Anois agus arís, tagann duine as an Airgintín ó dhúchas ar stair a mhuintire agus cuireann fíricí an scéil sin alltacht air nó uirthi.
Bíonn a fhios acu gur uchtaíodh iad ach den chuid is mó, ní bhíonn tuairim acu faoin gcaoi ar thángadar ar an saol ná faoi céard a tharla dá dtuismitheoirí.
Anois, le cabhair eagraíochtaí éagsúla a bhfuil baint acu le ‘Madres de Plaza de Mayo’ is féidir le daoine a uchtaíodh le linn réimeas uafásach na deachtóireachta idir 1976 agus 1983, a fháil amach arbh amhlaidh gur gabhadh a dtuismitheoirí, ar maraíodh iad agus ar ‘uchtaíodh’ iad féin agus iad ina leanaí óga, go minic le baill oifigeach airm.
Agus mé ag siúl thart ar cheann de na príosúin ba mhó míchlú le linn na tréimhse sin, an lá cheana, bhí fuaim piléar á scaoileadh chuile áit thart orm. Shílfeá gur as na crainn a bhí an fhuaim ag teacht. Ba chineál ‘traic fuaime’ a bhí ann sa chúlra. Ionad mór míleata don chabhlach a bhí ann ag an am. Agus ba í ‘Scoil na Meicneoirí’ lárionad an phríosúin seo ina ndearnadh na príosúnaigh a chéasadh agus a chur ar bhealach a mbáis.
Ba cosúil le dul siar ar bhóithre na smaointe domsa é, gach uair dá bhfaca mé pictiúr de na daoine a tógadh – ba chosúil iad leis an dream a raibh mé féin ar an ollscoil leo i nGaillimh. An faisean – na hataí, na mionsciortaí, leaids le gruaig fhada, cuma na seachtóidí orthu uilig – ba iad seo na daoine óga a gabhadh le ‘ceistiú’, le céasadh, agus le cur chun báis.
Bhí scéalta a mbeatha ar na comharthaí a crochadh taobh amuigh, thart timpeall an ionaid. Gnáthdhaoine, baill de cheardchumainn, mic léinn, iriseoirí, baill d’eagrais a bhí in aghaidh réimeas míleata na nGinearál agus go leor eile. Breathnaíodh orthu mar naimhde an Stáit agus chuir an rialtas rompu iad a ghabháil agus ansin iad a chur chun báis. Ach lena chinntiú nach mbeadh fáil ar a dtaisí riamh arís, rinneadh cinnte nach mbeadh na corpáin le n-aimsiú go deo na deor.
I gceann de na foirgnimh sa sean-ionad cabhlaigh, bhí an teach ina raibh ionad na nOifigeach. B’in é an teach ba mhó droch-cháil san áit. Is féidir siúl thart ann anois agus na seomraí éagsúla a fheiceáil – an seomra inar coinníodh mná a bhí torrach go dtí an nóiméad a saolaíodh an leanbh, an t-áiléar ina mbíodh na céadta príosúnach ina luí síos gan aon spás le bogadh thart, an t-aon leithreas a úsáideadh anois is arís ‘le cead,’ an áit a raibh ‘capuchin’ nó cochall curtha orthu, an seomra deireanach ar cuireadh iad – le ‘trasnú’.
Ach níor thrasnaigh siad go dtí aon áit eile. Tugadh instealladh láidir de dhruga codlata dóibh agus sacadh isteach in eitleán beag iad.
Bhí ceann de na seaneitleáin ar an talamh ann. Agus baineadh siar asam nuair a chonaic mé cén áit ar tógadh é – ‘Skyvan’ Series a tógadh i monarcha eitleán Shorts i mBéal Feirste, sa mbliain 1971.
Thug mé faoi deara agus mé ag siúl thart go raibh an príosún gar don aerfort náisiúnta. Gach uair ar chuala mé eitleán ag dul thar mo chloigeann smaoinigh mé ar an dream óg agus iad ag éisteacht leis an bhfuaim chéanna sa 1970idí. An raibh tuairim ar bith acu gurb é sin creill an bháis dóibh? Agus na príosúnaigh istigh san eitleán, ní raibh i bhfad le dul acu gur shroich siad Inbhear mór Abhainn an Phláta ar an mbealach chun na farraige. Caitheadh amach as an eitleán iad beo beathach agus níor chualathas tada fúthu ina dhiaidh sin.
Ach tháinig deireadh le réimeas cruálach na nGinearál – nuair a chaill siad Cogadh na nOileán Malvinas. Agus ó 1983 i leith tá daoine san Airgintín fós ag teacht chucu féin tar éis ar tharla dóibh féin agus dá gclann.
Dúirt an cailín ag an deasc fáiltithe liom gurbh fhearr leis an rialtas atá i réim anois go ndéanfadh daoine dearmad ar an ré sin – gur chóir ‘bogadh ar aghaidh’. Ach níl siad ag cur ‘Mná Plaza Mayo’ san áireamh ina gcuid pleananna.
Uair sa tseachtain le leathchéad bliain nach mór, ar an Déardaoin, tagann mná – máithreacha agus seanmháithreacha (ag an tús) a bhfuil a gcuid páistí ar iarraidh ón ré sin, le chéile ar an gcearnóg is suntasaí i mBuenos Aires. Thosaigh siad ag caitheamh scaifeanna bána chun go n-aithneofaí iad. Anois tugtar na’ Madres Plaza Mayo’ orthu agus tagann siad le chéile chun impí ar na húdaráis eolas a fháil faoina gcuid páistí.
Go dtí an lá inniu, níor thug aon duine ó na fórsaí armtha, aon fhianaise faoi céard a tharla do na ‘príosúnaigh’ le linn na deachtóireachta. Bhí trialacha ann agus frítheadh daoine ciontach, ach focal níor chualathas faoinar tharla do na daoine a ‘d’imigh gan tásc’ – na Desaparacidos.
Meastar go raibh thart ar 5,000 duine coinnithe san áit a raibh muide ar cuairt ann, in Ionad an Chabhlaigh -ESMA an teideal atá air. Ach bhí os cionn 750 ‘lárionad’ faoi cheilt scaipthe ar fud na hAirgintíne. Agus daoine ag imeacht gan tásc ná tuairisc as gach ceann díobh sin.
Ag deireadh mo chuairte shuigh mé síos sa halla go bhfeicfinn píosa scannáin faoi dheireadh na dtrialacha agus an pionós a gearradh ar na hardoifigigh.
Ní raibh sa halla liom ach clann amháin, cailín óg, a deartháir b’fhéidir agus a gcuid seantuismitheoirí. Chuir an cailín óg a lámh timpeall ar ghuaillí na seanmhná agus na pionóis á léamh amach. Thángadar i mo threo ar a mbealach amach. Ní raibh aon Bhéarla acu ach bhí mé in ann a fháil amach le mo Spáinnis bhriste, gur chaill an tseanbhean roinnt mhaith cairde agus gaolta le linn na drochthréimhse. Bhí sí ar bís leis an eolas ar fad a roinnt liom ach chinn sé orainn aon chomhrá ceart a dhéanamh. Ar bhealach ní raibh aon ghá leis.
Anois tá an eolaíocht ag cabhrú leis na hiarrachtaí ar fad a rinneadh thar na blianta daoine a aimsiú. Tugtar cead do dhaoine a cheapann gur tógadh iad mar pháistí óga óna dtuismitheoirí, a gcuid DNA a roinnt le dream san Airgintín a dhéanfas comparáid idir é agus an stoc fianaise DNA atá acusan. Fuair fear i Londain amach le gairid, gur mac é le beirt a fuadaíodh le linn an réimis. Choinnigh a sheanmháthair uirthi ag cuardach i gcaitheamh na mblianta.
Tugadh eisean mar leanbh do lánúin a bhí bainteach leis an réimeas – bhí an t-athair ina leascheannasaí ar an Ionad Cabhlaigh. D’imigh siad ar a dteitheadh i ndiaidh thitim na nginearál agus chríochnaigh siad suas i Sasana. Rinne an mac go maith ina shaol nua agus tá saol maith aige i Sasana.
Go minic nuair a fhaigheann daoine amach faoina gcúlra, ní bhíonn fonn orthu díoltas a bhaint amach ar a gcuid tuismitheoirí uchtála. Toradh nach mbeadh duine ag súil leis, b’fhéidir. Ach faigheann siad amach nach féidir an stair i ligean i ndearmad go hiomlán.
Beidh mé féin ag taisteal ó Aerfort J. Newbery i mBuenos Aires i gceann lá nó dhó. Agus beidh mé ag cuimhneamh agus ag caoineadh na marbh a maraíodh go míthrócaireach ann.
Fág freagra ar 'Na daoine a ‘d’imigh gan Tásc’ – na desaparecidos'