A leithéid de scéal a bhí ag Laurel and Hardy, agus a leithéid de scannán Stan and Ollie

Leáfaidh ‘Stan and Ollie’ sioc na gruaime tar éis na Nollag agus roimh an mBreatimeacht

A leithéid de scéal a bhí ag Laurel and Hardy, agus a leithéid de scannán Stan and Ollie

Steve Coogan – Stan Laurel; John C. Reilly – Oliver Hardy; Shirley Henderson – Lucille Hardy; Nina Arianda – Ida Laurel; Rufus Jones – Bernard Delfont

Bhí na bratacha ar foluain i gCóbh Chorcaí in onóir Stan Laurel agus Oliver Hardy nuair a leaindeáil siad ón S.S America ar an gcéad chéim dá seáp amharclainne chuig amharclann an Olympia agus ar aghaidh as sin go hamharclanna na Breataine i nduairceas dorcha lag trá dífhostaíochta na bliana 1953. Atmaisféar é sin a thugann scannán Jon S. Baird leis, fiú más beagán róghlan iad na traenacha is na seanghluaisteáin is na lóistíní suaracha, fabht beag a mhaithim dó toisc na hiontais eile a chruthaíonn sé dúinn as am a raibh gairmré bheirt fhathach cineama m’óige ag teacht chun deiridh. 

Tháinig páistí scoile uile an Chóibh amach chun fáilte a chur rompu sula bhfuair Ard-Mhéara Chorcaí greim orthu chun deis phoiblíochta a thapú leo i Halla na Cathrach. Ghlacadar ansin turas éigeantach Bhord Fáilte chun adhradh a dhéanamh ag scrín turasóireachta na ‘Yanks’ ag Cloch na Blarnan. B’in sular scuab inneall traenach ‘Maeve’ Chóras Iompar Éireann ar shiúl iad as Stáisiún Bhóthar Ghleann Maghair go Stáisiún Dhroichead an Rí cois Life. Sa Royal Marine Hotel i nDún Laoghaire a chaitheadar an oíche sin.

Is é an t-iomann grá seo ó Jon S. Baird Stan and Ollie an chéad deis a tugadh domsa léargas a fháil ar réamhscéal agus scéal leantach na díse ba ghreannmhaire dá bhfaca riamh ar scáileán na hóige.

A leithéid de scéal a bhí ag Laurel and Hardy, agus a leithéid de scannán Stan and Ollie. A leithéid freisin d’éacht ionchollaithe atá déanta ag Steve Coogan agus John C. Reilly dúinn. A luaithe a chonaic ar an scáileán iad thréig amhras an léirmheastóra ghairmiúil mé agus bhíos ar sheit seachtrach Stiúideo Hal Roach i lár an aonaigh leo ‘Way Out West’ ar na ‘Blue Ridge Mountains of Virginia, on the Trail of the Lonesome Pi–ine’.

Is fiú táille an dorais a íoc as an seat iontach leanúnach sé nóiméad ag tús an scannáin. Tá ár mbeirt ag siúl trí chúlseit stiúideo Hollywood i 1937. Stan tanaí ag impí ar Ollie ramhar eiseamláir Chaplin a leanúint agus a gcearta is luach a saothair a éileamh ar Hal Roach tíoránta. Níl ach an chluas bhodhar ag Ollie dó, áfach. Ba cheart do Stan ‘a shuaimhneas a ghlacadh an deireadh seachtaine seo chugainn’ ar bhád seoil Ollie ó tharla go mbeidh ‘Myrna Loy agus Carole Lombard’ agus mná “suimiúla” eile ar bord leis.

Ba é Stan tanaí a mhúnlaigh na scripteanna agus a thiomáin cúrsaí gnó agus airgid ach ba mhó suim Ollie i réiltíní óga mná agus capaill fholaíochta rása. Is beag an t-ionadh gur bhriseadar suas go gairid ina dhiaidh sin agus gur múchadh réalta Laurel agus Hardy in Hollywood.

Ach seacht mbliana déag ina dhiaidh sin thug na seanchairde turas chun na Breataine agus is é an turas sin príomhfhócas scannán Baird.

Titeann Jon C. Baird, agus gach éinne a théann ag an scannán, iomlán i ngrá le Stan agus Ollie, agus leis na mná céile, an sceitse beirte eile a thagann leo, ‘saor in aisce’, mar a deir an t-impressario slítheánta Bernard Delfont (Rufus Jones iontach gréiseach).

Táim féin i ngrá beagán le Shirley Henderson, aisteoir Albanach (bean an ‘Ronnie’ in Intermission, Moaning Myrtle in Harry Potter, agus í in ‘Girl From the North Country’ le Conor McPherson chomh maith). Ise Lucille anseo, bean a bhíodh i mbun leanúnachais scripte in Hollywood agus atá anois ina bean chéile luchúil teolaí ag Oliver Hardy, agus arb í a neimisis mná Ida, an Rúiseach teasaí agus iardhamhsóir atá ina bean chéile ag Stan anois (Nina Arianda iontach sa ról).

Tá Stan agus Ollie róshibhialta, rómhór ‘i ngrá’ lena chéile (grá nach mbaineann le gnéas) agus an grá sin ródhomhain le go mbeidís ag troid lena chéile, ach níl aon leisce ar na mná aer a thabhairt go poiblí do na teannais atá faoi cheilt i gcaidreamh na bhfear, agus iad breá ábalta tabhairt faoina chéile le flosc bitsí….

Lucille: Ollie says I might be a star someday.

Ida: I hardly think so.

Ida: I was a Hollywood actress…

Lucille: More a dancer, with a very high pain threshold.

Is leor an blaisín beag sin le comhthéacs agus meon an phíosa a thabhairt, ach is fiú cúpla mír speisialta eile a lua – macalla na míreanna cáiliúla sna scannáin mhór-ráchairte a scríobh Stan sna tríochaidí. Ina measc, an tsíor-útamáil amscaí siúd leis na cásanna taistil a d’imeodh uathu síos staighre; an sceitse sa ‘County Hospital’ nuair a thugann Stan cuairt ar Ollie ina sheomra leapa – é ag teacht chuige féin tar éis taom beag croí a fhulaingt ag ócáid phoiblíochta áiféiseach ‘Bathing Beauty’ éigin. Agus uafás a gcuid lóistín in Newcastle Shasana – tábhairne dár teideal ‘The Glass and Bottle’!

Tá croí, áilleacht, comhthuiscint agus géarchúis i gcaidreamh pearsanta na beirte– fírinne leis, agus dínit.

Ní minic a gheallaim dom féin go bhfreastalód arís ar scannán tar éis é d’fheiscint ag an bpreastaispeántas. Ach beidh ‘Stan and Ollie’ le feiceáil sna pictiúrlanna ón lá inniu agus bead féin ann arís.

Geallaim duit go mbainfidh tú sult as. Leáfaidh ‘Stan and Ollie’ sioc na gruaime iarNollag réamhBhreatimeachta gan aon agó.

Fág freagra ar 'A leithéid de scéal a bhí ag Laurel and Hardy, agus a leithéid de scannán Stan and Ollie'

  • Joe Ó Beirgin

    Scannán den scoth gan aon agó. Meas mór ag dul go Jon C Baird, Steve Coogan, John C Reilly, Rufus Jones agus achan duine eile a bhí bainteach leis an scannán.