Tá na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021 fógartha ar maidin.
Bronnfar gradaim i dtrí chatagóir déag ag ócáid fhíorúil ar an 27 Deireadh Fómhair le linn Oireachtas na Samhna.
Fógraíodh mí Bealtaine nach mbeifí ag dul ar aghaidh le hullmhúcháin don ghnáthfhéile Oireachtais i gCill Airne de dheasca na paindéime. Den chéad uair le breis is ceithre scór bliain cuireadh an fhéile ar ceal anuraidh mar gheall ar an bpaindéim.
Tá beirt de scríbhneoirí Tuairisc.ie ainmnithe i rannóg ‘Colúnaí na Bliana’, sin iad Máire Ní Fhinneadha agus Máirín Ní Ghadhra.
Ceathrar eile atá san iomaíocht don ghradam – Gráinne McElwain (Seachtain, Irish Independent), Éanna Ó Caollaí (The Irish Times), Gráinne Ní Ghilín (Andersonstown News) agus Ciarán Ó Pronntaigh (Meon Eile).
Sa rannóg ‘Iriseoir na Bliana’, tá áit ar an ngearrliosta faighte ag Eoin Ó Catháin (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Irene Ní Nualláin (Nuacht TG4), Peadar Mac Gaoithín (Nuacht TG4), Shane Ó Curraighín (Nuacht TG4 & 7Lá) agus Seán Ó Baoill (An Focal Scoir & Meon Eile).
Den dara huair bronnfar gradam freisin ar ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’. Craoltóirí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta iad an seisear atá san iomaíocht don ghradam i mbliana – Áine Ní Bhreisleáin, Dara Ó Cinnéide, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Muireann Nic Amhlaoibh, Tristan Rosenstock agus Michelle Nic Grianna.
Tá craoltóirí de chuid RnaG san áireamh freisin sa rannóg ‘Pearsa Raidió na Bliana’. Tá ainmniúcháin tugtha do Barbara Nic Dhonnacha (Q102), Carthach Bán Breathnach (Raidió na Life & RTÉ Raidió na Gaeltachta), Niamh Ní Chróinín (Raidió Rí-Rá, RTÉ Ráidio na Gaeltachta & Spin 1038), Colm Feiritéar (Highland Radio), Jo Ní Chéide (RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus Daithí Ó Muirí (BBC Raidió Uladh).
Maidir le ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’, tá ceathrar ban agus fear amháin san iomaíocht – Máire Bhreathnach (An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh), Sinéad Ní Uallacháin (Peig & Réalta agus Gaolta), John Toal (Croí Uladh), Marie Bheag Breathnach (Ros na Rún) agus Eimear Ní Chonaola (Nuacht TG4)
Tá an clár Samhlú le Meangadh Fíbín, a rinne ceiliúradh ar na healaíona aimsir an Covid-19 i measc na gclár a ainmníodh sa Rannóg ‘Clár Teilifíse na Bliana’. Tá ainmniúcháin faighte freisin ag Rian na gCos (Imagine Media), Uimhir 6 (New Departures Media), Croí na Ceiste le Caoimhe (Waddell Media), Martin McGuinness (LIGID Léiriúchán) agus Plean Bee (Dearcán Media).
Tá dhá ainmniúchán faighte ag an gcomhlacht léiriúcháin Aniar TV sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ a bhuíochas don obair a rinne siad ar Bailte agus Turas Clainne.
An Focal Scoir (Below the Radar TV), Saolta ‘s Gaolta (Triplevision Productions) agus Croí Uladh (Big Mountain Productions) na sraitheanna eile a fuair ainmniúcháin.
Sa rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’, fuair Blas ón Taobhlíne agus Blas ó BBC Gaeilge ainmniúcháin, mar a fuair cláir RnaG, Tús Áite agus Barrscéalta. Tá Fios Feasa ar Raidió na Life agus Sin Ráite ar Raidió Fáilte ainmnithe sa rannóg seo freisin.
Ó thaobh clár raidió, tá Splanc le Cuán Ó Flatharta (Newstalk), An Blas Beag (Q102) agus Pop Raidió (Spin1038 & Spin SouthWest) ainmnithe sa rannóg do ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála’.
Tá Rogha Bhríde (Flirt FM), Aon Scéal? (Phoenix FM), Ó Chonamara go Crimea (Raidió Pobail Chonamara), Gaeilge Bhriste (West Limerick 102FM) agus Beannachtaí an Lae (Raidió Phobal Chlár Chlainne Mhuiris) ainmnithe sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail’.
Cúigear a bheidh san iomaíocht sa rannóg ‘Réalta Óg na Bliana’ – Donncha Ó Murchú (TG4), Hugh Mac Giolla Chearra (BLOC TG4), Sinéad Ní Scolaí (Raidió RíRá & Raidió na Life), Máirtín Seoighe (NÓS, BLOC TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus Maud Keane (BLOC TG4 & Raidió Rí Rá)
Is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vóta poiblí Dé Céadaoin, 8 Meán Fómhair 2021.
“Rinne na meáin chumarsáide agus na ceannródaithe a thiomáin iad ag gach aon leibhéal cion thar na bearta le spiorad agus meanma an náisiúin a ardú le bliain anuas agus muid ag déileáil le dúshláin nua agus athruithe móra inár saol,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais. “Thug siad eolas agus sólás dúinn ag tráthanna éagsúla chomh maith le deis éalaithe ón saol nuair a bhí sé sin de dhíth orainn. Tréaslaím ó chroí le gach duine atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo”.
Colúnaí Na Bliana Gráinne McElwain Seachtain, Irish Independent Éanna Ó Caollaí The Irish Times Máire Ní Fhinneadha Tuairisc.ie Gráinne Ní Ghilín Andersonstown News Ciarán Ó Pronntaigh Meon Eile Máirín Ní Ghadhra Tuairisc.ie Sraith Raidió Na Bliana Blas Ón Taobhlíne BBC Gaeilge ar BBC Uladh Tús Áite RTÉ Raidió na Gaeltachta Sin Ráite Raidió Fáilte Blas BBC Gaeilge ar BBC Uladh Barrscéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta Fios Feasa Raidió na Life Iriseoir Na Bliana Eoin Ó Cathain RTÉ Raidió na Gaeltachta Irene Ní Nualláin Nuacht TG4 Peadar Mac Gaoithín Nuacht TG4 Shane Ó Curraighín 7 Lá ar TG4 & Nuacht TG4 Seán Ó Baoill An Focal Scoir & Meon Eile Clár Teilifíse Na Bliana Rian na gCos Imagine Media Samhlú Meangadh Fíbín Uimhir 6 New Departures Media Croí na Ceiste le Caoimhe Waddell Media Martin McGuinness LIGID Léiriúchán Plean Bee Dearcán Media Pearsa Raidió Na Bliana Barbara Nic Dhonnacha Q102 Carthach Bán Breathnach Raidió na Life & RTÉ Raidió na Gaeltachta Niamh Ní Chróinín Raidió Rí-Rá, RTÉ Raidió na Gaeltachta & Spin 1038 Colm Feiritéar Highland Radio Jo Ní Chéide RTÉ Ráidio na Gaeltachta Daithí Ó Muirí BBC Raidió Uladh Pearsa Teilifíse Na Bliana Máire Bhreathnach An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh Sinéad Ní Uallacháin Peig & Réalta ‘s Gaolta John Toal Croí Uladh Marie Bheag Breathnach Ros na Rún Eimear Ní Chonaola Nuacht TG4 Feachtas Meán Sóisialta Na Bliana #SeoÍanGhaeltacht Na hOifigigh Pleanála Teanga #SeasanFód An Dream Dearg #ConamaraLáir Pleanáil Teanga, Conamara Láir #GaeltachtX Conradh na Gaeilge Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Pobail Rogha Bhríde Flirt FM Aon Scéal? Phoenix FM Ó Chonamara go Crimea Raidió Pobail Chonamara Gaeilge Bhriste West Limerick 102FM Beannachtaí an Lae Raidió Phobal Chlár Chlainne Mhuiris Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Tráchtála Splanc le Cuán Ó Flatharta Newstalk An Blas Beag Q102 Pop Raidió Spin1038 & Spin SouthWest Sraith Teilifíse na bliana An Focal Scoir Below the Radar TV Bailte Aniar TV Saolta ’s Gaolta Triplevision Productions Croí Uladh Big Mountain Productions Turas Clainne Aniar TV Craoltóir Solabhartha na Bliana Áine Ní Bhreisleáin RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Raidió 1 Dara Ó Cinnéide RTÉ Raidió na Gaeltachta Gormfhlaith Ní Thuairisg RTÉ Raidió na Gaeltachta Muireann Nic Amhlaoibh RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4 Tristan Rosenstock RTÉ Raidió na Gaeltachta Michelle Nic Grianna RTÉ Raidió na Gaeltachta Réalta Óg Na Bliana Donncha Ó Murchú TG4 Hugh Mac Giolla Chearra BLOC TG4 Sinéad Ní Scolaí Raidió RíRá & Raidió na Life Máirtín Seoighe NÓS, BLOC TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta Maud Keane BLOC TG4 & Raidió Rí RáGearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021
Fág freagra ar 'Na hainmniúcháin fógartha do Ghradaim Chumarsáide 2021'