Paisley ag bagairt ceist na Gaeilge a úsáid le cur i gcoinne dlíthe ginmhillte

Deir Ian Paisley nach mbeadh ‘aon chion in aghaidh an chaim’ ann faoi cheisteanna mar an t-acht Gaeilge dá mbainfí an dlí faoi nginmhilleadh den chlár oibre

Paisley ag bagairt ceist na Gaeilge a úsáid le cur i gcoinne dlíthe ginmhillte

Tá sé á mhaíomh ag Ian Paisley, feisire de chuid an DUP, go bhféadfadh a pháirtí ceist na Gaeilge a úsáid chun iarracht a dhéanamh stop a chur le feidhmiú dlíthe ar son an ghinmhillte sa tuaisceart. 

Dúirt Paisley go raibh “cluiche contúirteach” á imirt ag rialtas na Breataine agus cumhachtaí nua á dtabhairt isteach acu chun iallach a chur ar Stormont dlíthe ginmhillte a chur i bhfeidhm. 

Dúirt an feisire nach aon “dea-atmaisféar” a chruthaíonn sé seo chun dul chun cinn a dhéanamh ar cheisteanna conspóideacha amhail “achtanna teanga agus cúrsaí a bhaineann lenár gcultúr agus ár bhféiniúlacht”.

“Má roghnaíonn an rialtas míreanna faoi leith den chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua, agus iad a bhrú dár mbuíochas ar Thuaisceart Éireann, ní dea-thuar é dúinne a bhfuil tionchar againn ar na chéad chúrsaí eile a ndíreoidh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann orthu, agus ní chothaíonn sé an dea-atmaisféar ina bhféadfaí ábhar chomh conspóideach le hachtanna teanga a chruthú agus cúrsaí eile a bhaineann lenár gcultúr agus lenár bhféiniúlacht a phlé,” a dúirt Paisley. 

Mhaígh Paisley nach mbeadh “aon chion in aghaidh an chaim” ann faoi cheisteanna mar an t-acht Gaeilge dá mbainfí an dlí faoi nginmhilleadh den chlár oibre. 

Thug Brandon Lewis, Státrúnaí Thuaisceart Éireann cumhachtaí nua isteach inné chun dlíthe ginmhillte a chur i bhfeidhm. 

Díchoiríodh an ginmhilleadh sa Tuaisceart in 2019 ach níor cuireadh an tseirbhís chuí ar fáil go fóill.

“Thapaíomar gach deis agus gach slí chun dul chun cinn a dhéanamh,” a dúirt Brandon Lewis. 

Dúirt sé go raibh “díomá” ar an rialtas toisc “nach raibh seirbhísí ginmhillte ar fáil go fóill”.

Dúirt sé nár thug socrú na déabhlóide aon leithscéal don rialtas lena fhreagracht a shéanadh i leith cearta ban agus cailíní a chosaint. 

Tá teachtaireachtaí contrártha ag teacht ón DUP le cúpla lá faoin reachtaíocht ar son na Gaeilge. 

Mhaígh foinse shinsearach sa bpáirtí go raibh rún ag an bpáirtí an reachtaíocht teanga a bhlocáil mura bhfaighfí réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta. Shéan an tAire Oideachais Peter Weir go raibh a leithéid i gceist ag an bpáirtí. 

Fág freagra ar 'Paisley ag bagairt ceist na Gaeilge a úsáid le cur i gcoinne dlíthe ginmhillte'