialta turasóireachta cosúil leis an gcáin atá á plé le cúpla lá.

Ní le déanaí ach oiread a dúirt urlabhraithe na n-eagras turasóireachta go ndéanfadh cáin dá leithéid dochar dá ngnó toisc nach mbeadh go leor turasóirí toilteanach táille bhreise a íoc.

I 1998, nuair a moladh cáin speisialta a ghearradh ar thurasóirí a thug cuairt ar oileáin Árann, d’fhiafraigh tuairisceoir ón nuachtán Foinse de thurasóirí a tháinig i dtír i Ros an Mhíl an mbeidís toilteanach an cháin a íoc.

Bhí na turasóirí go léir beagnach ar aon tuairim. Bheidís breá sásta táille a chaithfí ar sheirbhísí áitiúla a íoc.

Dá mb’ionann rud a phlé arís agus arís eile agus é a chur i bhfeidhm faoi dheireadh, bheadh cáin turasóireachta de chineál éigin á híoc ag turasóirí i mBaile Átha Cliath, agus in áiteanna eile sa tír, b’fhéidir, faoin am seo.

Ó moladh táille in Árainn, tá cáin nó tobhach turasóireachta molta ag comhairleoirí cathrach i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath (faoi dhó). Moladh cáin dá leithéid freisin i dtuairisc an Choimisiúin um Chánachas in 2022 agus i dtuairisc an tascfhórsa a bhunaigh an rialtas tar éis na gcíréibeacha sa phríomhchathair in 2023.

Tá an t-ábhar á phlé arís ó tugadh le fios cúpla lá ó shin go raibh páipéar ina gcíortar an scéal arís á bhreithniú ag coiste idir-rannach.

Níl cáin turasóirí luaite sa chlár rialtais agus dúirt urlabhraí ón roinn fiontair agus turasóireachta nach raibh tionscnamh maidir lena leithéid de cháin ar thurasóirí beartaithe. Glactar leis, áfach, nach breithniú gan bhrí atá ar bun ag na státseirbhísigh.

Ritheadh reachtaíocht i bParlaimint na hAlban anuraidh a thug cead d’údaráis áitiúla cáin a ghearradh ar thurasóirí. Cuirfear i bhfeidhm den chéad uair í i nDún Éideann an bhliain seo chugainn.

Cáin cúig faoin gcéad ar phraghas lóistín atá socraithe ag comhairle na cathrach. Íocfar í ar feadh cúig oíche ar a mhéid.

Meastar go gcuirfidh an cháin thart ar £50 milliún (€60.3m) sa bhliain ar fáil don chomhairle. Caithfear an teacht isteach ar thithíocht, ar imeachtaí cultúrtha agus oidhreachta agus ar fheabhsú seirbhísí éagsúla sa chathair.

Is díol suntais é gur mhol Neil Ellis, Cathaoirleach Chumann Óstáin Éideann an cháin toisc go gcuirfeadh sé feabhas dar leis ar an taithí a bheadh ag gach duine a thabharfadh cuairt ar an gcathair. Tabharfar sciar den teacht isteach ar ais d’óstáin agus do thithe lóistín chun íoc as a gcostais riaracháin.

Ní gá ráta cánach chomh hard le ráta Dhún Éideann (5%) a ghearradh ar thurasóirí chun airgead breise a chur ar fáil a rachadh chun tairbhe do mhuintir an cheantair agus do thurasóirí. Fuair an Coimisiún um Chánachas amach go raibh idir 40c agus €2.50 in aghaidh na hoíche á íoc i gcathracha éagsúla san AE.

Dá rithfí reachtaíocht sa tír seo mar a ritheadh in Albain, ní cáin éigeantach ar fud an stáit a bheadh i bhfeidhm ach cáin a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i gcathair nó i gceantar ina mbeadh an t-údarás áitiúil toilteanach.

Is léir láithreach buntáistí áirithe a bhainfeadh le córas dá leithéid:

* Is féidir cáin nó tobhach turasóireachta a chur i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta nó áitiúil. B’fhearr an rogha a fhágáil faoi na húdaráis áitiúla, ach d’fhéadfaí an teacht isteach ó cháin ghinearálta a roinnt ar fud an stáit.

* Neartódh córas mar atá socraithe in Albain an córas daonlathach áitiúil abhus toisc gur ar bhonn riachtanas áitiúil a thabharfaí an cháin isteach (nó a dhiúltófaí di) agus gur go háitiúil a phléifí agus a shocrófaí an ráta.

* Ní bheadh ar mhuintir an cheantair ina gcuirfí an cháin i bhfeidhm agus ina mbainfí tairbhe as oiread agus cent a íoc – an bua polaitiúil is mó b’fhéidir.

Is féidir buntáistí na cánach a achoimriú leis na freagraí is dóichí a thabharfadh ár bhformhór ar dhá cheist simplí.

Ar thug cáin turasóirí ort riamh gan cuairt a thabhairt ar áit ar bith toisc go mbeadh ort cúpla euro sa  bhreis a íoc?

Nó an raibh aiféala ort riamh go ndeachaigh tú ar saoire in áit á raibh ort cáin turasóirí a íoc?

Fág freagra ar 'B’fhiú don rialtas cead a thabhairt d’údaráis áitiúla cáin a ghearradh ar thurasóirí'

  • Seán Mac Bhriain

    Ní in Albain amháin atá an cháin sin, ach in go leor tíortha eile san Eoraip. Ó mo chuimhne, tá tú ag caint ar thart ar €17 don tsaoire coicíse. Níl sé basctha.