Pleananna Gaeilge do scoileanna Gaeltachta le haontú ag príomhoidí agus oifigigh pleanála teanga

Tá treoracha nua tugtha ag an Roinn Oideachais do scoileanna Gaeltachta faoi conas is fearr obair as lámha a chéile ar son na Gaeilge le lucht pleanála teanga agus naíonraí

Pleananna Gaeilge do scoileanna Gaeltachta le haontú ag príomhoidí agus oifigigh pleanála teanga

Déanfaidh príomhoidí agus oifigigh pleanála teanga plean Gaeilge a ullmhú do scoileanna Gaeltachta ag tús na scoilbhliana feasta.

Sin cuid de threoir nua atá tugtha ag an Roinn Oideachais do scoileanna Gaeltachta faoi conas is fearr a d’fhéadfadh siad obair as lámha a chéile le lucht pleanála teanga, naíonraí agus an pobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Déanfaidh an scoil an plean Gaeilge a roinnt le tuismitheoirí agus leis an bpobal chun iad a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe mar chuid de. Boird bhainistíochta na scoileanna a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm na bpleananna Gaeilge agus as súil a choimeád ar an dul chun cinn a dhéanfar ina leith.

Moltar go mbeadh eolas sna pleananna faoi na deiseanna atá ar fáil Gaeilge a labhairt taobh amuigh de ghnáthuaireanta scoile.

Moltar chomh maith go bhforbrófaí pacáiste tacaíochta do dhaltaí a thagann chun cónaí sa Ghaeltacht ar bheagán Gaeilge.

Ar na rudaí eile a mholtar a ndéanfaí mar chuid den phlean tá féilte áitiúla Gaeilge agus cuairteanna ar cheantar Gaeltachta eile.

Chuir an tAire Oideachais fáilte roimh fhoilsiú na dtreoracha nua inniu.

Dúirt an tAire Foley go raibh na scoileanna Gaeltachta lárnach sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus go raibh “comhairle phraiticiúil” ar fáil inti do cheannairí scoileanna Gaeltachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

“Tugann an treoir soiléireacht ar róil na n-oifigeach pleanála teanga agus an bhoird bhainistíochta i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge. Táim an-sásta go dtugtar comhairle agus samplaí praiticiúla den chomhpháirtíocht a d’fhéadfadh an scoil a chothú leis an bpobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go dtreiseodh na treoracha an ceangal idir an polasaí oideachais don Ghaeltacht agus an próiseas pleanála teanga.

An Roinn Oideachais i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus Údarás na Gaeltachta a d’fhorbair an Treoir do Scoileanna Gaeltachta: Comhpháirtíocht leis an bpobal chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Fuarthas comhairle ó COGG agus na heagraíochtaí Gaeilge atá ar an gCoiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta.

Tá comhairle sa treoir eile a foilsíodh inniu faoi conas is fearr a d’fhéadfadh na scoileanna agus na naíonraí Gaeltachta obair as lámha a chéile ar mhaithe leis an nGaeilge.

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a choimisiúnaigh an dara treoir ar son na Roinne Oideachais –Naisc a threisiú idir Bunscoileanna agus Suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim.

Dúirt an tAire Oideachais go ndíreodh an treoir seo aird ar an ngá le comhoibriú idir na scoileanna, na naíonraí agus tuismitheoirí “chun úsáid na Gaeilge a chothú i measc páistí sa seomra ranga agus lasmuigh de”.

Deirtear gur chóir do bhunscoileanna agus naíonraí roinnt rudaí a dhéanamh chun “nasc a bhunú” eatarthu.

Déanfar plean a leagan amach chun an comhoibriú a neartú ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn. I measc na moltaí atá sa treoir tá cuairteanna idir an bhunscoil agus na naíonraí.

Deirtear go bhféadfaí daltaí “a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu a ghrúpáil le chéile ó am go ham”.

Fág freagra ar 'Pleananna Gaeilge do scoileanna Gaeltachta le haontú ag príomhoidí agus oifigigh pleanála teanga'