Ré an tseanduine? Ag faire ar sheanduine á insealbhú mar uachtarán Mheiriceá i gcomharbacht ar sheanduine eile, shílfeá é.
Ba dheacair, áfach, gan suntas a chur sa chodarsnacht idir cumhacht, saibhreas agus pribhléid na n-uachtarán Trump agus Biden agus saol an ghnáthdhuine aosta.
Is léir ónar tharla don mbeirt le bliain nár chosaint ar chróilíocht ná ar ionsaí é a stádas ach mar sin féin is ar éigean a bheidh gá acu le sciath chosanta in aghaidh drochíde ar sheanóirí. Ní hionann agus go leor den aoisghrúpa os cionn trí scór. Murab ionann agus an Bhreatain agus Éire níl reachtaíocht i dTuaisceart Éireann i gcoinne leatrom ar sheandaoine. Drochíde sa bhaile is ea an cúigiú cuid de choireanna in aghaidh na sean sa Tuaisceart.
Tháinig deireadh le téarma an Choimisinéara do Sheandaoine i dTuaisceart Éireann, Eddie Lynch an mhí seo caite. Níl comharba ceaptha agus tá súil nach bhfágfar an post gan líonadh chomh fada le hoifig an Choimisinéara d’Íobartaigh atá folamh le bliain nó oifig na gCoimisinéirí Teanga atá fós díomhaoin. Sular fhág sé a phost tar éis ocht mbliana, chuir an Coimisinéir Lynch fainic ar Stormont go raibh fás tagtha ar an drochíde ar dhaoine aosta agus gur fadhb mhór é an fhad a thógann sé abhus chun beartais oifigiúla a chur i bhfeidhm.
Mhol tuarascáil a foilsíodh in 2018 maidir le hionad cúraim Manor Home i nDún Muirí go rithfí Bille Cosanta Aosach. De réir na tuarascála, chinn fiosrú gur fhulaing áitritheoirí san ionad íde mhídhaonna agus táireach. Bhí an bille in ainm is rialacháin maidir le cosaint agus cumhdach daoine aosta a thabhairt suas chun dáta. B’údar frustrachais í an mhoill; tógann sé rófhada chun cleachtais a athrú, polasaithe a thabhairt isteach agus dlíthe a rith, ar sé.
Ina chuntas deiridh sular tháinig críoch lena théarma, dúirt an Coimisinéir gur léirigh taighde go raibh méadú 15% tagtha ar dhrochíde baile ar sheanóirí le deich mbliana anuas. In 2012/13 bhain 6% de chásanna drochíde le mí-úsáid sa bhaile ach bhí an sciar ardaithe go 21% in 2022-2023.
Cé nach raibh mí-úsáid baile ar sheandaoine chomh coitianta le drochíde ar dhaoine óga, bhí 1,567 cás ar thaifead an PSNI don bhliain 2022/2023 – méadú mór ó 1.367 an bhliain roimhe sin. Ní raibh a fhios aige an raibh an scéal éirithe níos measa nó an raibh fás ar lion na dtuairiscí. Mheas roinnt saineolaithe eile gur mheascán den dá rud é ach bhí roinnt fianaise ar fáil nach ndéanann seandaoine gearán nuair is duine den teaghlach a thugann drochíde orthu ar eagla go ndéanfadh gaolta aonrú orthu.
Ba chosúil ó thuairisc an Choimisinéara go mbíonn sé níos deacra ag seandaoine tacaíocht a fháil nuair a dhéantar mí-úsáid orthu. Téann sé rite leo déileáil le fiosruithe nó cúisimh agus go minic éiríonn siad as an gcóras dlí coiriúil gan fuascailt ar a gcás.
Tá Stormont tiomanta do pholasaithe chun daoine óga a chosaint – mar is ceart dóibh a bheith. Ní leor sin, áfach. Is minic an seanduine chomh leochaileach leis an bpáiste. Údar buartha is ea tuairisc an choimisinéara, é soiléir gur gá reachtaíocht agus beartais sábháilteachta chun daoine aosta a chosaint sa bhaile agus lasmuigh de. Tá gá lena gcearta ar sheirbhísí, earraí agus cúram, bíodh sin sa bhaile, in ospidéal nó in ionad cúraim, a dhaingniú san dlí agus ansin a chinntiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm.
Fág freagra ar 'Ní haon áit do sheandaoine an Tuaisceart'