FILÍOCHT: Clapsholas i nGort na Móna le Caitríona Ní Chléirchín

Gníomhaíochtaí bunaithe ar fhilíocht na Sraithe Sóisearaí

FILÍOCHT: Clapsholas i nGort na Móna le Caitríona Ní Chléirchín

Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:

  • Clapsholas i nGort na Móna an teideal atá ar an dán seo. Úsáid logainm.ie le heolas a fháil faoin áit seo.
  • Céard iad na príomhlogainmneacha i do cheantar féin, cad as a dtáinig na hainmneacha sin? Arís is féidir logainm.ie a úsáid.

Gníomhaíocht 2 – Tarraing:

  • Tá clapsholas luaite sa teideal. Téigh chuig teanglann.ie agus faigh amach cad is brí le clapsholas.
  • Tarraing íomhá de chlapsholas i do cheantar agus úsáid dathanna difriúla leis an gclapsholas a chruthú. Déan cur síos ar d’íomhá don duine in aice leat.

Is féidir na híomhánna seo a úsáid mar inspioráid:

Gníomhaíocht 3 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 4 – Éisteacht

  • Éist leis an taifeadadh den dán.
  • Éist leis an gcéad chúig líne arís. Déan cúpla focal/frása a scríobh.
  • Téigh ag obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.

Gníomhaíocht 5 – Léitheoireacht:

  • Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
  • Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
  • Éist leis/léi ag aithris an dáin.
  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

Gníomhaíocht 6 – Deis Aithrise:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Céard é téama an dáin seo, meas tú?
  2. Cén atmaisféar atá le brath sa dán seo?
  3. Tá athrá san focail ‘achan’ agus ‘glas;’ cén fáth, meas tú?
  4. Cén ról atá ag an “lon dubh, “an féileacán” agus “na bláthanna fiáine” sa dán?
  5. Céard í an íomhá is fearr leat sa dán? Cén fáth?
  6. Cén chanúint atá le cloisteáil sa dán seo, tabhair samplaí don chanúint seo?
  7. Conas a mhothaíonn an file faoina háit dúchais? Conas a mhothaíonn tú féin faoi d’áit chónaithe?

Gníomhaíocht 8 – Nascanna Ábhartha Eile:

  • aiste anseo faoi shaol na tuaithe. Léigh é agus déa ncuid de na gníomhaíochtaí.
  • Tá an turasóireacht thar a bheith tábhachtach d’aon cheantar tuaithe. Tá alt anseo faoi na háiteanna is deise i gContae Dhún na nGall. Léigh é.
  • Seo nasc chuig ailt ar Tuairisc.ie faoi thránna sa Ghaeltacht. Léigh dhá cheann acu.
  • Tá cur síos anseo ar an tábhacht a bhaineann le bileog fógraíochta a chur le chéile.
  • Anois, cuir físghrafaic le chéile bunaithe ar do cheantar féin – céard iad na príomháiseanna sa cheantar a mheallfadh daoine chuig an gceantar? Tá teimpléid don dearadh le fáil anseo.

Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

Lig ort go raibh tú féin amuigh agus an ghrian ag dul faoi. Scríobh píosa cruthaitheach, samhlaíoch faoin am seo den lá. (Is féidir é seo a bheith i bhfoirm scéil nó dáin nó amhráin).

  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
  • Bain úsáid as www.abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé. Déan do chuntas a thaifead.
  • Léigh agus éist le saothair dhaoine eile sa rang.
  • Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.
  • Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Clapsholas i nGort na Móna le Caitríona Ní Chléirchín'

  • billy

    `lol