Gan ‘dóthain eolais’ ag an Taoiseach chun tuairim a thabhairt faoi chás pleanála sa Ghaeltacht

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna nach raibh dóthain sonraí aige chun breithiúnas a thabhairt ar chás an tSeanadóra Lorraine Clifford-Lee a chuir in aghaidh eastát tithíochta nua i nGaeltacht Phort Láirge ar chúis teanga

Gan ‘dóthain eolais’ ag an Taoiseach chun tuairim a thabhairt faoi chás pleanála sa Ghaeltacht

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: Julien Behal/Rollingnews.ie

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna nach raibh dóthain eolais aige chun tuairim a thabhairt faoi aighneacht a rinne Seanadóir de chuid Fhianna Fáil in aghaidh forbairt tithíochta sa Ghaeltacht.

Ag labhairt dó le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag seoladh phlean tithíochta nua an Rialtais, dúirt an Taoiseach go raibh sé i gcoinne polaiteoirí a bheith ag cur in aghaidh forbairtí tithíochta “go ginearálta” mar go raibh géarchéim ann.

Dúirt sé, áfach, nach raibh dóthain sonraí aige chun breithiúnas a thabhairt ar chás an tSeanadóra Lorraine Clifford-Lee a chuir in aghaidh eastát tithíochta nua i nGaeltacht Phort Láirge ar an gcúis gur shíl sí go ndéanfadh an fhorbairt dochar mór don Ghaeilge.

Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien nach raibh dóthain eolais aige féin ach oiread chun tuairim a thabhairt faoin gcás ach gur thuig sé an tábhacht a bhain le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa chóras pleanála. Bhí sé ag obair i gcomhar le Conradh na Gaeilge ar an gceist sin, a dúirt Darragh O’Brien.

Chuir an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee fáilte le déanaí roimh chinneadh Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge gan cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt chonspóideach tithíochta i nGaeltacht na nDéise.

Chinn an Chomhairle diúltú d’iarratas ar chead pleanála chun 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne.

Bhí an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ina measc siúd a chuir aighneacht faoi bhráid na Comhairle ag cur i gcoinne na forbartha agus imní á léiriú aici faoin tionchar a bheadh ag an eastát tithíochta ar an nGaeilge sa cheantar.

 

Fág freagra ar 'Gan ‘dóthain eolais’ ag an Taoiseach chun tuairim a thabhairt faoi chás pleanála sa Ghaeltacht'

  • AN Teanga Bheo

    Tithe is teach do chuile dhuine cearta daonna ar dtús.