Comhairleoirí aontachtacha in éadan comharthaí dátheangacha Béarla-Ultaise

Tá comharthaí Béarla-Ultaise le cur suas ag Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí mar gur chaith comhairleoirí Shinn Féin agus an SDLP vótaí ar a son

Comhairleoirí aontachtacha in éadan comharthaí dátheangacha Béarla-Ultaise

Vótáil comhairleoirí Aontachtacha in éadan comharthaí dátheangacha Béarla-Ultaise a chur in airde ar dhá bhóthar i dTír Eoghan. Tá siad le cur suas mar gur chaith comhairleoirí Shinn Féin agus an SDLP vótaí ar a son.

Tharla an vóta ag Coiste Seirbhísí Comhshaoil Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí.

Thug an Comhairleoir Adam Gannon ón SDLP tacaíocht don dá iarratas ar chomharthaí Ultaise. “Ba cheart fáilte a chur rompu. Is maith an rud é an éagsúlacht a fheiceáil,” ar seisean.

Dúirt Aontachtaigh a labhair ag an gcruinniú nach raibh siad i gcoinne na hUltaise. Bhí siad míshásta le polasaí na Comhairle maidir le comharthaí dátheangacha.

Shocraigh an Chomhairle glacadh leis an pholasaí ceithre bliana ó shin. Má éilíonn 15% d’áitritheoirí go mbeadh comharthaí dátheangacha ann, tá ar an Chomhairle dul i gcomhairle le háitritheoirí ar an tsráid nó bóthar.

Dúirt an Comhairleoir John McLaughry, UUP, go raibh a pháirtí in aghaidh an pholasaí.

“Ní aontaíonn muid leis an pholasaí go mbeadh 15% ann, is cuma cén teanga atá i gceist.” Thug comhairleoirí an DUP tacaíocht dó.

Mhínigh foinse san UUP seasamh s’acu faoi chomharthaí dátheangacha, Gaeilge agus Béarla.

“Feictear dúinn gur ag marcáil amach fearann atá a leithéidí de chomharthaí,” ar seisean. “Ach dar linn gur sin rud nach dtig linn a rá ós ard. De ghnáth, bíonn dhá argóint ag Aontachtaigh. Deir an DUP go dtagann na comharthaí salach ar an chomhionannas. Deir an UUP nach maith linn an iomarca caiteachais ar chomharthaí in am mar a bhfuil géarchéim gheilleagair ann.”

Ní fios cén uair a bheidh na comharthaí ag dul suas. Dúirt John Boyle, Stiúrthóir Seirbhísí leis an Chomhairle, go gcaithfear teacht ar leaganacha Ultaise.

“Is minic an t-aistriúchán Gaeilge agus an t-aistriúchán Ultaise iontach cosúil lena chéile, agus táimid ag fanacht ar cad a déarfadh na saineolaithe,” arsa Boyle. “Tá súil againn na haistriúcháin a bheith againn an mhí seo chugainn.”

Tá seans, a deir sé, go mbeidh comharthaí trítheangacha ann amach anseo. Dúirt Boyle go raibh “féidearthacht sa pholasaí a cheadaigh sin”.

Is de bhunadh an cheantair mar a bhfuil na comharthaí le cur in airde é Ciaran McClean. Dar leis gur cur amú ama a bhí sa vóta. “Tá tuairisc i ndiaidh a bheith foilsithe a deir go bhfuil baictéar frithsheasmhach in aghaidh antaibheathaigh anois ag fás i Loch nEathach,” arsa McClean. “Is as an loch a thagann 40% d’iomlán uisce ólacháin an Tuaiscirt. Sin an rud a ba cheart a phlé.”

Fág freagra ar 'Comhairleoirí aontachtacha in éadan comharthaí dátheangacha Béarla-Ultaise'