An ‘cur i gcéill’ faoin nGaeilge ar cheann de na rudaí is ‘íorónta’ faoi chomóradh na Chéad Dála

Dar le duine de na Teachtaí Dála a labhair ag comóradh 100 bliain bhunú na Chéad Dála nach raibh aon rialtas ó 1919 i leith dáiríre faoin nGaeilge

An ‘cur i gcéill’ faoin nGaeilge ar cheann de na rudaí is ‘íorónta’ faoi chomóradh na Chéad Dála

Pictiúr: MAXWELLPHOTOGRAPHY.IE

Ba é ceann de na rudaí ab íorónta faoin gcomóradh ar an gCéad Dáil ná an “cur i gcéill” a bhain le ceist na Gaeilge i nDáil Éireann ó shin i leith.

B’in a bhí le rá tráthnóna inné ag Maureen O’Sullivan, duine de na Teachtaí Dála a labhair i dTeach an Ardmhéara ag comóradh 100 bliain bhunú na Chéad Dála.

Dúirt an Teachta Dála a labhair ar son na comhghuaillíochta, Independents for Change, go raibh sé soiléir tar éis tamaill nach raibh an t-aos polaitiúil “dáiríre” faoin nGaeilge agus gurb amhlaidh an scéal i gcás an Rialtais sa lá atá inniu ann.

Ba i nGaeilge a bhí imeachtaí na Chéad Dála ar an 21 Eanáir 1919 agus cé go raibh an lámh in uachtar ag an mBéarla ag comóradh an lae inné, bhí míreanna Gaeilge ina gcuid óráidí ag formhór na gcainteoirí, ina measc Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, an Taoiseach Leo Varadkar, an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl, Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil agus Mary Lou McDonald ceannaire Shinn Féin.

 

Thagair ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, chomh maith do chás na Gaeilge sa lá atá inniu ann ina cuid óráide siúd. Dúirt sí go raibh an teanga “faoi bhagairt” 100 bliain i ndiaidh bhunú na Chéad Dála agus go gcaithfí tuilleadh daoine “a spreagadh” chun í a labhairt.

De réir taighde a rinne Tuairisc.ie anuraidh, is ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann.

De réir an taighde sin, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí sa dara leath den bhliain 2017, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.

D’fhág sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin.

Chomh maith leis sin, léirigh an scagadh a rinne Tuairisc.ie ar gach díospóireacht a bhí sa Dáil le linn an 38 lá sin go raibh an Dáil ina suí gur ar éigean go raibh aon chaint as Gaeilge ann ach amháin an uair fhánach sin go raibh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta á bplé.

Seachas sin baineann formhór na Gaeilge a labhraítear anois i nDáil Éireann le mionchaint, beannachtaí, focail bhuíochais agus focail chomhbhróin.

Fág freagra ar 'An ‘cur i gcéill’ faoin nGaeilge ar cheann de na rudaí is ‘íorónta’ faoi chomóradh na Chéad Dála'

  • Credo

    Oidhreachtúil sollúnta ar nós na Laidine.