Fáilte curtha ag Seanadóir roimh chinneadh gan cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt chonspóideach sa Ghaeltacht

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee go raibh easpa tithíochta do mhuintir na háite sa sa Rinn nach raibh an fhorbairt a bhí beartaithe ‘oiriúnach’ agus go mbeadh ‘tionchar uafásach’ aici ar an nGaeilge

Fáilte curtha ag Seanadóir roimh chinneadh gan cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt chonspóideach sa Ghaeltacht

Tá fáilte curtha ag Seanadóir de chuid Fhianna Fail roimh chinneadh Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge gan cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt chonspóideach tithíochta i nGaeltacht na nDéise.

Chinn an Chomhairle diúltú d’iarratas ar chead pleanála chun 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne.

Bhí an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ina measc siúd a chuir aighneacht faoi bhráid na Comhairle ag cur i gcoinne na forbartha agus imní á léiriú aici faoin tionchar a bheadh ag an eastát tithíochta ar an nGaeilge sa cheantar.

Dúirt Clifford-Lee le Tuairisc.ie gur fháiltigh sí roimh chinneadh na Comhairle diúltú don iarratas.

Dúirt an Seanadóir go raibh easpa tithíochta do mhuintir na háite sa cheantar ach nach raibh an fhorbairt a bhí beartaithe “oiriúnach”, go raibh sí rómhór agus go mbeadh “tionchar uafásach” aici ar an nGaeilge sa cheantar.

Dúirt Clifford-Lee nach gcuireann sí in aghaidh forbairtí tithíochta riamh ach gur cás speisialta a bhí anseo mar gheall ar an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar chúrsaí teanga. Cé nach bhfuil sí ina cónaí sa cheantar, dúirt an Seanadóir ina haighneacht gur cuid de “diaspóra Ghaeltacht na nDéise” í féin mar gur fhág a muintir an ceantar sin  sna 1950idí.

“Is áit speisialta í An Rinn ó thaobh cúrsaí cultúrtha agus teanga. Is seod faoi leith í sa tír,” a dúirt Clifford-Lee.

“Tá an-chuid oibre déanta ag muintir na háite chun an Ghaeilge a chosaint san áit agus tá fás tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla ansin le blianta beaga anuas. Caithfear a bheith ríchúramach gan aon rud a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an bhfás sin.”

Bhí an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar an nGaeilge luaite go sonrach i gcinneadh na Comhairle diúltú don chead pleanála, chomh maith le fadhbanna a bhain le cúrsaí fuíolluisce agus cúrsaí tráchta.

Dúirt an Chomhairle go raibh sé mar pholasaí ag an údarás áitiúil “oidhreacht teangeolaíochta agus cultúr na Gaeltachta a chosaint agus a chaomhnú” agus gur measadh go raibh scála na forbartha a bhí beartaithe sa bhreis ar an méid atá ag teastáil chun freastal ar phobal na háite. Dúradh go mbeadh “éifeacht dhíobhálach” ag an bhforbairt ar theanga agus ar chultúr sa Ghaeltacht “leochaileach” seo.

Meastar go bhfuil an dream a rinne an t-iarratas pleanála, Shinebright Limited, chun achomharc a lorg.

Dúirt Clifford-Lee go dtuigeann sí an fhadhb atá ann ó thaobh cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus go bhfuil súil aici a dícheall a dhéanamh chun leigheas a fháil ar an scéal.

Dúirt sí go raibh polasaí ar leith do chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht beartaithe ag an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, agus go raibh súil aici cúrsaí a phlé leis chun “plean cuimsitheach” a chur le chéile.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Seanadóir roimh chinneadh gan cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt chonspóideach sa Ghaeltacht'

  • Siobhán

    Teastaíonn níos mó ná an Seanadóra seo labhairt amach ar son mhuintir na Gaeltachta & a gcearta teanga. Faraoir níl an mhisneach acu!

  • Colm Ó Cearúil

    Sár obair ar bun ag an bpolaiteoir chumasach seo.