‘Bhí Meaití Jó Shéamuis fáiscthe as an traidisiún a bhain lena mhuintir siar’ – ómós léirithe do cheoltóir agus craoltóir Gaeltachta

Chuir Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta cláracha éagsúla i láthair ar RnaG ach leis an gceol is mó a chuimhneofar air

‘Bhí Meaití Jó Shéamuis fáiscthe as an traidisiún a bhain lena mhuintir siar’ – ómós léirithe do cheoltóir agus craoltóir Gaeltachta

A ghealgháireacht, a chuidiúlacht agus a chion a tugadh chun cuimhne ar maidin ag Aifreann sochraide an cheoltóra, an amhránaí agus an chraoltóra Meaití Jó Séamuis Ó Fátharta.

Bhí Meaití Jó Shéamuis, a bhásaigh Dé hAoine seo caite, ar dhuine de mheitheal tosaithe RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é i measc an tseachtar clár-reachtairí a bhí ag obair sa stáisiún nuair a chuaigh sé ar an aer ar dtús i 1972.

Chuir sé cláracha nuachta, irise agus spóirt i láthair ar an stáisiún ach leis an gceol is mó a chuimhneofar air agus é ina cheoltóir agus amhránaí cumasach. Chomh maith leis sin rinne sé obair mhór chun taifeadtaí den cheol Gaelach a bhailiú agus a thaisceadh.

Sna hAille in Indreabhán a rugadh Meaití Jó Shéamuis agus is ann a chaith sé a shaol. Rinne a dheirfiúr Máirín cur síos ag an Aifreann sochraide i Séipéal an Chnoic ar a óige agus an tsuim a bhí aige sa gceol i gcónaí.

“In aon doras ar tháinig sé isteach ann, bhí an gealgháireacht sin ar a éadan i gcónaí,” a dúirt sí. “Tá sé deacair é a [mhíniú] ach bhí sé mar a bheadh solas timpeall air. Tharraing sé daoine air, bhí chuile dhuine mór leis.”

Insíodh scéal faoi ghrúpa Gaeilgeoirí a bhí ag fanacht leo sa teach fadó agus cé nach raibh Béarla ar bith ag Meaiti, bhí sé in ann aithris a dhéanamh orthu agus iad ag canadh ‘Three Blind Mice’.

“Bhí an guth ceart aige, díreach ar an nóta ceart,” a dúirt sí.

Óna athair, Jó Shéamuis, a fuair Meaití an ceol a dúradh agus dúirt Máirín gur mhinic do Mheaití port a sheinm agus a athair “ag damhsa i lár an urláir sna hobnail boots, ag baint aithinní as an urlár”.

“An suaimhneas a bhí istigh sa teach, bhí sé ann de bharr Mheaití. D’éireodh sé ar maidin agus sula gcuirfeadh sé plaic ina bhéal, bheadh sé ag seinm na feadóige.”

Tugadh píobaí uilleann chuig an altóir mar chomhartha don chion a bhí aige don cheol traidisiúnta, chomh maith le geansaí Micheál Breathnach, an cumann ar thug sé a shaol dó, agus cóip den cheirnín Bóithríní an Locháin, an t-amhrán a chas Meaití Jó Shéamuis nuair a bhuaigh sé Corn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna in 2001.

Labhair Mártan Ó Ciardha, comharsa, iar-chomhghleacaí agus dlúthchara le Meaití, ar an gcaidreamh idir an bheirt ó bhí siad ina ngasúir sna hAille.

“Is minic a chuala sibh ráite faoi dhuine, go ndearna sé nó sí ‘mar a rinne a n-athair rompu’. Níorbh amhlaidh domsa. Rinne mise ‘mar a rinne Meaití Jo Shéamuis’ romham,” a dúirt Mártan Ó Ciardha.

D’fhreastail an bheirt ar an mbunscoil le chéile, bhíodar in Ollscoil na Gaillimhe ag an am céanna agus d’oibríodar go dlúth le chéile in RnaG, iad ag imeacht ar scor ar an lá céanna in 2009.

“[Bhíomar] chomh mór lena chéile le dhá chloigeann capaill.”

Leag Mártan Ó Ciardha béim ina aitheasc  ar an tionchar a bhí ag Meaití ar an gceol Gaelach agus ar an obair a rinne sé ar son na cúise sin.

“100 bliain agus an lá inniu beidh caint ar an oidhreacht a d’fhág Meaití Jó Shéamuis ina dhiaidh i gCartlann Raidió na Gaeltachta.

“Ní haon saineolaí ar cheol mise, ach ag éisteacht leo siúd a bhfuil an cháilíocht sin acu, creidim go mairfidh a chuid oibre ar an gcéim chéanna agus a mhair an méid a rinne Edward Bunting, Breandán Breathnach, Séamus Ennis agus Ciarán Mac Mathúna. A ndála siúd, bhí Meaití fáiscthe as an gcultúr, as an traidisiún a bhain lena mhuintir siar.”

Dúirt Mártan Ó Ciardha go raibh gach coirnéal den tír taistealta ag a chara “ag taifeadadh, ag gabháil fhoinn agus ag déanamh cairdis” agus go raibh a thionchar le feiceáil san ómós a tháinig ó gach ceard ar fud na hÉireann agus ar fud na cruinne ó bhásaigh sé.

“Ní mise amháin a bheadh den tuairim go bhfuil na heagráin de Lán a’ Mhála agus na cláracha ceoil eile a chuir sé ina chéile ar an gcuid is tábhachtaí den chraoladh atá déanta ag Raidió na Gaeltachta le hos cionn 50 bliain anuas,” a dúradh.

Le linn an Aifrinn, dúirt an tAthair Hughie Loftus gur mó duine a fuair suaimhneas nuair a sheinneadh Meaití ag sochraid i Séipéal an Chnoic agus gurb é a bheadh sásta leis an gceol binn a bhí le cloisteáil ag a shochraid féin agus na ceoltóirí bailithe le céile ag comhghleacaí agus cara mór eile leis, Neansaí Ní Choisdealbha.

Tugadh chun cuimhne tuismitheoirí Mheaití, Nan Pheadaí agus Jó Shéamuis, le linn an Aifrinn, chomh maith lena mhac Tadhg, a bhásaigh roimhe in 2021. Maireann bean Mheaití, Jean, a mhac Aengus, a iníonacha Sinéad agus Aedín, chomh maith le garchlann agus gaolta eile.

Cuireadh Meaití Jó Shéamuis i Reilig an Chnoic i ndiaidh an Aifrinn.

Fág freagra ar '‘Bhí Meaití Jó Shéamuis fáiscthe as an traidisiún a bhain lena mhuintir siar’ – ómós léirithe do cheoltóir agus craoltóir Gaeltachta'

  • An Teanga Bheo

    Beannachtaí Dé lei Meaití seod luachmhar imithe uainn ró luath.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.