Ollamh Cúnta le hInbhuanaitheacht agus Tíreolaíocht
Is post conartha lán-aimseartha 5 bliana le conair tionachta é seo mar Ollamh Cúnta le hOideachas Inbhuanaitheachta agus Tíreolaíochta. Cuirfidh an té a n-éireoidh leis nó léi le dualgais teagaisc, taighde agus maoirseachta ar fud na Scoile, agus beidh clár gníomhach taighde aige nó aici san oideachas tíreolaíochta lena gcuirfear le próifíl idirnáisiúnta na Scoile. […]