Tá airí an chomhrialtais nua ainmnithe sa Dáil ag an Taoiseach nua Micheál Martin.
Ar Dhara Calleary (FF), a bheidh príomhchúram na Gaeltachta agus é ina Aire Coimirce Sóisialaí agus ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Cainteoir Gaeilge é Calleary, Teachta Dála do Mhaigh Eo, a chaith tamall gearr ina aire stáit Gaeltachta.
Níorbh léir láithreach an mbeadh Calleary freagrach as cúram laethúil na Gaeltachta, nó an leanfar leis an nós an cúram sin a tharmligean le haire stáit, mar atá déanta ag gach rialtas ó 2011.
Beidh ceannaire Fhine Gael Simon Harris ina Thánaiste agus ina aire gnóthaí eachtracha agus cosanta sa Dáil nua. Paschal Donohoe, Fine Gael, a bheidh ina aire airgeadais agus leascheannaire Fhianna Fáil, Jack Chambers, a bheidh ina aire caiteachais phoiblí.
Jennifer Carroll MacNeill (FG) a bheidh ina haire sláinte agus Jim O’Callaghan (FF) a bheidh ina aire dlí agus cirt. Helen McEntee (FG) a bheidh ina haire oideachais agus óige.
Is é Darragh O’Brien (FF) an t-aire iompair, aeráide agus fuinnimh nua agus tá an post a bhí aige mar aire tithíochta faighte ag James Browne (FF)
Peter Burke (FG) a bheidh mar aire fiontraíochta, turasóireachta agus fostaíochta, an t-aon duine a choimeád an post a bhí aige sa rialtas deireanach.
Norma Foley a bheidh ina haire leanaí agus daoine faoi mhíchumas agus Patrick O’Donovan (FG) a bheidh ina aire cumarsáide, ealaíon agus meán.
Martin Heydon (FG) a bheidh ina aire talmhaíochta sa chomhrialtas nua. James Lawlor (FF) atá ainmnithe mar aire sa Roinn Breisoideachais. Mary Butler (FF) a bheidh ina príomhaoire agus beidh sí freagrach chomh maith as cúrsaí meabhairshláinte.
Fág freagra ar 'Airí an chomhrialtais nua ainmnithe ag an Taoiseach, príomhchúram na Gaeltachta ar Dhara Calleary'