‘Nuair a bhíonn fostaithe le Gaeilge mhaith traenáilte againn, goidtear iad nó téann siad chun na hEorpa…’

Chothaigh agallamh a rinne Stiúrthóir Gaelchultúr Éamonn Ó Dónaill le Tuairisc.ie faoi ‘brain drain na Gaeilge’ cuid mhór cainte. Lorg Tuairisc.ie tuairimí ó roinnt eagraíochtaí eile le fáil amach an mbíonn na deacrachtaí céanna acu daoine óga oilte a fháil

‘Nuair a bhíonn fostaithe le Gaeilge mhaith traenáilte againn, goidtear iad nó téann siad chun na hEorpa…’

Sinéad Ní Ráinne, Stiúrthóir Bainistíochta Europus, comhlacht aistriúcháin

Sa ghnó s’againne, bíonn sé deacair daoine óga oilte a fhostú agus a choinneáil sna poist sin. Tá cúpla údar leis.

Nuair a fhaighimid fostaithe agus iad traenáilte againn, goidtear iad nó téann siad chun na hEorpa. Tá ganntanas daoine ann a bhfuil na scileanna agus an taithí acu agus tá muid suite ar an gCeathrú Rua, i bhfad siar. Chomh maith leis sin, tá athrú ar nósanna oibre. Is fearr le haistritheoirí a bheith i mbun na hoibre sa mbaile seachas a bheith ag teacht chun na hoifige.  Mholfainn maoiniú a chur ar fáil do chomhlachtaí ár leithéidí féin, Europus, chun scéimeanna printíseachta agus cúrsaí a reáchtáil chun oiliúint a chur ar dhaoine agus deis a thabhairt dóibh taithí a fháil.


‘Brain drain’ i saol na Gaeilge agus daoine óga ag obair ‘ar phá íseal ar son na cúise’


 

Breandán Delap, Clár-Eagarthóir Nuacht TG4

Ní bhíonn poist le fógairt againn rómhinic ar an drochuair. Reáchtáil muid comórtas ar na mallaibh agus bhí muid sásta le caighdeán na n-iarratas. B’in an chéad deis a bhí againn le fada daoine a earcú. Dá mbeadh folúntas le líonadh againn gach bliain seans gur scéal eile a bheadh ann. An rud a déarfainn faoin iriseoireacht, ó tharla nach bhfuil mórán post ann, níl mórán cúrsaí ann agus seans nach bhfuil an taithí chéanna á fáil ag iriseoirí óga.

 

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Bíonn sé deacair líon ard daoine óga nó aosta a fháil le cur isteach ar fholúntais sa Chonradh uaireanta ach braitheann sé chomh maith ar an bpost a bhíonn i gceist. Mar shampla, bíonn sé níos deacra duine a mhealladh le bheith ag taisteal mar chuid den obair. Ach sin ar fad ráite, de ghnáth bíonn ardchaighdeán ag na daoine a chuireann isteach ar na poist agus éiríonn linn daoine a cheapadh sna poist a fhógraítear, nach mór i gcónaí. Tá an oiread sin deiseanna anois ann do dhaoine le Gaeilge laistigh agus lasmuigh de shaol na Gaeilge agus bíonn spéis nádúrtha ag fostaithe i mbogadh ar aghaidh ó am go chéile.

Sin ráite, ní chabhraíonn sé gur féidir le heagraíochtaí agus comhlachtaí (cuid acu in earnáil na Gaeilge féin) tuarastail ar leibhéal níos airde a chur ar fáil. Sílim féin go bhfuil leibhéal na dtuarastal in go leor cásanna, agus sin cinn atá á maoiniú as airgead poiblí faoi láthair, ró-íseal don obair a bhíonn ar siúl.

Tá cúpla rud gur gá a dhéanamh. Sa chéad áit is gá daoine óga, go háirithe, a mhealladh le smaoineamh ar ghairmeacha le Gaeilge ón dara leibhéal agus tríd an tríú leibhéal ar aghaidh. Tá togra ar siúl againn féin, An Seó Bóthair, le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le daoine óga a chur ar an eolas agus a spreagadh chun gairmeacha le Gaeilge a roghnú amach anseo. Is gá an líon daltaí scoile agus mic léinn tríú leibhéal a bhfuilimid in ann freastal orthu a mhéadú go suntasach agus ar bhonn práinne mar go bhfuil an oiread sin deiseanna do phoist le Gaeilge ag teacht chun cinn sa státchóras, san Eoraip agus lasmuigh díobh siúd chomh maith.

Sa dara háit, is gá dúinn féachaint ar leibhéal na dtuarastal go práinneach agus a chinntiú go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt againn d’fhostaithe na n-eagraíochtaí.

 

Gearóid Mac Donncha, Ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bíonn togha na Gaeilge ag teastáil uainne agus níl daoine a bhfuil togha na Gaeilge chomh flúirseach agus a bhíodh. Níl aon cheist faoi sin. Ach tá an tobar a mbíonn muide ag tarraingt as níos lú ná sin arís mar go mbíonn daoine ag teastáil a bhfuil scileanna cumarsáide, scileanna craoltóireachta agus scileanna iriseoireachta acu chomh maith le scileanna teanga. Ní beag an dúshlán a bhaineann le teacht ar dhuine leis na scileanna sin ar fad. Is cinnte go mbíonn daoine óga le scileanna iriseoireachta gann go maith. Tá neart cúrsaí ollscoile ann, ach b’fhéidir gur chóir béim níos mó a bheith ar na scileanna praiticiúla a theastódh sna hearnálacha éagsúla, earnáil na craoltóireachta agus na hiriseoireachta san áireamh. Tá a fhios agam go bhfuil MA nua á thosú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ina mbeidh béim ar an ngné phraiticiúil den iriseoireacht agus ar thaithí oibre a fháil sna hionaid oibre féin. Múnla maith é sin ar cheart é a fhorbairt agus thabharfadh sé deis chomh maith do na fostóirí aithne a chur ar na daoine óga atá ag teacht chun cinn.

 

Anna Davitt agus Micheál Ó Ruairc

Anna Davitt, Clárbhainisteoir Cumarsáide, Margaíochta agus Feasachta le Foras na Gaeilge

Bíonn patrún soiléir le tabhairt faoi deara i mborradh eacnamaíochta maidir le líon na n-iarratas ar phoist i gcoitinne agus in aon earnáil trí chéile. Tugaimid faoi deara go laghdaíonn líon na n-iarrthóirí ar phoist le linn borradh eacnamaíochta, go minic ag na leibhéil is sóisearaí, agus go bhfuil tionchar ag an gcostas ard maireachtála, i mBaile Átha Cliath go háirithe, air sin. Cuirtear an-luach ar bhuaine agus ar sheasmhacht le linn cúlú eacnamaíochta go háirithe, rud a mheallann níos mó iarrthóirí le cur isteach ar phoist bhuana.

Is minic a théann fostaithe ar aghaidh le harduithe céime a bhaint amach laistigh d’eagraíochtaí nuair a thagann folúntais ag leibhéal níos sinsearaí chun cinn. Dá bharr sin, bíonn folúntais shóisearacha á bhfógairt níos minice. Ar bhonn seachtrach, d’fhéadfadh tuarastal a bheadh á thairiscint san earnáil phríobháideach nó thar lear a bheith tarraingteach d’iarrthóirí leis na costais a bhaineann le cúram leanaí agus cíos a chlúdach.

Is rud an-dearfach é go bhfuil tuilleadh deiseanna trí Ghaeilge ag teacht chun cinn ach tá dúshlán againn faoi láthair sa tslí is go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil na sainscileanna acu teoranta agus tá cúrsaí earcaíochta Gaeilge iomaíoch dá bharr.

Tá iliomad cúinsí éagsúla idir oiliúint, chúrsaí eacnamaíochta agus thuarastail le cur san áireamh agus is dúshláin níos leithne cuid mhaith acu seo nach mbaineann le hearnáil na Gaeilge amháin. Tá saincheisteanna i réimse na fostaíochta Gaeilge á n-aithint agus á gcíoradh againn le tamall anuas agus beidh mion-anailís á déanamh againn ar na dúshláin i gcomhar leis na ceanneagraíochtaí Gaeilge.

 

Deirdre Ní Fhlatharta, Léiritheoir Sraithe Ros na Rún, Danú Media

Braitheann sé seo ar an bpost a bhíonn á fhógairt: i gcás postanna mar chúntóir léirithe, mar shampla,  is gá ardchaighdeán Gaeilge, labhartha agus scríofa.  Ar ndóigh bíonn Ros na Rún sa tóir ar aisteoirí le Gaeilge líofa freisin agus bíonn sé seo dúshlánach go minic, ach éiríonn linn. I gcuid mhór de na postanna i Ros na Rún is conradh sé mhí a bhíonn i gceist. Faigheann an criú agus na haisteoirí obair eile taobh amuigh den tréimhse scannánaíochta, ach cuid mhór den am filleann siad sa bhfómhar. Is gá níos mó cúrsaí teilifíse a chur ar bun agus díriú isteach ar an nGaeilge.  Tá ardchaighdeán scileanna teilifíse againn sa tír seo, ach is buntáiste mór é Gaeilge a bheith agat de bharr gurb í an Ghaeilge an teanga oibre a bhíonn in úsáid i Ros na Rún.

Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn

Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn

Déarfainn go bhfuil sé ag éirí níos deacra le bliain nó dhó anuas agus an borradh agus an fás atá tagtha ar an ngeilleagar is cúis leis sin i mo thuairimse. Nuair a bhí obair gann, fiú daoine a raibh ardcháilíochtaí acu bhí siad ag cur isteach ar phoist a bhí sóisearach go maith. Anois níl sin amhlaidh, buíochas le Dia. Go dtí seo, d’éirigh linn teacht ar dhaoine do na folúntais a d’fhógair muid. Ceapaim gur gnáthchuid den saol é go mbeadh daoine ag bogadh ó phost go chéile. Ní dóigh liom go ndéanann daoine coimitmint fad saoil a thuilleadh agus is ag cur lena dtaithí a bhíonn siad. Ach mar sin féin, go dtí seo d’éirigh linn go leor de na daoine a d’fhostaíomar a choinneáil sna poist.

Fág freagra ar '‘Nuair a bhíonn fostaithe le Gaeilge mhaith traenáilte againn, goidtear iad nó téann siad chun na hEorpa…’'

  • Mánus

    Tá tithe ródhaor agus cíos ró-ard i mBÁC. Réiteach amháin ar an fhadhb sin ná comharchumann tithíochta den mhúnla Lochlannaigh a bhunú i measc Gaeilgeoirí. Bheadh Gaeltacht uirbeach againn freisin! Cá bhfuil na fiontraithe óga le Gaeilge i mBÁC imithe?

  • An Teanga Bheo

    Cén aois ………..Daoine óga an ea ???