An dtabharfadh an fhírinne tuiscint níos fearr dóibh ar an saol, nó ar fearr scéal an choinín?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Amanntaí, cuimhníonn ár gcolúnaí gur ceart éirí as na scéalta agus an fhírinne lom a insint. Ach ar cheart éirí as na traidisiúin ar fad, meas tú?

Easter_Bunny_Postcard_1915_Stecher

 

Is iomaí rúndiamhar a bhaineann leis an gCáisc, ach is é an rúndiamhar is mó atá ag dó na geirbe againn i dteach s’againne na laethanta seo ná Coinín na Cásca. “Ach cén sórt coinín é fhéin?” a d’fhiafraigh beainín an naíonra díom an lá cheana. “Coinín speisialta a thagann faoi Cháisc. Tugann sé uibheachaí cásca chuig an teach,” a dúirt mé.

A luaithe is a bhí na focail ráite agam thuig mé go raibh laigeachtaí móra sa scéal is go raibh plé fada amach romham. “Ach cá bhfaigheann sé na huibheacha?” “Tá aithne aige ar chearca speisialta a bheireann uibheacha seacláide,” a dúirt mé go lándáiríre agus áthas orm gur chuimhnigh mé ar an míniú sin.  

Is dócha go raibh an freagra sin sásúil mar d’athraigh sí treo na gceisteanna. “Fágfaidh sé ubh cásca an duine dúinn, an ea?” a d’fhiafraigh sí. “Fágfaidh.” Ansin bhí sos agus machnamh ann ar feadh scaitheamh. Ach ba léir nach raibh an scéal mínithe chun sástachta fós.  

Ní chuimhním gur chuir mé aon cheist faoi Choinín na Cásca agus mé ag fás aníos. Déarfá seans go raibh páistí níos soineanta an uair sin. Nó déarfá go mb’fhéidir go raibh mé sásta glacadh leis an tseacláid is gan mórán ceisteanna a chur ar fhaitíos go n-athródh éinne a n-intinn. Nó b’fhéidir dá bhfiosróinn an scéal le mo mhuintir go ndéarfaidís liom go raibh siad bodhraithe ag ceisteanna.

Amanntaí cuimhním ar cheart dom éirí as na scéalta agus an fhírinne lom díreach a insint. Ar cheart éirí as na traidisiúin ar fad, meas tú? An chéad uair eile a fhiafrófar ‘cén fáth?’ go ndéarfainn – déanadh an ubh sin sa tSín, cuireadh anonn go hÉirinn é ar long lasta agus cheannaigh mé san ollmhargadh é. Meas tú an dtabharfadh sé sin tuiscint níos fearr dóibh ar an saol, nó ar fearr scéal an choinín?

“Sea, ach cén fáth?” a d’fhiafraigh sí díom arís nuair a bhí a machnamh déanta aici. “Is dócha gur coinín croíúil é,” a dúirt mé agus an teas ag éirí aníos ar mo leicne ag mo chuid cumadóireachta faoin am seo.

“Ach, cén fáth?” a d’fhiafraigh sí díom arís.

Ní raibh ach freagra amháin fágtha. Tá a fhios anois é agus bhí a fhios riamh – má chuirtear an cheist ‘cén fáth?’ sách minic, tagann deireadh leis na freagraí.

Ní fhágtar ach an rúndiamhar – “sin é an fáth.”

Fág freagra ar 'An dtabharfadh an fhírinne tuiscint níos fearr dóibh ar an saol, nó ar fearr scéal an choinín?'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Chuala tuairim tráth (agus dealramh leis) go bhfuil ceachtanna luachmhara sna finscéalta seo nuair a nochtar an fhírinne faoi dheireadh!

  • Alex HIjmans

    Shocking! An sa tSín a dhéantar uibheacha Cásca???

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    Fun fact, mar a deir an Béarla: sa bhFhrainc (a deir cailín mo mhic linn) ní coinín a bhíonn ag dáileadh na n-uibheacha faoi Cháisc, ach clog de chineál éicint. Agus ní sióg a dhéanann athchúrsáil ar na fiacla, ach luch!