Tá míshástacht léirithe ag daoine in earnáil an Ghaeloideachais faoi threoracha nua atá eisithe ag an Roinn Oideachais do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhfuil páistí ón Úcráin cláraithe leo.
Tá suas le 4,000 páiste ón Úcráin cláraithe i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna an stáit le roinnt seachtainí anuas tar éis dóibh teitheadh ó ionradh na Rúise ar a dtír.
Tá roinnt acusan anois tosaithe i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus cé go ndeir lucht an Ghaeloideachais go bhfuil fáilte mhór á cur roimh na daltaí nua, baineann deacrachtaí freisin le freastal orthu.
Sna treoracha a scaip an Roinn Oideachais ar scoileanna, aithnítear go bhfuil dúshlán breise i gceist do scoileanna Gaeilge freastal ar pháistí nach bhfuil aon Ghaeilge ná Béarla acu i gcásanna go leor.
Deir an Roinn go bhfuil ábhar curtha ar fáil san Úcráinis agus sa Rúisis do thuismitheoirí agus scoláirí as an Úcráin ina mínítear stádas na Gaeilge in Éirinn, stádas na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus an ról atá ag an teanga sa chóras oideachais.
Mar sin féin, níl aon tacaíocht bhreise curtha ar fáil ag an Roinn do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tá uaireanta tacaíochta teanga breise curtha ar fáil do scoileanna a ghlacann le páistí ón Úcráin chun scileanna teanga na ndaltaí nua a fhorbairt ach tá an líon ama céanna curtha ar fáil do scoileanna Béarla agus atá curtha ar fáil do scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge.
Tá comhairle curtha ag an Roinn freisin ar scoileanna Gaeltachta teagmháil a dhéanamh le hoifigigh pleanála teanga ina gceantair le cinntiú go gcuirtear fáilte roimh dhaoine ón Úcráin atá chun a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht.
Cé go bhféadfadh na huaireanta tacaíochta teanga breise sin a bheith ina chúnamh do na páistí ón Úcráin, fadhb eile a bhíonn ag scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge ná múinteoirí le Gaeilge a fháil.
Tá cúigear ón Úcráin cláraithe le Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna i gConamara agus deir príomhoide na scoile, Dara Ó Maoilchiaráin, nach bhféadfaí múinteoirí a fháil chun na huaireanta breise a mhúineadh.
“Cé is moite den deich n-uair breise ceadaithe, tá sé deacair múinteoirí a fháil chun an deich n-uair an chloig sin a dhéanamh. Sin ceann de na dúshláin mhóra atá ag an mbainistíocht faoi láthair,” a dúirt sé ar an gclár 7Lá ar TG4. “Tá na huaireanta ann ach cá bhfuil an múinteoir chun iad a theagasc nó a bheith leo?”
Dúirt Ó Maoilchiaráin go raibh sé deacair ar na scoláirí ón Úcráin freisin agus iad ag teacht isteach i scoil ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an teagaisc.
Sa treoir a d’eisigh an Roinn Oideachais chuig scoileanna lán-Ghaeilge, maítear go bhféadfadh an taithí atá ag na scoileanna sin páistí nach bhfuil taithí acu ar an nGaeilge a mhúineadh a bheith ina chabhair agus iad ag freastal ar mhuintir na hÚcráine.
“Beidh taithí fhairsing ag cuid mhór Gaelscoileanna maidir le scoláirí a chlárú arb í an teanga teagaisc teanga nua dóibh. Dá bhrí sin, beidh múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge tar éis forbairt a dhéanamh ar riar scileanna áirithe maidir le scoláirí a theagasc sa dara nó sa tríú teanga,” a deirtear.
Dúirt Dominic Ó Braonáin, príomhoide Gaelscoil Phort Laoise, le 7Lá go raibh neart taithí acu ag múineadh daltaí nach raibh an Béarla mar chéad teanga acu ach nach raibh tacaíochtaí breise á gcur ar fáil dóibh faoi láthair toisc nach raibh céatadán na ndaltaí sin sách ard.
Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa, nach raibh eolas beacht ann faoi líon na ndaltaí ón Úcráin a bhí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go fóill ach go raibh suirbhé ar bun chun teacht ar an eolas sin. Dúirt sí go mbeadh COGG in ann oibriú ar na héilimh a bheadh ag na scoileanna sin ar áiseanna agus ar acmhainní breise.
Tá 16 grúpa réigiúnda bunaithe ag an Roinn Oideachais chun tacú le scoileanna a bhfuil páistí as an Úcráin ag freastal orthu. Na boird oideachais agus oiliúna a bheidh i gceannas na ngrúpaí seo agus dúirt Tomás Mac Pháidín, Stiúrthóir Scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) go gcuirfí tacaíocht ar leith ar fáil do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.
Fág freagra ar 'Níos mó dúshlán roimh scoileanna Gaeilge atá ag freastal ar pháistí ón Úcráin, ach gan aon chabhair bhreise ar fáil dóibh'