‘An scoil sa mbaile? Ach cheap mé go raibh an scoil ag dúnadh?’

Níl oiread sin muiníne ag na páistí sa mbaile as Múinteoir Mamaí, go háirithe agus gan í rómhaith ag an mata

‘An scoil sa mbaile? Ach cheap mé go raibh an scoil ag dúnadh?’

‘Ní theastaíonn aon chúnamh uaimse, Mamaí, tá a fhios agam chuile shórt atá le déanamh agam’ a d’inis Beainín na Naíonáin Bheaga dom agus í ag tarraingt amach a fillteán ón mála scoile maidin Dé Luain. 

‘Féadfaidh tú cúnamh a thabhairt dóibh sin,’ agus í ag comharthú i dtreo a cuid comhscoláirí eile ag bord na cistine. 

Tá an scoil sa mbaile faoi lánseol, nó faoi leathsheol atá sí, sílim, is na scoileanna dúnta ó Dé hAoine seo caite agus mé féin ag obair ón mbaile. 

‘An scoil sa mbaile? Ach cheap mé go raibh an scoil ag dúnadh,’ a dúirt an Cailín Mór Beag liom agus iontas uirthi, tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a dúirt mé leo go mbeadh ‘an scoil sa mbaile’ ag oscailt lá arna mhárach. 

Thug na múinteoirí bileoga oibre le déanamh dóibh chun an t-am a chaitheamh sa mbaile, buíochas mór le Dia. 

‘Tá an scoil ag dúnadh, ach beidh obair scoile le déanamh sa mbaile,’ a mhínigh mé, ‘agus beidh Mamaí ag obair freisin.’ 

‘Ach, cén múinteoir a bheidh againn?’ a d’fhiafraigh sí díom agus mearbhall uirthi. ‘Múinteoir Mamaí,’ a deir mé idir mhagadh agus dáiríre.

‘Cé?’ a d’fhiafraigh sí díom. 

‘Mise!’ a deir mé. ‘Do mháthair.’ 

Bhreathnaigh sí orm agus ba léir nach raibh mórán muiníne aici asam. Ba léir freisin gurbh é seo an chéad fhógra mór a bhí tar éis geit a bhaint aisti le ceithre lá. 

Fógraíodh go raibh an scoil dúnta ar feadh coicíse, fógraíodh go raibh na ranganna snámha is an spórt curtha ar ceal, fógraíodh gur cheart dúinn fanacht amach ó dhaoine eile. Níor bhain sé tada aisti. 

D’fhoghlaim muid uilig an téarma ‘scoitheadh sóisialta’ agus modhanna níocháin láimhe a mbeadh máinlia bródúil astu is ní raibh mairg uirthi. 

Ach, nuair a thuig sí go raibh siad le bheith sa mbaile agus ag déanamh obair scoile, agus níos measa ná sin gur Múinteoir Mamaí a bheadh ann, chonaic mé go raibh tuiscint ar an saol nua ag teacht chuici. 

Bhí tuiscint ag teacht chugam féin freisin.

Maidin Déardaoin seo caite nuair a rinne Leo Varadkar an fógra go mbeadh na scoileanna ag dúnadh go dtí 29 Márta, níor thuig muid na hathruithe eile a bheadh ag teacht ar an saol laethúil, nó céard a bhí amach romhainn. 

Anois, agus seachtain curtha dínn againn, tá barúil againn go mbeidh an socrú seo ag leanúint ar aghaidh ar feadh i bhfad níos faide ná mar a shíl muid ar dtús. 

‘Ach, Mamaí, níl tú rómhaith ag an mata,’ a dúirt an Cailín Mór Beag liom ag an agallamh don phost mar mhúinteoir sealadach ‘faoi éigean’ an lá cheana.

‘Níl mé ródhona ag an mata!’ a dúirt mé agus mo cháil is mo chlú á cosaint agam. Ní raibh aon rogha aici ach an post a thabhairt dom. Go fóilleach.

Fág freagra ar '‘An scoil sa mbaile? Ach cheap mé go raibh an scoil ag dúnadh?’'