An chaoi ar shlánaigh buachaill scoile as Angóla mo dhúil sa litríocht

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Níl leigheas aimsithe fós i gcoinne thionchar fisiciúil Covid-19, ach tá leigheas ar an tionchar síceolaíoch a fhágann galair mar seo ar an othar ar fáil le fada an lá

An chaoi ar shlánaigh buachaill scoile as Angóla mo dhúil sa litríocht

Nuair a bhí mé buailte ag Covid-19 níos túisce an mhí seo* bhí lá nó dhó ann gur chaill mé an spéis sa litríocht, agus i mo chás-sa is ionann sin is a rá gur chaill mé an spéis sa saol.

Agus mé i mo luí ar an tolg, gan an neart ionam éirí agus gan fonn orm ithe toisc nach raibh mé in ann blas ná boladh a fháil, bhreathnaínn ar an seastán leabhar ó am go chéile agus thagadh a thuilleadh lagmhisnigh orm.

Na scéalta sin ar fad nár tharla riamh ach in aigne daoine nach raibh obair níos fiúntaí le déanamh acu (vacsaín i gcoinne an choróinvíris a aimsiú, mar shampla), cén tairbhe a bhí leo ag deireadh an lae? Cén fáth go mbacfadh daoine lena léamh? Bhí sé ag dul ó mheabhair orm gur scríobh mé féin ceithre leabhar ficsin agus chuir an smaoineamh go scríobhfainn oiread agus ceann eile riamh arís masmas orm.

Is aisteach an tionchar a bhíonn ag an Covid-19 ar an meabhairshláinte. Ní hamháin gur fhág an galar gan bhrí gan anam mé ach ní raibh mé in ann m’aird a choimeád ar rud ar bith. Ag dul timpeall i bhfáinne fí a bhí mo chuid smaointe: mura mbeidh fonn orm leabhar ficsin a scríobh riamh arís, nó mura mbeidh ar mo chumas sin a dhéanamh toisc go bhfuil smidiríní déanta de mo mheabhair ag an diabhal galar seo, cén bhrí a bheidh le mo shaol feasta?

‘Éirigh, a Alex,’ a dúirt glór éigin ar chúl mo chinn. ‘Ní hé seo tusa.’

D’éirigh, agus rinne mé mo bhealach anonn chuig seastán na leabhar. Bhain mé amach leabhar tanaí nach raibh léite agam go fóill, úrscéal gairid leis an scríbhneoir as Angóla, Ondjaki dar teideal Bom dia camaradas (‘Maidin mhaith a chomrádaithe’).

Úrscéilín dírbheathaisnéiseach atá ann faoin óige, nó i bhfocail Ondjaki, ‘an fadó fadó a fhilleann arís is arís eile’. Óige i gcathair Luanda, sa chás seo, le linn laethanta deireanacha an réimis chumannaigh a bhíodh i gceannas in Angóla. Saighdiúirí Sóivéadacha ag déanamh bolg-le-gréin ar an trá, soiscéal na réabhlóide á thabhairt ag múinteoirí Cúbacha le linn rang matamaitice, an cineál sin ruda. Gan dearmad a dhéanamh, ar ndóigh, ar an gcogadh cathartha fíochmhar idir an MPLA agus an UNITA.

Ach déanann fearín inste an scéil, buachaill sna déaga luatha, cur síos chomh cineálta sin ar a shaol féin agus ar shaol a chomrádaithe scoile go mbeifeá in éad leo – agus ar an bpointe boise, thuig mé arís an chumhacht dhraíochtúil atá ag an bhficsean liteartha: rinne focail a scríobh duine éigin nach raibh aithne dá laghad agam air agus a rugadh ar an taobh eile den domhan a bhealach isteach i m’aigne mar a bheadh vacsaín ann, agus chuir siad an ruaig ar na smaointe a bhí ag dul timpeall i bhfáinne fí ansin.

Chríochnaigh mé leabhar Ondjaki in achar cúpla uair an chloig, ach beidh mé buíoch as go brách. Faraor géar níl leigheas aimsithe fós i gcoinne thionchar fisiciúil Covid-19, ach tá leigheas ar an tionchar síceolaíoch a fhágann galair mar seo ar an othar ar fáil le fada an lá.

An litríocht.

* Bhí na siomptóim ar fad orm ach ní bhfuair mé tástáil

Fág freagra ar 'An chaoi ar shlánaigh buachaill scoile as Angóla mo dhúil sa litríocht'

  • Ruth

    An-deas! Níl leigheas níos fearr ar fhearg, grá, brón, ar dhéileáil leis na mothúcháin uile ná an litríocht! Tharraing sí as an iomaí smuilc mé.

  • alan titley

    Mo thrua an galar gránna a bheith ort. Go dtaga tú slán. Agus is iontach go bhfuil leabhair mar sin á scríobh…!

  • Ciarán

    Is deas go bhfuil tú ar ais i mbun Léamh agus Scríobh, a Alex!