Céim eile i dtreo na gCluichí Oilimpeacha tugtha ag dornálaí Gaeltachta agus scéalta eile spóirt

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na scéalta spóirt ón deireadh seachtaine

Céim eile i dtreo na gCluichí Oilimpeacha tugtha ag dornálaí Gaeltachta agus scéalta eile spóirt

Christina Desmond (Fr Horgans) . Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Craobh Náisiúnta eile buaite ag Desmond

Tá dornálaí Gaeltachta céim níos gaire de na Cluichí Oilimpeacha tar éis do Christina Desmond craobh na hÉireann a thabhairt léi arís an deireadh seachtaine seo.

Bhuaigh bean Chill na Martra ar Ghráinne Walsh sa bhabhta ceannais den rannóg 69kg ag Craobhchomórtas Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme IABA na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Is í seo an dara huair as a chéile gur bhuaigh Desmond ar Walsh sa bhabhta ceannais den chomórtas.

Fágann an bua go bhfuil seans maith ann go roghnófar Desmond ar fhoireann na hÉireann don chomórtas cáilithe do Chluichí Oilimpeacha 2020.

Reáchtálfar comórtas cáilithe na hEorpa i Londain mí an Mhárta seo chugainn. Bainfidh cúigear sa rannóg 69kg áit amach ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo. Tabharfar áit ag na cluichí don cheathrar dornálaithe a shroicheann na babhtaí leathcheannais agus rachaidh an ceathrar a chailleann sna babhtaí ceathrú ceannais san iomaíocht lena chéile don chúigiú háit.

Údar díomá a bhí ag an triúr dornálaithe Gaeltachta eile a ghlac páirt i mbabhtaí ceannais na craoibhe náisiúnta Dé hAoine. Níor éirigh le Tomás Ó Tuathail (81kg), Antoine Ó Gríofa (91+kg) ná Ciara Ginty (64kg) ina gcuid troideanna.

 

Eimear Meney le Annette Clarke. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Taithí Mhainistir na Móna cinniúnach i gcluiche ceannais na hÉireann

Tá Mainistir na Móna ag ceiliúradh Craobh na hÉireann a bhuachan den dara bliain as a chéile tar éis do sheaimpíní Chorcaí cluiche ceannais drámatúil a bhuachan i gcoinne Chill Choirín/Chluain Bheirn i Luimneach Dé Sathairn.

Ba í Laura Fitzgerald laoch na gCorcaíoch nuair a fuair sí an scór cinniúnach agus níos lú na 20 soicind fágtha sa chluiche.

Bhí taithí Mhainistir na Móna thar a bheith tábhachtach agus iad ag imirt sa chluiche ceannais den chúigiú huair le sé bliana anuas. Bhí scata deiseanna ag Cill Choirín/Cluain Bheirn nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá ach níor thapaigh siad iad. Nuair a chuaigh Mainistir na Móna ar an ionsaí deireanach sin, bhí siad stuama agus cruinn ina gcuid imeartha agus thug siad an lá leo.

Briseadh croí ceart a bhí ann do na Gaillimhigh a bhí ag imirt sa chluiche ceannais den chéad uair. Chuir siad tús iontach leis an gcoimhlint agus iad ceithre phointe chun tosaigh tar éis 12 nóiméad. Buaileadh buille ollmhór orthu leath bealaigh tríd an gcéad leath nuair a d’aimsigh Doireann O’Sullivan cúl do Mhainistir na Móna agus, níos measa fós, bhí ar an sárchosantóir, Nicola Ward, an pháirc a fhágáil agus gortú glúine ag cur as di.

Chuaigh seaimpíní na Gaillimhe chun tosaigh arís ag tús an dara leath ach fuair Mainistir na Móna cúl nuair a bhí gá le ceann. Laura Fitzgerald a rinne an beart.

D’éirigh le Cill Choirín/Cluain Bheirn teacht ar ais arís ach beidh aiféala orthu nár thapaigh siad na deiseanna a bhí acu nuair a bhí ann cluiche idir dhá cheann na meá.

 

Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Cora Finne fós ag treabhadh leo

Fiú nuair nach mbíonn siad i mbarr a maitheasa, bíonn Cora Finne fós níos fearr ná cuid mhaith d’fhoirne eile na tíre.

Tar éis dóibh Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan dhá bhliain as a chéile, ba léir orthu go raibh siad ar an mbóthar le tamall fada agus bhí comharthaí ann i mbliana go mb’fhéidir go raibh deireadh ag teacht lena dtréimhse ceannasaíochta.

Cé go raibh Craobh na Gaillimhe buaite sé huaire as a chéile acu, ní raibh an oiread de bhearna idir iad féin agus foirne eile agus a bhíodh blianta eile. Shroich siad an cluiche ceannais mar sin féin ach má shroich ba cheart go mbeidís sáraithe ag Réalta Thuama. D’aimsigh Cora Finne dhá phointe in am cúitimh chun comhscór a fháil sa chéad chluiche agus cé gur éirigh leo san athimirt, ní raibh siad os cionn a mbuille.

Agus iad ag imirt an tseachtain dár gcionn i gcoinne Bhaile an Tobair, measadh go gcuirfeadh seaimpíní Mhaigh Eo deireadh leo ach rinne foireann Kevin O’Brien a ndóthain ar éigean chun an cluiche a bhaint. Ní raibh siad ar fheabhas sa gcluiche ceannais in aghaidh na bPiarsach as Ros Comáin ach oiread, ach fós féin thug siad Craobh Chonnacht leo den cheathrú bhliain as a chéile.

Tá briseadh acu anois roimh chluichí leathcheannais na hÉireann ag tús mhí Eanáir agus deis acu a n-anáil a tharraingt sula dtabharfaidh siad faoi áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann den tríú huair as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ag aon chumann eile riamh.

Fág freagra ar 'Céim eile i dtreo na gCluichí Oilimpeacha tugtha ag dornálaí Gaeltachta agus scéalta eile spóirt'