An mbeidh cath uisce agaibh ag an obair amárach, a Mhamaí?

Shíl ár gcolúnaí go raibh neach osnádúrtha éigin tar éis seilbh a ghlacadh ar chorp an ‘Babaí’

An mbeidh cath uisce agaibh ag an obair amárach, a Mhamaí?

‘Só,’ arsa an Babaí ag an dinnéar an tráthnóna cheana, ‘an bhfuil aon phleananna agat le haghaidh amárach, Mamaí?’.

Is maith an lá go raibh mé i mo shuí síos, mar gur cheap mé ar feadh soicind go raibh neach osnádúrtha éicint tar éis seilbh a ghlacadh ar a chorp agus é i mbun mionchomhrá béasach am dinnéir. 

Caithfidh mé a rá gur shíl mé go mba aisteach an rud é go gcuirfeadh spiorad dá leithéid an trioblóid air fhéin a theacht ar ais ón saol eile ar mhaithe le mionchomhrá múinte a bheith aige faoi thada, ach is dóigh, ní aon saineolaí mé ar chaitheamh aimsire na spiorad osnádúrtha. 

‘Bhuel,’ a dúirt mé, nuair a bhí mé tagtha chugam féin arís, ‘is dóigh go ngabhfaidh mé ag an obair. Sin é an príomhphlean atá agam don lá amárach.’ 

‘Ó, nach deas é sin,’ a deir sé go béasach agus leag sé síos an forc a bhí ina lámh aige is é ag réiteach don chéad cheist eile. ‘Agus an mbeidh cath uisce agaibh ag an obair amárach?’ a d’fhiafraigh sé díom ansin. 


Chuimhnigh mé ar mo sceideal do lá arna mhárach agus thit mo chroí de bheagán.

Chuimhnigh mé ar an nóta a bhí scríofa agam dom féin sa sceideal sin, a deir rud éicint ar nós, ‘déan an diabhal de chomhdú, as ucht mac Dé agus na maighdine Muire ort!’ Bíonn gá leis an gcaint ghéar ó am go chéile.

Ní raibh aon bhaol faoin spéir go mbeadh cath uisce mar chuid de sceideal an lae, nó bhí súil agam nach mbeadh, ar aon chaoi. 

‘Drochsheans go mbeidh aon chath uisce agam ag an obair amárach,’ a d’fhreagair mé. 

‘Áááá,’ a dúirt sé agus an-trua aige dom. 

‘Céard a bheidh ar bun agat féin amárach,’ a d’fhiafraigh mé dhe, ‘an bhfuil aon phleananna agat?’ 

‘Ó tá,’ a deir sé agus é biorraithe. ‘Actually, Mamaí, beidh cath uisce againn ag an gcampa.’

Ba mhór an faoiseamh dom an cheist sin, mar gur léirigh sé dom gur dóigh nach raibh sprid osnádúrtha tagtha inár measc.

Nó má bhí, ní raibh ann ach gnáthsprid neamhurchóideach ag eitilt thart, is ní raibh seilbh glactha aige ar an mBabaí. Go bunúsach, ní raibh aon chall dom dul ar thóir an uisce bheannaithe ná craobhóg sáiste ar mhaithe leis an spiorad a ruaigeadh.

‘Bhí mé ag déanamh iontais cén áit as ar tháinig an chaint faoi chathanna uisce,’ a dúirt mé. ‘An bhfuil tú ag súil go mór leis?’ 

‘Tá,’ arsa an Cailín Mór Beag, a bhí ina suí lena thaobh ag an mbord agus í ag ithe a dinnéir go socair go dtí sin. ‘Agus beidh na cailíní in aghaidh na mbuachaillí agus tá na cailíní ’gabháil é a bhuachtáil!’ 

‘Níl sibh!’ a dúirt an Babaí agus é spadhartha, bhí deireadh leis na béasa. 

‘Ná bíodh aon imní ort, Mamaí,’ a dúirt sé liomsa ansin, ‘b’fhéidir go mbeadh cath uisce agatsa thú féin lá éicint.’ 

‘B’fhéidir é,’ a dúirt mé. 

Fág freagra ar 'An mbeidh cath uisce agaibh ag an obair amárach, a Mhamaí?'