An breitheamh cáiliúil Meiriceánach RBG ina réalta faisin agus í 85 bliana d’aois

Cearta na mban seachas faisean na mban a rinne laoch de Ruth Bader Ginsburg ar dtús

An breitheamh cáiliúil Meiriceánach RBG ina réalta faisin agus í 85 bliana d’aois

Ruth Bader Ginsburg

Nach iontach go deo an rud é a bheith i do réalta faisin agus stíle agus tú 85 bliain d’aois!

Sin mar atá an scéal ag Ruth Bader Ginsburg, breitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraigh i Meiriceá, a aithnítear faoin ngiorrúchán RBG nó an leasainm ‘The Notorious RBG’.

Ní hí an obair mhór a rinne sí mar abhcóide liobrálach ar son chearta na mban nó a saothar – go minic gan aon phá – le tacaíocht a thabhairt do chásanna faoi chothromaíocht inscne a tharraing súil lucht faisin uirthi ach oiriúint bheag stíle a chaitheann sí go rialta.

Níl mé cinnte an bibe, bóna nó cába is ceart a thabhairt ar an mball éadaigh seo. Jabot an t-ainm oifigiúil air agus is maisiúchán nó cába ornáideach é a chaitear mórthimpeall an mhuiníl.

Tá leaganacha éagsúla den jabot ag RBG agus roghnaíonn sí ceann le caitheamh a thugann teachtaireacht faoin dearcadh atá aici ar bhreithiúnais de chuid na cúirte nó faoi chasadh éigin i ngnóthaí an tsaoil. 

Tá cáil ar leith ar cheann amháin de na cábaí muiníl seo atá aici – ceann ar a dtugtar an ‘dissenting collar’ a roghnaíonn sí nuair atá breithiúnas lena n-easaontaíonn sí á thabhairt ag baill eile na Cúirte Uachtaraí, cába an easaontais. 

Tá RBG go mór sa nuacht na laethanta seo ar dhá chúis – fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil an scannán faisnéise nua fúithi dar teideal RBG ainmnithe do ghradam BAFTA i mbliana. 

Agus tá sí féin agus a jabot ar ais sa nuacht i saol an fhaisin ón Mháirt seo caite nuair a sheol Banana Republic leagan de ‘chába an easaontais’ atá curtha ar an margadh acu ar $98. Rachaidh leath an airgid a bhaileofar ó dhíol na dtáirgí seo chuig tionscnamh ar chearta na mban atá á reáchtáil ag an gcumann a bhíonn ag troid ar son saoirse sibhialta i Meiriceá, cúis atá gar dá croí ag RBG agus a raibh sí ar dhuine dá chomhbhunaitheoirí sa bhliain 1972.

Tá míniú ag RBG faoin gcinneadh a rinne sí an jabot a chaitheamh an chéad lá riamh. Nuair a cheap Bill Clinton, Uachtarán Mheiriceá ag an am, ina ball den Chúirt Uachtarach í sa bhliain 1993 ní raibh ach bean amháin eile riamh ina ball den chúirt sin, Sandra Day O’Connor.

Ruth Bader Ginsburg

Ba d’fhir a dearadh na róbaí dubha a bhíonn mar chulaith chúirte mar nár samhlaíodh go mbeadh aon bhean i mbun na gcúraimí sin go deo. Bhí spás fágtha ag muineál na róbaí le go bhfeicfí an léine agus an carbhat a bhíodh á gcaitheamh ag an mbreitheamh, dearadh nár fheil ar chor ar bith do mhná.

Bheartaigh RBG ‘robe d’avocat’ de chuid na Fraince a chaitheamh in áit feisteas na bhfear agus chuir sí a casadh faiseanta féin air leis an jabot mórthimpeall an mhuiníl. 

Tá sí féin agus a feisteas faoin spotsolas ó shin i leith.

Ach is cearta na mban seachas faisean na mban a thug RBG i láthair an phobail ar dtús.

Ní raibh ach naonúr ban sa rang 500 lucht léinn nuair a d’fhreastail sí ar Scoil Dlí Harvard i 1956 agus tuairiscítear gur chuir Déan na Scoile Dlí ceist uirthi: “Why are you at Harvard Law School, taking the place of a man?”.

Diúltaíodh post di mar chléireach cúirte níos deireanaí ar chúis amháin – mar gur bhean í. Ach níor lig sí don éagóir nó don éagothroime sin srian a chur uirthi riamh.

Iad siúd a bhíonn ag coinneáil súil ghéar ar gach jabot a chaitheann sí tuigeann siad go bhfuil nod iontu faoin dearcadh atá ina croí istigh. Chaith sí ‘cába an easaontais’ an lá ar toghadh Donald Trump ina Uachtarán agus measadh go raibh teachtaireacht naimhdeach freisin sa cheann a roghnaigh sí le caitheamh nuair a ceapadh Bret Kavanaugh ina bhall den Chúirt Uachtarach. Ach tuairiscíodh níos deireanaí gur duine dá lucht tacaíochta a sheol chuici é mar bhuíochas ‘for her pioneering life’s work to advance women’s equality’. Tráthúil go maith agus an lá a bhí i gceist.

Ar ndóigh, tá rogha leathan de chábaí aici anois, ina measc ceann a bhfuil dathanna buí agus bándearg air a chaitheamh sí nuair atá cinneadh cúirte á léamh aicí ina bhfuil sí féin ar aon fhocal leis na breithiúna eile. Lasmuigh den cúirt agus den éadach foirmeálta aithnítear freisin í mar mhórphearsa stíle a dtugann mná eile suntas di agus aird uirthi. 

Tá cath eile á throid ag RBG le tamall anuas – cath ina aghaidh na hailse. Ach mairfidh a cáil mar laoch ar son chearta na mban nuair a bheidh an jabot á chaitheamh ag neart ban sna cúirteanna uachtaracha.

Fág freagra ar 'An breitheamh cáiliúil Meiriceánach RBG ina réalta faisin agus í 85 bliana d’aois'