Chuala tú, gan amhras, an scéal faoin Caravaggio clúiteach sin atá sa Dánlann Náisiúnta, Críost Á Ghabháil? Tháinig saineolaí ar an phictiúr de thaisme agus é i lochta tí de chuid Ord na nÍosánach i mBaile Átha Cliath. Bhí dearmad déanta ag an ord agus ag gach aon duine eile de. Sin anois é ar taispeáint sa dánlann agus luach thar luach air. Seoid a tháinig slán ón stair.
Is é an scéal céanna é ag Eachtraí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh (Arlen House) le Séamus Mac a’ Bháird (1871 – 1951), scríbhneoir Conallach agus fear a tháinig ar an tsaol istigh i dToraigh. Tháinig a mhuintir féin ar lámhscríbhinn an leabhair seo de thaisme blianta móra fada i ndiaidh dó thabhairt faoi agus i ndiaidh dó bás a fháil. ‘Solamar breá ón tseanaimsir,’ a thugann na heagarthóirí air agus is acu atá an ceart.
(Is cinnte nach mbeidh an luach céanna airgid ar shaothar Mhic a’ Bháird agus atá ar Caravaggio ach nach iontach go bhfuil téacs cruthaitheach dúchasach ó oileán iargúlta in aice le hoileán iargúlta I ndiaidh teacht slán ar chor ar bith? Míorúilt na healaíne.)
Bhain Mac a’ Bháird leis an chéad ghlúin de scríbhneoirí na hAthbheochana agus de scríbhneoirí na Gaeltachta. Bhí a cháil ag brath ar Troid Bhaile an Droichid (1907) go dtí seo, leabhar beag taitneamhach a thug léargas ar ghné amháin de shaol na Gaeltachta fadó fadó. Thairis sin, is beag iomrá a bhí air nó an bheirt mhóra sin de mhuintir Mhic Grianna – Séamus agus Seosamh – a tharraing aird phobal na léitheoireachta orthu féin de réir a chéile agus ligeadh Mac a’ Bháird, agus mórán eile scríbhneoirí as an chontae, i ndearmad.
Is maith, mar sin, go bhfuil an dara leabhar seo de chuid Mhic a’ Bháird i gcló; scéal scáfar sultmhar atá ann, scéal ina leanann an léitheoir Paidí Pheadair as Toraigh ar a aistear farraige fud fad na cruinne. (Tá leid i dteideal an leabhair faoi ábhar an scéil, nach bhfuil?)
Scéal é a insíonn Paidí Pheadair é féin, seanchas beagnach, agus cúpla comrádaí dá chuid ina chuideachta. Ní heol do na heagarthóirí go díreach cá huair a scríobh Mac a’ Bháird an téacs ach chuirfeadh sleachta as meon nó cur chuige Uí Chonaire i gcuimhne duit, abair. Tugtar ar Phaidí Pheadair a anam a dhéanamh agus is aige atá an béal binn; é ag caint ar eachtraí iontacha in áiteacha i bhfad i gcéin agus é ag taisteal na cruinne mar mhairnéalach: go Haváí; chun na hIndia; an tSeapáin; Síocaga agus, ar ndóigh, Oileán Thoraí, mar bhaile aige: ‘Nuair a tháinig mise ar an tsaol (is truagh a tháinig riamh, ach chan ar mo mhian a bhí) cé bith mar atá Toraigh anois (agus is furast a mholadh) bhí sé seacht n-uaire is trí fichid níos boichte agus níos leatromaí an t-am sin.’
Níl ‘plota’ ann mar a thuigfeadh muidinne an coincheap sin sa lá atá inniu ann ach imeachtaí agus iad ceangailte le chéile i gcaint an reacaire. Bheadh cathú ort ‘soineanta’ a thabhairt ar an scéal ach nach bhfuil sé chomh soineanta sin. Tá drugaí ann, foréigean, striapacha, fuadach linbh agus fir nach bhfuil iontaofa ná uasal.
Sea, tá an saol ann agus ní raibh eagla ar Mhac a’ Bháird aghaidh a thabhairt ar an tsaol ghránna sin: ‘… bhuail mé suas le droch-chuideachta ann, agus thug siad aithne dom ar stuff damanta a dtugann siad opeem (opium) air … D’imigh buaireamh an tsaoil – d’imigh gach pian agus piolóid, gach anró is anó as mo chroí, as m’intinn agus as mo chliabhlach. Líonadh suas mo chroí is mo chorp den uile sheort pléisiúra, sóigh is aignidh.’
Dá léifeá sin ar maidin in úrscéal de chuid údair chomhaimseartha, nach ndéarfá leat féin gur sin scríbhneoir a raibh fios a ghnóithe aige?
Nó cad é faoi seo mar chur síos ar an dochar a dhéanann obair mhaslach do cholainn an oibrí: ‘Shearg agus mheath mo chorp gur éirigh mé ‘mo scáile. Bhí mé chomh caol, tana le slait saileoige. Thífeá an tsileog fríd an phluic agam. Dá bhfanóinn seachtain eile ann bheinn faoin fhóid ghlais.’
(Sin agat bolgam deas de chuid chanúint an oileáin.)
Tá muid faoi chomaoin ag an triúr a chuir an leabhar in eagar: Aingeal Nic a’ Bháird; Caoimhín Mac a’ Bháird agus Nollaig Mac Congáil. Tá obair mhór déanta acu agus obair luachmhar. Le cois an scéil féin, tá réamhrá ann a thugann eolas don léitheoir ar bheatha Mhic a’ Bháird agus tá a úrscéilín eile, Troid Bhaile an Droichid agus ábhar eile liteartha le fáil.
Is fiú a lua fosta go bhfuil obair mhór déanta ag Arlen House (arís!) agus iad ag cur ábhair ar fáil do lucht na Gaeilge. Tá an leabhar féin go hálainn agus dhá phictiúr dheasa ar chlúdach tosaigh agus cúil an tsaothair le Tamara Hunt-Joshi agus R.L. Rodgers, ealaíontóir de bhunadh Thoraí.
Tá siad uilig i ndiaidh dánlann bheag dá chuid féin a thógáil do Shéamus Mac a’ Bháird.
Fág freagra ar 'Eachtraí iontacha Phaidí Pheadair as Toraigh ar fáil do ghlúin nua léitheoirí'