
Tugann Scoil na Ceimice cuireadh d’iarratais ar phost mar Ollamh Cúnta sa Cheimic Fhisiciúil. Táthar ag lorg iarratas ó iarrthóirí atá ag céim luath ina ngairmréim le cumas cruthaithe don taighde agus don teagasc den scoth sa Cheimic Fhisiciúil, Ábhar agus/nó Ríomhaireachta.
Beidh an t-iarrthóir rathúil ina b(h)all iomlán den fhoireann acadúil sa Scoil agus den Disciplín Fisiciúil, Ríomhaireachta agus Ábhar. Oibreoidh siad le baill foirne acadúla eile, taighdeoirí, agus mic léinn i dtimpeallacht bhríomhar, chomhoibritheach agus idirnáisiúnta don taighde agus do ghníomhaíochtaí scolártha. Beidh siad in ann leas a bhaint as áiseanna den scoth atá ar fáil ón Scoil agus ón Ionad Taighde ar Nanastruchtúir agus Nanagléasanna Oiriúnaitheacha (CRANN), Institiúid Taighde Bithleighis na Tríonóide (TBSI) agus Taighde TF – an tIonad Ard-Ríomhaireachta.