Duais náisiúnta ‘TechSpacer na bliana’ buaite ag dalta Gaelscoile

‘TechSpacer na Bliana’ bronnta ar Adam Ó Cuinneagáin, dalta as Coláiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí, i gcontae na Gaillimhe as a ‘shárchumas’ i mbun na códála

Duais náisiúnta ‘TechSpacer na bliana’ buaite ag dalta Gaelscoile

Adam Ó Cuinneagáin

Tá príomhdhuais náisiúnta buaite ag cainteoir óg Gaeilge ag ócáid bhronnta ghradam TechSpace le déanaí. 

Bronnadh ‘TechSpacer na Bliana’ ar Adam Ó Cuinneagáin atá sa dara bliain i gColáiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí i gcontae na Gaillimhe as “sárchumas” agus “cruthaitheacht” a léiriú i gcúrsaí códála.

Dúirt na moltóirí go raibh “bua ar leith” ag Adam sa chódáil agus nach raibh “a shárú le fáil” i measc a aoisghrúpa.

Reáchtálann TechSpace, clár oideachas teicneolaíochta, ‘Gradaim ESB Creative Tech Fest’ gach bliain. Tugann na gradaim aitheantas do dhaltaí i scoileanna Béarla agus Gaeilge a bhaineann barr feabhais amach i réimsí éagsúla na teicneolaíochta, códáil, cruthaitheacht agus eile.

Thug Comhordaitheoir Cláir Techspace Séamus Ó Fátharta moladh mór do Adam as an mhórghradam ‘TechSpacer na Bliana’ a thabhairt leis.

“Tugtar an gradam seo do dhuine a sheas amach sa líonra TechSpace le linn na bliana. Is í an phríomhdhuais gur féidir a bhaint amach agus duais a roghnaíonn foireann TechSpace.

“Tá Adam mar chuid don chlár TechSpace óna bhunú in 2015 agus club ríomhaireachta á reáchtáil acu sa scoil le roinnt mhaith blianta. Tá suim ar leith ag Adam i bhforbairt cluichí agus mhol na moltóirí na cluichí uilig atá déanta aige,” arsa Ó Fátharta.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Bairbre Ní Choisdealbha, múinteoir i gColáiste an Eachréidh, a bhí ainmnithe ar an ghearrliosta ‘Oideachasóir TechSpace na Bliana’ ag gradaim na bliana seo, gur léir go ndeachaigh saothar Adam i bhfeidhm go mór ar na moltóirí.

“Bhí cluichirí fásta i láthair a shíl a mhór d’obair Adam agus dúirt siad go raibh caighdeán a chuid oibre chomh hard sin go raibh sé dochreidte.”

Dúirt Ní Choisdealbha go raibh Adam ina “cheannródaí” sa scoil ó thaobh na ríomhaireachta de agus gur chuir sé “go mór” le foghlaim daltaí eile atá mar chuid den chlub ríomhaireachta.

“Bíonn sé ag múineadh na ndaltaí sa chlub ríomhaireachta atá againn ar scoil agus gan é ach sa dara bliain.

“Spreagadh mór é dá chomhghleacaithe óga eile agus léiríonn sé nach bhfuil teorainn lenar féidir a bhaint amach sa réimse sin.”

Dúirt Ní Choisdealdha go raibh daltaí Choláiste an Eachréidh “an-tógtha” leis an teicneolaíocht agus go bhfuil táibléid ag gach dalta sa scoil.

Seo an tríú mórdhuais atá buaite ag Adam Ó Cuinneagáin. Bhuaigh sé duais na cruthaitheachta anuraidh as cluiche ríomhaireachta a chruthú in Google agus ainmníodh é mar ‘Códóir na Bliana’ ag TechFéile i mí Mhárta.

Fág freagra ar 'Duais náisiúnta ‘TechSpacer na bliana’ buaite ag dalta Gaelscoile'

  • Pádraig Ó Baoill

    Maith an fear Adam – Comhghairdeas leat – bua nach beag eile bainte amach agat arís. Treislím go mór do ghradam leat. Tá gach uile duine i gColáiste an Eachréidh thar a bheith bródúil asat.