B’fhéidir nach í an Nollaig an t-am is fearr le traidisiún nua an daonlathais a bhunú

Bhí sé chomh maith ag ár gcolúnaí géilleadh agus déantús bolcáin a chur ar liosta na n-imeachtaí don Nollaig…

B’fhéidir nach í an Nollaig an t-am is fearr le traidisiún nua an daonlathais a bhunú

‘An bhfuil aon rud speisialta gur mhaith libh a dhéanamh le linn saoire na Nollag?’ a d’fhiafraigh mé de na gasúir an lá cheana. 

Bhí mé ag cuimhneamh go mbeadh sé go deas dá bhfaigheadh gach duine deis a dtuairim féin a chur chun cinn faoi imeacht nó gníomhaíocht ar mhaith leo a dhéanamh i rith na Nollag. Tá a fhios agam go ndeirtear ná déan nós agus ná bris nós, ach bhí mé ag cuimhneamh go mbeadh sé go deas tús a chur le traidisiún nua sa teach don Nollaig. 

B’fhéidir go mbeadh muid ag bácáil brioscaí Nollag, nó ag déanamh maisiúchán deas don chrann, nó b’fhéidir go suífeadh muid uilig ar an tolg go teolaí. ag breathnú ar scannán Nollag le chéile.

Is í Beainín na Naíonáin Bheaga a d’fhreagair ar dtús. ‘Ba mhaith liom volcano a dhéanamh,’ a deir sí. 

‘Don Nollaig, atá i gceist agam,’ a dúirt mé mar shoiléiriú. 

‘Sea, tá’s a’m, an bhfuil cead againn ceann acu a dhéanamh?’ a d’fhiafraigh sí. 

‘Ach, an chéad rud a déarfaidh mé ná nach bhfuil a fhios a’m cén chaoi le bolcán a dhéanamh,’ a deir mé, ‘an bhfuil tú cinnte nach bhfuil aon rud eile gur mhaith leat a dhéanamh don Nollaig ina áit?’ 

‘Tá mé cinnte. Ná bíodh aon imní ort Mamaí,’ a d’fhreagair sí, ‘gheobhaidh muid ar YouTube é.’ 

Bhí sé chomh maith agam géilleadh agus déantús bolcáin a chur ar liosta na n-imeachtaí don Nollaig. 

‘Ba mhaith liomsa dul ag scátáil,’ a dúirt an Cailín Mór Beag. Bhí sé seo ag teacht níos fearr le téama na Nollag, ar a laghad. 

‘Ok,’ a dúirt mé. ‘Cuirfidh muid ar an liosta é.’ 

Scríobh mé ‘scátáil’ ar an liosta, cé gur tharraing mé gach matán i mo dhá láimh ó rosta go gualainn an uair dheireanach a ndeachaigh mé ag scátáil agus tá sé sin fiche bliain ó shin. Go bhfóire Dia ar na seanchnámha croite seo. 

‘Céard fútsa?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí, ag súil go ndéarfadh sé go raibh sé ag iarraidh breathnú ar Elf agus seacláid the a ól. 

‘Ar chuala tú riamh má chuireann tú paicéad milseán mentos síos i mbuidéal Coke go ndéanann sé pléasc mhór mhillteach?’ a d’fhiafraigh sé díom.

‘Ag caint ar rudaí gur mhaith libh a dhéanamh le linn na Nollag atá mé,’ a dúirt mé leis. 

‘Tá’s a’m, sin é atá mé ag iarraidh a dhéanamh ag an Nollaig.’ 

‘Errrr?’ a dúirt mé. Ní raibh mo phlean ag dul de réir mo phlean. 

‘Tá sé ok Mamaí,’ a deir sé, ‘déanfaidh muid taobh amuigh é.’ 

D’fhill mé ar an liosta. ‘Cuirfidh mé ‘b’fhéidir’ in aice leis an gceann sin,’ a dúirt mé. 

Ní raibh fágtha ach Fear an Tí. ‘Níl uaimse don Nollaig,’ a dúirt sé, ‘ach cead a bheith agam é a chodladh amach deireanach cúpla maidin gan aon duine ag cur isteach orm.’


Thosaigh mé ar an achainí a scríobh ar an liosta ach b’éigean dom stopadh.

‘Tá brón orm Daidí,’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘drochsheans go dtarlóidh sé sin.’ 

Fág freagra ar 'B’fhéidir nach í an Nollaig an t-am is fearr le traidisiún nua an daonlathais a bhunú'