Triail dúnmharaithe curtha ó mhaith mar gheall ar dhíospóireacht ar ‘Prime Time’

Dúirt Breitheamh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu gurb ann do ‘chóras dlí eile’ arb ionann é agus ‘cúirt dhearcadh an phobail’, ‘nach dtugann “aird ar bith” ar thriail atá ar siúl sna cúirteanna féin

Triail dúnmharaithe curtha ó mhaith mar gheall ar dhíospóireacht ar ‘Prime Time’

Cuireadh ó mhaith triail dúnmharaithe sa Phríomhchúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath inniu, nuair a chinn an Breitheamh go bhféadfadh cuid dár craoladh ar an gclár Prime Time ar RTÉ aréir, tionchar a bheith aige ar phlé an ghiúiré.

Thagair an Breitheamh Carmel Stewart ina cinneadh do “chóras dlí eile” a bheith ann arb ionann é agus “cúirt dhearcadh an phobail”, ‘cúirt’ nach dtugann “aird ar bith” ar thriail atá ar siúl sna cúirteanna féin.

D’iarr lucht dlí an chonsantóra sa chás go scaoilfí leis an ngiúiré, a chuir tús inné lena bplé faoina gcinneadh, de bharr mír ar chlár Prime Time na hoíche aréir. Maíodh go ndearna an mhír sin “beag is fiú” den ghriogadh nó den saighdeadh mar chosaint, rud a bhí i gceist sa chás áirithe seo.

Bhain an mhír ar chlár na hoíche aréir le cás dúmharaithe i gCiarraí le déanaí agus rinneadh plé ginearálta le linn an chlár faoin dlí fad is a bhaineann sé le saighdeadh.

Bhí an cás sa Phríomhchúirt Choiriúil ar siúl le 10 lá anuas agus é curtha i leith Keith Brady as Cartron Estate, Sligeach, gur dhúnmharaigh sé  Martin ‘Matt’ Kivlehan i mí Lúnasa 2015.

Chuir an giúiré tús inné lena bplé faoi cé acu ar dhúnmharú nó dhúnorgain a bhí i gceist leis an sá scine.

Fág freagra ar 'Triail dúnmharaithe curtha ó mhaith mar gheall ar dhíospóireacht ar ‘Prime Time’'