Tá an Roinn Oideachais ag iarraidh go mbeadh daltaí scoileanna na gceantar Gaeltachta éagsúil ag tabhairt cuairteanna ar a chéile ionas go gcuirfidís eolas ar chanúintí na Gaeilge.
Sin cuid de threoir nua atá tugtha ag an Roinn Oideachais do scoileanna Gaeltachta faoi conas is fearr a d’fhéadfadh siad obair as lámha a chéile le lucht pleanála teanga, naíonraí agus an pobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Faoin treoir nua, dhéanfadh príomhoidí agus oifigigh pleanála teanga plean Gaeilge a ullmhú do scoileanna Gaeltachta ag tús na scoilbhliana feasta.
I measc na mbeartas a mholtar a chur sna pleananna Gaeilge tá scéim “malairte cuairteanna” agus “scéim cairde pinn” do dhaltaí sna ceantair Ghaeltachta éagsúla “d’fhonn feasacht a chothú ar chanúintí éagsúla”.
Pleananna Gaeilge do scoileanna Gaeltachta le haontú ag príomhoidí agus oifigigh pleanála teanga
An Roinn Oideachais i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus Údarás na Gaeltachta a d’fhorbair an Treoir do Scoileanna Gaeltachta: Comhpháirtíocht leis an bpobal chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Fuarthas comhairle ó COGG agus na heagraíochtaí Gaeilge atá ar an gCoiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta.
Tá comhairle sa treoir eile a foilsíodh inniu faoi conas is fearr a d’fhéadfadh na scoileanna agus na naíonraí Gaeltachta obair as lámha a chéile ar mhaithe leis an nGaeilge.
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a choimisiúnaigh an dara treoir ar son na Roinne Oideachais –Naisc a threisiú idir Bunscoileanna agus Suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim.
Caidéiseach
Creidim go dtuigim an plean anois, a chairde, ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm.
Má thuigim i gceart é, ba chóir go ndéanfadh daltaí na Gaeltachta :
1) obair bhreise chun eolas a chur ar chanúintí na gceantar Gaeltachta eile;
2) obair bhreise chun eolas a fháilt ar a gcanúint fhéinig, toisc nach dtarlaíonn sé sin go nádúrtha sa lá atá inniubh ann i gceantair Ghaeltachta áirithe;
3) scrúduithe níos deacra i gcomhair na hArdteiste, toisc iad a bheith ina gcainteoirí dúchais;
4) an “ghnáthobair” chun eolas a fháilt ar Ghaolainn an Chaighdeáin, ach amháin nach gnáthobair atá i gceist más cainteoir dúchais thu, toisc go mbíonn ort, amanta, na codanna is nádúrtha ded chanúint fhéinig a sheachaint toisc nach nglactar leo sa Chaighdeán san.
ACH, d’ainneoin na hoibre breise ar fad, níor chóir go mbeadh na daltaí bochta san in ann pointí breise a fháilt toisc nach mbeadh sé sin féaráilte dóibh siúd nach daltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeltachta iad.
An bhfuil sé agam?
Pól
Tá, faraor…
Eimear
Caidéiseach, tá sé agat a chara! Cur i gcéill = Quangos na Gaeilge = Córas Stáit = Fís Chromaill!
Tá sí curtha acu i gCré na Cille…