Sraith shlachtmhar dhrámatúil faoi dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier

Níl aon dabht ná gur ceardaí ar leith é Jim Sheridan a rinne an tsraith nua 'Murder at the Cottage'

Sraith shlachtmhar dhrámatúil faoi dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier

Tá dúil mhíchuibheasach ar na saolta seo sna coirscéalta fírinneacha agus Netflix go háirithe ag sluaisteáil chugainn ar a dhícheall. Ní hiontas mar sin go dtabharfaí faoi chuntas a thabhairt ar dhúnmharú brúidiúil Sophie Toscan du Plantier in iarthar Chorcaí i 1996. An rud a chuireann iontas orm ná an oiread saothar atá ag teacht os ár gcomhair faoin gcás. Tá an podchraoladh West Cork tar éis na milliúin a chur fé dhraíocht ó seoladh é in 2018. Cuireadh an podchraoladh ar fáil saor in aisce níos luaithe i mbliana agus deineadh clár nua a scaoileadh mí Bealtaine leis an scéal a thabhairt suas chun dáta. I rith an ama bhí dhá leabhar againn faoin dúnmharú, ceann ó Ralph Riegel agus ceann ó pheann Nick Foster. Anois tá na sraitheanna teilifíse chugainn. Thosaigh Sophie: A Murder in West Cork ag craoladh ar Netflix ar an gCéadaoin agus tá Murder at the Cottage ar Sky agus NowTv.

Sé Jim Sheridan a scrígh, a stiúir agus a chuireann an tsraith cúig chlár seo i láthair. Níl aon dabht ná gur ceardaí ar leith é Sheridan a bhfuil sé ainmniúchán Oscar gnóthaithe aige i gcaitheamh na mblianta. Is sraith shlachtmhar, chríochnúil, dhrámatúil atá againn anseo. Rud amháin a bhí ag dó na geirbe agam, ag an tosach ach go háirithe, ná go ndein Jim é féin a bhrú isteach sa scéal an iomad. É á rá go raibh suim aige sa chás le blianta, seatanna dó ag tabhairt turais ar uaigh Sophie agus míreanna míchuí, neamhábhartha, méaldrámata eile mar iad.

Tá an oiread sin castaíocha is uisce fé thalamh ag baint le dúnmharú Sophie gur fearr seasamh siar agus ligint do na rannpháirtithe caint agus do na sonraí teacht chun cinn. Ní thugann an tsraith aon ní nua chun cinn i ndáiríre, ach tá an oiread sin tarlaithe ón oíche chinniúnach úd i 1996 gur gá cúig chlár len é ar fad a thabhairt le chéile.

Cuirtear meitheal mhór daoine fé agallamh; Gardaí, iriseoirí, muintir Sophie, finnéithe agus an fear a bhfuil amhras fós faoi (agus atá ciontaithe sa Fhrainc), Ian Bailey. Tugtar cuntas cuimsitheach, críochnúil ar na gnéithe fóiréinseacha agus dlí den chás. Cíortar scéal Marie Farrell agus a ráitis siúd faoin duine a chonaic/nach bhfaca sí ag droichead an Chaoil Fhada. Tráchtadh ar abláil agus iompar míchuí na nGardaí, an taifeadadh gan chead ar ghlaonna gutháin san áireamh. Tugtar an scéal suas chuig an gcás cúirte sa bhFrainc mar ar ciontaíodh Bailey agus an cás dlí faoin eiseachadadh ina dhiaidh sin.

Tá an tigh sa Tuar Mór fós i seilbh mhac Sophie, Pierre Louis Baudey-Vignaud, agus i gcúpla radharc léanmhar labhraíonn sé faoin nasc a mhothaíonn sé lena mháthair. In ábhar cartlainne labhraíonn tuismitheoirí Sophie faoin mbriseadh croí a bhain leis an dúnmharú agus an frustrachas a bhaineann lena bhfeachtas ar thóir an chirt.

Slogann na míreanna le Ian Bailey cuid shuntasach den tsraith. Fear deisbhéalach, meabhrach, ait, feargach agus foréigneach a shantaíonn aird. Meabhraítear dúinn gur thug sé drochbhualadh dá pháirtí dílis Jules Thomas.

Tá sé ag seasamh an fhóid le breis agus fiche bliain agus an iliomad turas tugtha aige ar an gcúirt. Tá sé imithe in aois, luite leis an ól agus in ísle brí faoi dheireadh an aistir. Sa scríbhneoireacht ar scáileán ag deireadh na sraithe tugtar le fios go bhfuil sé féin agus Jules scartha. Faoi dheireadh an aistir ní fios do Jim ná don lucht féachana fós cé acu an bhfuil Bailey ciontach nó neamhchiontach.

Fág freagra ar 'Sraith shlachtmhar dhrámatúil faoi dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier'