Tá an craoltóir aitheanta Gormfhlaith Ní Thuairisg ag fágáil Raidió na Gaeltachta tar éis breis is fiche bliain.
Tá láithreoir Adhmhaidin, príomhchlár cúrsaí reatha RnaG, le dul ag obair le hÚdarás na Gaeltachta mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide.
Cailliúint mhór do Raidió na Gaeltachta agus d’iriseoireacht na Gaeilge a bheidh in imeacht Ní Thuairisg atá áirithe ar dhuine de na craoltóirí is cumasaí agus is géarchúisí sa tír.
I 1999 a thosaigh an craoltóir as an Lochán Beag in Indreabhán ag obair le Raidió na Gaeltachta agus ag plé le cúrsaí reatha agus nuachta a bhí sí ó shin i leith. Tá sí ina láithreoir ar Adhmhaidin le deich mbliana anuas agus í ar dhuine de na pearsana is mó a shamhlaítear leis an tseirbhís. Sular thosaigh sí le Raidió na Gaeltachta thug sí tréimhse ag léamh na nuachta ar bhonn páirtaimseartha ar theilifís RTÉ agus thug sí seal chomh maith ag obair le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann.
De réir sonraí a poist nua mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Údarás na Gaeltachta beidh sí freagrach as polasaithe cumarsáide agus caidrimh phoiblí na heagraíochta agus as cur le “cáil” agus “íomhá” na heagraíochta go “náisiúnta agus idirnáisiúnta”.
Seosamh Ó Cuaig
Buille thar a bheith mór do Raidió na Gaeltachta. Go n-éirí an t-ádh léi i gcónaí.
Ciarán
Iriseoir agus láithreoir den scoth agus cailiúnt mór de RTÉ. Go n-éirì leat Gormflaith!
Seán Mag Leannáin
Cailliúint mhór do Raidió na Gaeltachta agus d’iriseoireacht na Gaeilge atá in imeacht Ní Thuairisg. Ise agus Máirín Ní Ghadhra cnámh droma an stáisiúin chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí reatha.
Mártan Ó Ciardha
Caillteanas damanta d’éisteoirí RnaG. Leas dá réir don Údarás. Rath, séan agus sonas ar Ghormfhlaith.
JP
Tuairisceoir géarintinneach, eolgaiseach, líofa, pearsantúil. Buíochas mór leat a dhuine chóir.
Dáithi Mac Lochlainn
Cailliúint mhór do RnaG cinnte, is breá lion éisteacht le Gormfhlaith ar maidin. Go n-éirí go geal léi san Údarás
An Teanga Bheo
Go dtéigh tú slán is ráth is séan ort Gormfhlaith le chuile ghuí.
Donncha Ó hÉallaithe
Bearna nach mbeidh éasca le líonadh! Buíochas tuillte aici as a dúthracht is a gairmiúlacht agus í bun a ceirde le RnaG le scór bliain anuas, mar iriseoir agus láithreoir den scoth.
Fachtna Ó Drisceoil
Aireoimid uainn go mór í.
Máirtín Ó Catháin
Craoltóir agus iriseoir cumasach go cinnte agus bean uasal a bhfuil daonnacht agus cineáltas ag baint léi i gcónaí. Go n- eirí leath in do phost nua, a Ghormfhlaith.
Máirtín Ó Catháin.
Íte Ní Chionnaith
Cailliúint mhór do RnaG agus d’iriseoireacht na Gaeilge
Geoffrey Foy
Fior glór Chonnemara ar lár.