FÍSEÁN: Aighneas sa Dáil faoi chaiteachas ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht

Chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív i leith Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil tráthnóna gur ‘ag meilt ama’ agus ag ‘seachaint’ ceisteanna simplí a bhí sé

FÍSEÁN: Aighneas sa Dáil faoi chaiteachas ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht

Bhí sé ina raic sa Dáil tráthnóna idir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív faoin maoiniú atá caite ar ullmhú agus feidhmiú na bpleananna teanga sa Ghaeltacht.

Chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i leith an Aire gur “ag meilt ama” agus go “bhfreagraíonn sé gach ceist ach amháin an cheist a chuirtear air”.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an t-eolas a bhí ag teastáil ón Teachta Dála tugtha aige dó. Chuir an Ceann Comhairle a ladar isteach sa díospóireacht chomh maith chun ceisteanna Uí Chuív a shoiléiriú.

Nuair nach raibh aon aontas ann faoi cé acu ar fhreagair nó nár fhreagair an tAire Stáit na ceisteanna sin, mhol an Ceann Comhairle go scríobhfaí chuige féin más amhlaidh go rabhthas den tuairim nár thug an tAire Stáit freagra ar na ceisteanna a cuireadh air.

Bhain ceisteanna an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil le tuairiscí a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite faoin gcaiteachas atá déanta ar an bpróiseas pleanála teanga ó 2014 i leith.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios i bhfreagra ar cheist Dála le déanaí gur caitheadh €3.3 milliún ar an bpleanáil teanga idir 2014-2017, ach tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin nár caitheadh ach €660,000 den airgead sin ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus gur €65,000 atá caite ag Foras na Gaeilge ar an bpróiseas lasmuigh den Ghaeltacht.

De réir eolas breise a fuair Tuairisc.ie ó Roinn na Gaeltachta caitheadh an chuid is mó den airgead eile a luadh leis an bpleanáil teanga ar nithe eile seachas an próiseas pleanála teanga féin, agus dúirt urlabhraí de chuid na Roinne gur “baineadh leas as an gciste chomh maith chun bearta eile a mhaoiniú ar leas fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus na pleanála teanga i gcoitinne”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite, dúirt Seosamh Mac Donnacha, saineolaí sa phleanáil teanga agus duine d’údair an Staidéar Cuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht,  gur chóir go ndéanfaí “idirdhealú an-soiléir” idir an phleanáil teanga náisiúnta atá á déanamh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an phleanáil teanga atá á déanamh go háitiúil sa Ghaeltacht.

“Tá sé an-tábhachtach nach ndéanfaí an phleanáil náisiúnta agus an phleanáil teanga sa Ghaeltacht a mheascadh le chéile. Ag an leibhéal náisiúnta ba chóir go dtabharfaí míniú soiléir faoin gceangal díreach atá ag aon chaiteachas leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, straitéis náisiúnta ar chóir maoiniú suntasach a bheith aige dá réir, rud nach bhfuil.

“Ag an leibhéal áitiúil, ag leibhéal na pleanála teanga sa Ghaeltacht, is gá go ndéanfaí idirdhealú an-soiléir idir an caiteachas atá á dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga féin – sin na pleananna teanga féin agus na coistí ag obair i measca n phobail – agus aon chaiteachas eile atá le déanamh sa Ghaeltacht ar thograí oideachais, forbartha, fostaíochta, turasóireachta, infreastruchtúr nó eile.

“Ach má bhíonn an dá rud á meascadh le chéile – an phleanáil náisiúnta agus an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht – cruthaíonn sé sin go leor éiginnteachta agus ní thiocfaidh as an éiginnteacht sin ach go gcaillfidh an pobal muinín sa phróiseas ar fad,” a dúirt Seosamh Mac Donnacha ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Aighneas sa Dáil faoi chaiteachas ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht'