Feachtas le bunú chun pobal na Gaeltachta a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa phleanáil teanga ‘ar bhealach praiticiúil agus spreagúil’

Deirtear i bplean gníomhaíochta nua an Rialtais don Ghaeilge go mbeidh plean teanga á chur i bhfeidhm i ngach ceann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga faoi dheireadh 2020

Feachtas le bunú chun pobal na Gaeltachta a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa phleanáil teanga ‘ar bhealach praiticiúil agus spreagúil’

Gealltar i bplean gníomhaíochta nua an Rialtais don Ghaeilge go gcuirfear tús an bhliain seo chugainn le feachtas feasachta teanga a bheidh mar aidhm aige pobal na Gaeltachta a mhealladh le bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga “ar bhealach atá praiticiúil, spreagúil agus tarraingteach agus a thógann na spriocghrúpaí go léir san áireamh”.

Deirtear chomh maith sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, atá le seoladh inniu, go mbeidh plean teanga á chur i bhfeidhm i ngach ceann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga faoi dheireadh 2020.

Gealltar go mbeidh plean teanga faofa nó á chur i bhfeidhm faoi dheireadh 2020 in gach ceann den 16 baile atá aitheanta mar ábhar Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus go mbeidh pleananna á gcur i bhfeidhm sna trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga faoi dheireadh na bliana céanna.

Luaitear chomh maith sa phlean go bhféadfaí cur le líon na gceantar atá aitheanta mar Líonraí Gaeilge sna blianta amach romhainn ag brath ar acmhainní a bheith ar fáil.

Déanfar suíomh idirlín, chomh maith le hábhar tacaíochta eile, a forbairt mar chuid den phlean feasachta, a deirtear.

Deirtear freisin go gcuirfear pacáiste tacaíochta teanga ar fáil do lucht na hearnála gnó sa Ghaeltacht agus go mbunófar scéim aitheantais do lucht gnó sa Ghaeltacht a chuireann an Ghaeilge chun cinn.

Tacófar i mbliana le bunú scáthghrúpa le “nasc níos fearr” a chruthú idir lucht pleanála sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.

Gealltar sa phlean go gcuirfear maoiniú breise ar fáil d’Ealaín na Gaeltachta chun “forbairt chórasach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta” do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Feachtas le bunú chun pobal na Gaeltachta a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa phleanáil teanga ‘ar bhealach praiticiúil agus spreagúil’'