Iarratas pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin déanta ag Údarás na Gaeltachta

Meastar go bhfuil os cionn €600,000 caite ag Údarás na Gaeltachta ar an obair chomhairliúcháin agus saineolais atá ag baint leis an iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara, ceann de na tograí is uaillmhianaí ag an eagraíocht le fada an lá

Iarratas pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin déanta ag Údarás na Gaeltachta

Dheimhnigh Údarás na Gaeltachta go bhfuil an t-iarratas pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin á chur faoi bhráid na Rannóige Pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe tráthnóna inniu.

Meastar go bhfuil os cionn €600,000 caite ag Údarás na Gaeltachta ar an obair chomhairliúcháin agus saineolais atá ag baint leis an iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara, ceann de na tograí is uaillmhianaí ag an eagraíocht le fada an lá.

Maítear go bhféadfadh an pháirc thionscail mhara atá i gceist beochan agus croí a chur i gceantar Chill Chiaráin agus Charna – Iorras Aithneach – agus go mbeadh a buntáiste le feiceáil ar fud Ghaeltacht iarthar Chonamara.

Ach meastar go bhfuil sé chomh dóigh ná a mhalairt go dtabharfar an cheist chomh fada leis an mBord Pleanála sa deireadh, nó níos faide ná sin.

Is é an feachtas in aghaidh na feilméarachta bradán, go háirithe, a d’fhéadfadh achomhairc a spreagadh.

Dúirt Mark de Faoite, Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta, Maoine agus Innealtóireachta Údarás na Gaeltachta: “Léiríonn an t-iarratas pleanála atá á chur isteach tráthnóna inniu an obair shuntasach dhúshlánach a rinneadh le dhá bhliain anuas leagan amach na páirce agus an t-infreastruchtúr ábhartha a bheidh ag teastáil chun páirc nuálaíochta mara den scoth a thógáil.

“Táimid sásta an plean a bheith curtha faoi bhráid na Comhairle Contae againn anois.”

‘Páirc Nuálaíochta Muirí íseal-charbóin ar chaighdeán domhanda’ atá beartaithe ag an Údarás don suíomh 9.01ha atá 45 míle siar ó chathair na Gaillimhe. 

Deir Údarás na Gaeltachta go bhféadfadh Páirc na Mara a bheith “mar thogra eiseamláireach ar chaighdeán den scoth ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta”.

Maítear go gcruthódh an Pháirc nua 200 post go díreach agus 400 post go hindíreach.

 

Tá spéis léirithe cheana ag 25 comhlacht nó duine a ngnó a lonnú ar Pháirc na Mara, de réir an Údaráis.

Fág freagra ar 'Iarratas pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin déanta ag Údarás na Gaeltachta'