Coláiste samhraidh Gaeilge amháin dúnta agus tuilleadh i mbaol de bharr easpa lóistín

Meastar go bhfuil breis is 1,000 leaba níos lú ar fáil do choláistí samhraidh Gaeilge i mbliana ná mar a bhíodh ar fáil go hiondúil

Coláiste samhraidh Gaeilge amháin dúnta agus tuilleadh i mbaol de bharr easpa lóistín

Tá deacrachtaí maidir le lóistín a sholáthar do scoláirí ag cruthú an-chuid deacrachtaí do na coláistí samhraidh Gaeilge ar fud na Gaeltachta.

Ní bheidh ar a laghad coláiste amháin in ann cúrsaí a reáchtáil an samhraidh seo de thoradh na faidhbe agus deir lucht na gcoláistí nach bhfuil ceann amháin féin acu ar fud na tíre nach bhfuil faoi bhrú i láthair na huaire.

Meastar go bhfuil breis is 1,000 leaba níos lú ar fáil do choláistí samhraidh Gaeilge i mbliana ná mar a bhíodh ar fáil go hiondúil.

Beidh scoláirí in ann filleadh ar na cúrsaí Gaeltachta an samhraidh seo den chéad uair ó 2019 agus na cúrsaí curtha ar ceal le dhá bhliain anuas de thoradh na paindéime Covid-19.

Tuigtear go bhfuil drogall ar roinnt de na mná agus fir tí a bhíodh ag cur lóistín ar fáil scoláirí a thabhairt isteach i mbliana agus imní ann go fóill faoi scaipeadh an víris. Deir CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh Gaeilge nach cúrsaí Covid amháin is cúis leis an bhfadhb, áfach.

Pé cúis nach bhfuil teaghlaigh sásta lóistín a chur ar fáil, fágann an ganntan go bhfuil earnáil na gcoláistí samhraidh go mór faoi bhrú agus roinnt coláistí beaga i mbaol.

“Bhí’s againn go mbeadh fadhb againn ach ní raibh a fhios againn go mbeadh sé chomh dona agus atá faoi láthair,” a dúirt Maria Nic Dhonncha, Feidhmeannach Forbartha le CONCOS, agus í ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“I láthair na huaire, tá níos mó scoláirí againn ná mar atá leapacha. Tá na coláistí ag gníomhú agus ag earcú ag iarraidh tithe nua a tharraingt isteach agus na huimhreacha a réiteach.”

Dúirt Nic Dhonncha gur measa atá cúrsaí i nDún na nGall ó thaobh easpa lóistín agus breis is 400 leaba níos lú ar fáil i mbliana le hais mar a bhíodh.

“Ó thuaidh i dTír Chonaill is measa faoi láthair. Tá muid ag caint ar 40 teach atá tite amach as an gcóras. I gcás coláiste amháin, chuaigh siad isteach ag cruinniú agus cheap siad go raibh 27 teach acu. Tháinig siad amach ón gcruinniú agus bhí 17 teach acu. Sin go leor, leor leapacha imithe amach as an gcóras agus sin díreach coláiste amháin. Ó thaobh figiúirí de i dTír Chonaill, tá muid síos 423 leaba agus 40 teach.”

Dúirt Maria Nic Dhonncha nach raibh an scéal chomh dona céanna i gConamara, áit a raibh roinnt tithe ar liosta feithimh maidir le lóistín a chur ar fáil ach, mar sin féin, tá ganntanas fós ann.

“Ar an gCeathrú Rua, mar shampla, tá an dá choláiste ansin síos 172 leaba, sin 15 teach. Tá an figiúr sin ollmhór do cheantar beag,” a dúirt sí.

“I gceantar Chamais, tá tú ag caint ar cheithre theach agus b’fhéidir 50 leaba. Ceantar beag é sin, coláiste bheag atá sa réimse sin agus beidh deacracht acu leis an laghdú sin.”

Dúirt Nic Dhonncha go mbeifí in ann dul ar aghaidh leis an gcoláiste samhraidh i gCorr na Móna an samhradh seo ach go raibh todhchaí an choláiste i mbaol agus é tugtha le fios ag go leor de na mná tí sa cheantar nach rabhadar chun lóistín a chur ar fáil ón bhliain seo chugainn ar aghaidh.

I gCorca Dhuibhne, meastar go bhfuil ocht dteach a bhíodh ag cur lóistín ar fáil nach bhfuil ag iarraidh scoláirí a thógáil i mbliana  agus beagnach 100 leaba imithe leo. 140 leaba atá i gceist i Maigh Eo agus beagnach ceithre scór leaba i nGaeltacht Phort Láirge.

Tá sé fógartha nach mbeidh Coláiste Pobail Chléire in ann glacadh le scoláirí i mbliana toisc a laghad leapacha atá ar fáil ar an oileán dóibh. 

Dúirt Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir Chomharchumann Chléire, leis an gclár An Saol ó Dheas go mbíodh suas le 200 scoláire ag freastal ar an dá choláiste ar an oileán sin ach nach mbeadh duine amháin féin ag teacht an samhradh seo.

Mhínigh sé go bhfuil an fhadhb seo ag dul in olcas le deich mbliana anuas “de réir mar a bhí teannadh ag teacht ar rialacháin maidir leis an méid [oibre] a bhí le déanamh ar thithe”. Dúirt Ó Méalóid go bhfuil gá leis an rialacháin chéanna ach gur bheartaigh daoine nárbh fhiú an trioblóid tabhairt faoin obair bhreise.

Dúirt Ó Méalóid go raibh súil ag an gcoláiste a bheidh oscailte arís an bhliain seo chugainn agus go rabhthas ag obair ar iarratas maidir le lóistín a bheadh ceangailte leis an gcoláiste a thógáil. Bheadh cúrsaí gnó agus cúrsaí farantóireachta ar Chléire thíos leis idir an dá linn fad agus a bheadh an coláiste dúnta, a dúirt sé.

Dúirt Maria Nic Dhonncha nach rabhthas ag iarraidh go ndúnfaí aon cheann de na coláistí samhraidh Gaeilge ar fud na tíre.

“Aon Ghaeltacht, beag ná mór, níl muid ag iarraidh na coláistí Gaeilge iontu a chailliúint. Is cailliúint ollmhór a bheidh ann do na ceantair sin má imíonn na coláistí. Caithfidh muid chuile iarracht a dhéanamh chun chuile coláiste a choinneáil oscailte.”

Dúirt sí go raibh na coláistí ag gníomhú chun tuilleadh lóistín a fháil ach d’impigh sí ar aon teaghlach a bheadh sásta scoláirí a thógáil teagmháil a dhéanamh leo.

“Má tá aon teach nó aon teaghlach a bhí ag smaoineamh ar [scoláirí] a thabhairt isteach, más é bhur dtoil é, déan teagmháil leis an gcoláiste áitiúil atá agat nó le Roinn na Gaeltachta.”

Fág freagra ar 'Coláiste samhraidh Gaeilge amháin dúnta agus tuilleadh i mbaol de bharr easpa lóistín'

  • Brendan Keane

    Is na mná tí bochta atá faoi tromualach lena rialacha (agus an dhaoirse leis). Ní fiú é a óstáil dóibh.