Breis is 40 cluiche CLG le craoladh ar TG4 idir seo agus mí Aibreáin

Beidh cúig chluiche le feiceáil ar an stáisiún Gaeilge ag an deireadh seachtaine ó chéad bhabhta na Sraithe Peile Allianz agus cluichí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na gClubanna

Breis is 40 cluiche CLG le craoladh ar TG4 idir seo agus mí Aibreáin

Beidh Ciarraí, Maigh Eo agus seaimpíní na hÉireann, Tír Eoghain, i measc na bhfoirne peile a bheidh le feiceáil ar TG4 an deireadh seachtaine seo agus tús á chur le sceideal CLG an earraigh ar an stáisiún.

Tá 35 cluiche ó Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz le taispeáint ar TG4 idir seo agus tús mhí Aibreáin chomh maith le cluichí i mbabhtaí ceannais chraobhacha na gclubanna, na gcomórtas tríú leibhéal agus na gcomórtas iarbhunscoileanna.

Cuirfear tús le Sraith Peile Allianz an deireadh seachtaine seo agus beidh trí chluiche ó Roinn 1 le feiceáil ar TG4 Dé Domhnaigh. Cuirfear tús leis an aicsean ag 1.45in leis an gcluiche idir Maigh Eo agus Dún na nGall agus craolfar an cluiche idir Tír Eoghain agus Muineachán ag 3.45pm. Beidh clúdach beo freisin ar an gcluiche idir Cill Dara agus Ciarraí ar Aip TG4.

Beidh an cur chuige céanna ann gach deireadh seachtaine agus dhá chluiche á dtaispeáint beo ar chainéal teilifíse TG4 agus ceann eile á shruthú beo ar Aip TG4. Taispeánfar an cluiche sin iarbheo ar an teilifís an tráthnóna céanna.

Cúig chluiche ar fad a bheidh le feiceáil ar TG4 an deireadh seachtaine seo. Dé Satharin craolfar na cluichí i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na gClubanna idir Cill Chua agus Naomh Fionnbarra (3.00in) agus idir Cill Mochuda Na Crócaigh agus Pádraig Mac Piarais (5.00in).

Nuair a chuirfear tús leis an tSraith Iomána Allianz an tseachtain dár gcionn, beidh cluiche idir Luimneach, curaidh na hÉireann, agus Loch Garman agus ceann idir Áth Cliath agus Port Láirge agus cluiche eile á taispeáint.

Breis is 40 cluiche CLG ar fad a chraolfar ar TG4 i rith an earraigh agus craolfar an clár buaicphointí, GAA 2022, gach Luan ag 8.00in.

109 cluiche CLG a chraol TG4 in 2021, bliain a bhí “dúshlánach” ó thaobh cúrsaí spóirt, a dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha.

“Tá stair fhada ag TG4 clúdach cuimsitheach CLG a chur ar fáil agus tá an-mhórtas orainn go bhfuilimid ábalta leanúint de sin a dhéanamh sa bhliain 2022, agus an tseirbhís phoiblí thar a bheith luachmhar seo a chur ar fáil do chách ar Oileán na hÉireann. Déanfaimid ár ndícheall an oiread de chluichí náisiúnta na tíre a chur ar fáil saor go haer dár lucht féachana agus éisteachta, bíodh sin ar TG4, ar Aip Seinnteoir TG4 nó ar chainéal Spóirt YouTube TG4.”

Fág freagra ar 'Breis is 40 cluiche CLG le craoladh ar TG4 idir seo agus mí Aibreáin'