‘Thugamair linn é is cé a bhainfeadh dínne é?’ – an samhradh tagtha

Ar fud na hÉireann, b’ionann teacht na Bealtaine agus teacht an tsamhraidh

‘Thugamair linn é is cé a bhainfeadh dínne é?’ – an samhradh tagtha

Thugamair féin, is thugamair féin,

Is thugamair féin an samhradh linn.

Thugamair linn é is cé a bhainfeadh dínne é?

Thugamair féin an samhradh linn.

B’ionann teacht na Bealtaine agus teacht an tsamhraidh. I mBeanntraí, Corcaigh, théadh duine amach chuig an choill roimh éirí na gréine ar an lá sin agus thugadh sé craobhacha cuilinn, coill, caorthainn agus fuinseoige isteach chuig an teach agus an véarsa sin á rá aige. Ar fud fad na tíre chuirtí fáilte roimh an tsamhradh ar bhealaí éagsúla, le bláthanna, craobhacha, crainn nó sceacha Bealtaine, le sonas a mhealladh agus le donas a chur ó dhoras. Bhíodh idir chrainn agus bhláthanna i gceist i dTír Chonaill agus seo cur síos ar an chrann ó cheantar Leitir Mhic an Bhaird: ‘Creideann na daoine gur chóir do gach duine “Crann Bealtaine” mar a deir siad a chur suas sa charn aoiligh agus siolastrach a cheangal thart air agus dá ndéanfadh siad seo ní thiocfaí drochamharc a dhéanamh ar a gcuid stoc.’

Sa cheantar chéanna, bhí cuimhne ag bean go dtéadh a hathair amach le crann a ghearradh gach aon Oíche Bhealtaine agus deireadh sé, ‘Tá mé ag dul amach in ainm Dé go bhfaighidh mé mo chrann Bealtaine’. Chrochadh sé sa charn aoiligh ansin é agus seo na focail a bhíodh aige:

Sáithim síos insan talamh é

In ainm Dé agus an Mhaighdean Mhuire

Tá dóchas láidir agam ionat a Mháthair Dé

Mar in iúl go mbeidh guí le mo Shlánaitheoir Íosa Críosta

Agus go mbeidh mo Shlánaitheoir Íosa Críosta

Ag guí leis an Athair Síoraí

Barr maith a chur as an talamh dúinn

Agus a shábháil ar aicídí na bliana.

I Leitir Mhic an Bhaird arís eile, deirtear go raibh leithleachas i ndiaidh teacht chun cinn i gcás an chrainn – dhéanadh daoine gach iarracht an crann ba mhó a bheith acu agus é a shá isteach sa charn aoiligh roimh gach duine eile sa dóigh go mbeadh an t‐ádh ar fad acu sa bhliain a bhí le teacht.  Tá tagairtí go leor don fheileastram a cheanglaítí den chrann, nó ‘sagans’ agus ‘seggans’ mar a thugtar air in Ultais. Tá méid áirithe den chráifeacht le brath sa phíosa seo ón Choimín, Gleann Fhinne: ‘Is gnách leis na daoine a dhul ag cruinniú bláthanna ar Lá Bealtaine Úr. Cruinníonn siad gach uile sheort bláth agus go háirithe cruinníonn siad ‘lus buí Bealtaine’. Caitheann siad cuid acu fá na dorsa, ar mhullach an tí agus insan ghairdín in onóir na Maighdine agus in éadan Chailleacha na bPisreog.

I nGarmna, Gaillimh, ba mhar a chéile é: ‘Caitheann bean an tí lus buí ar leic an dorais sul dá dtiocfadh bean na bpisreog agus pisreoga a chaitheamh ar mhuintir an tí’, agus ‘théadh bean an tí agus bhainfeadh sí bláthanna agus chaithfeadh sí san tairsigh ina teach féin agus i dtairsigh teach éicint eile iad freisin ag ceapadh go gcoinneodh siad na sióga amach uaithi féin agus uaidh na comharsanaibh’. Ar an Tulaigh, Cois Fharraige, bhítí faireach i dtaobh an stoic fosta agus ‘oíche Bhealtaine chuirtí ruainne caorthainn os cionn an dorais ar fhaitíos go dtiúrfadh na sióga na daoine nó na beithígh leo’.

Arís eile, bhain tábhacht ar leith leis an chrann caorthainn agus baineadh feidhm as leis na beithígh agus le trealamh an mhaistridh a chosaint. I nGarmna, Gaillimh, ‘baineann fear an tí duilleoga chrainn chaorthainn agus seolann sé na beithígh leis le go mbeadh siad go maith agus nach dtiocfadh aon tinneas orthu’.

Sliocht atá sa phíosa seo as ‘Ó Cheann Ceann na Bliana – Nósanna an Fhéilire in Éirinn’

Fág freagra ar '‘Thugamair linn é is cé a bhainfeadh dínne é?’ – an samhradh tagtha'