Dearcadh na Roinne Oideachais i leith aonad Gaeilge ‘scannalach’ – ceannasaí Gaeloideachas

Dúirt an Roinn Oideachais i litir faoi Choláiste Lú nach raibh sé riamh i gceist go mbeadh tumoideachas lán-Ghaeilge ar fáil in aonaid Ghaeilge

Dearcadh na Roinne Oideachais i leith aonad Gaeilge ‘scannalach’ – ceannasaí Gaeloideachas

Bláthnaid Ní Greacháin. Príomhfheidhmeannach ar Gaelscoileanna Teo

Tá ráite ag Ard-Stiúrthóir Gaeloideachas gur mó d’údar imní ná d’údar dóchais don oideachas lán-Ghaeilge atá sna moltaí atá déanta ag an Roinn Oideachais mar réiteach ar chás Choláiste Lú.

Sna moltaí a chuir an Roinn Oideachas ar fáil do Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí rinneadh cur síos ar roinnt bealaí a bhféadfadh an Roinn tacú leis an LMETB teacht ar réiteach ar an tsáinn ina bhfuil an t-aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn i nDún Dealgan.

Tá scéal Choláiste Lú go mór i mbéal an phobail ó thús na bliana, tráth ar tháinig laghdú mór ar líon na n-ábhar a bhí á dteagasc trí Ghaeilge san aonad Gaeilge atá ag feidhmiú san iarbhunscoil Béarla, Coláiste Chú Chulainn.

I measc na moltaí sin, dúradh go dtacódh an Roinn leis an LMETB ó thaobh maoinithe de le tuilleadh múinteoirí a earcú agus go ndéanfaí leithroinnt múinteoirí na scoile a ardú.

Dúradh chomh maith gurbh fhiú don LMETB a machnamh a dhéanamh ar roghanna eile, lena n-áirítear seirbhís bus do dhaltaí ar mian leo freastal ar ranganna i nGaelcholáiste Oirialla, i gContae Mhuineacháin agus ceangal ‘e-múinteoir’ ar líne a dhéanamh le múinteoirí a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge i scoileanna eile.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Bláthnaid Ní Ghreacháin, Ard-Stiúrthóir Gaeloideachas gur chúis “imní” an dearcadh a léirítear sna moltaí maidir le feidhmiú na n-aonad Gaeilge agus an soláthar oideachais lán-Ghaeilge a chuirtear ar fáil iontu.

“Tá muid ag iarraidh ar an Roinn le fada an lá cur síos a dhéanamh ar an seasamh atá acu maidir leis na haonaid agus is dócha gurb é seo an chéad uair a bhfuil rud éigin againn i ndubh agus bán.

“Bíodh is go bhfuil sé ceangailte le ceist ar leith, Coláiste Lú, tá go leor ann a thugann léargas ar dhearcadh na Roinne maidir le feidhmiú na n-aonad Gaeilge,” a dúirt Ard-Stiúrthóir Gaeloideachas. 

“Soiléiriú scannalach”, a dúirt Ní Ghreacháin, ab ea ráiteas na Roinne nárbh é “the norm that all subjects and options would be available through Irish” in Aonad Gaeilge.

“Is ‘scéal úr’ don eagraíocht Gaeloideachas é nach raibh sé riamh i gceist go mbeadh lántumadh ar bun sna haonaid Ghaeilge,” a dúirt Ní Ghreacháin. Deirtear sa litir ón Roinn go dtí an LMETB: “You are aware that it was never intended that an Aonad would provide such level of immersion”.

Dúirt Ard-Stiúrthóir Gaeloideachas nach raibh “aon bhunús” leis an moladh ón Roinn go ndéanfaí an t-aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn a fheidhmiú de réir “normal operational practices of an Aonad in other parts of the country”.

“Tá gach aonad sa tír éagsúil agus níl aon rud caighdeánach i gceist leo agus tugann sé le fios nach bhfuil aon tuiscint [ag an Roinn] ar an éagsúlacht atá ann ó thaobh na n-aonad Gaeilge,” a dúirt Ní Ghreacháin.

Dúirt sí go raibh “ceisteanna móra” le freagairt ag an Roinn faoi mhúnla na n-aonad Gaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile.

“Tá sé scríofa ag an Roinn i ndubh agus bán nach raibh sé riamh i gceist go mbeadh lántumadh i gceist ná go mbeadh oideachas iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil iontu. Tá sin dochreidte,” a dúirt sí.

Maidir le cás Choláiste Lú, dúirt Ní Ghreacháin nár cheap sí go raibh aon cheann de na moltaí ag an Roinn “praiticiúil ar chor ar bith”. 

Tháinig moltaí na Roinne Oideachais sna sála ar agóid a reáchtáladh taobh amuigh de Dháil Éireann an tseachtain seo caite chun aird an Aire Oideachais Joe McHugh a tharraingt ar chás na ndaltaí i gColáiste Lú.

Ó thús na scoilbhliana seo tá níos lú ábhar á múineadh trí Ghaeilge do dhaltaí an aonaid agus iad curtha isteach i ranganna na ndaltaí atá á múineadh trí Bhéarla d’ábhair áirithe.

Deir an grúpa tuismitheoirí a bhfuil baint acu leis an aonad gurb amhlaidh go bhfuil Coláiste Lú “ar leaba á bháis” agus go bhfuil iarracht á déanamh “a ainm a scrios”. 

Maíonn an LMETB agus údaráis na scoile gur easpa acmhainní agus múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu is cúis leis an athrú seo.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna inné, dúirt Aidan Kinsella, urlabhraí ó ghrúpa tuismitheoirí Choláiste Lú, gur chuir na tuismitheoirí fáilte roimh iarracht na Roinne leigheas a fháil ar an scéal ach go raibh “amhras mór” orthu faoi cad a tharlódh don aonad sa chás go bhfanfadh sé faoi chúram an LMETB.

Dúirt sé go raibh “ceap magaidh” á dhéanamh ag an Roinn don tumoideachas lán-Ghaeilge atá á chur ar fáil sna haonaid nuair nach mbíonn na croí-ábhair “ar a laghad” ar fáil i nGaeilge.

Dúirt tuismitheoirí Choláiste Lú cheana go raibh “a muinín ar fad caillte” acu san LMTEB agus go rabhadar “ag amharc i dtreo” An Foras Pátrúnachta, pátrún a bhíonn ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, “ar mhaithe le hoideachas Gaeilge a chur ar fáil i gcontae Lú”. 

Reáchtálfar cruinniú anocht idir ionadaithe ón ghrúpa tuismitheoirí agus Ardfheidhmeannach an LMETB chun plé a dhéanamh ar mholtaí na Roinne.

Tá cruinniú eile á reáchtáil ar an tseachtain seo chugainn ag an ghrúpa tuismitheoirí agus go bhfuil cuireadh tugtha don Roinn agus don Fhoras Pátrúnachta chuig an gcruinniú seo.

Fág freagra ar 'Dearcadh na Roinne Oideachais i leith aonad Gaeilge ‘scannalach’ – ceannasaí Gaeloideachas'

  • Gaeil Chondae Lughaí "Dearg le Fearg"

    Níl tumoideachas lánGhaeilge i gceist in “Aonaid Gaeilge” mar is i scoil lánBhéarla atá siad lonnaithe. Anois ní gá go mbeadh na hábhair go léir á mhúineadh tré Ghaeilge in “Aonad Gaeilge”. Cinnte ní fiú mórán iad na “hAonaid Ghaeilge” toisc go dtiteann siad idir dhá stól. Tá an daonra ann chun go mbeadh Meánscoil LánGhaeilge i gContae Lúghaí.
    Ní mór dúinne tacú leis an feachtas atá ar bun chun Meánscoil LánGhaeilge Lú a bhunú; meánscoil neamhspleách a bheidh ar suíomh faoi leith agus faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúntachta.