‘Treocht’ le tabhairt faoi deara maidir le ‘ionsaithe’ an DUP ar an nGaeilge

Deir Conradh na Gaeilge gurb amhlaidh gur i dtreise a théann ionsaithe an DUP ar an nGaeilge aon uair go mbíonn brú orthu ó TUV

‘Treocht’ le tabhairt faoi deara maidir le ‘ionsaithe’ an DUP ar an nGaeilge

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil “treocht” le tabhairt faoi deara maidir leis “na hionsaithe” atá á ndéanamh ar an nGaeilge sa Tuaisceart le tamall.

Dúirt, Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide na heagraíochta teanga sa Tuaisceart gurb amhlaidh gur i dtreise a théann ionsaithe an DUP ar an nGaeilge aon uair go mbíonn brú orthu ó TUV, an páirtí aontachtach is coimeádaí i dTionól Stormont.

Bhí Ó Tiarnaigh ag caint i ndiaidh tús ‘oifigiúil’ a bheith curtha inné le cás ardchúirte Chonradh na Gaeilge in aghaidh an Fheidhmeannais ó thuaidh agus an Aire Pobal Gordon Lyons, aire de chuid an DUP.

“Is mór an díomá dúinn gur gá dúinn dul ar ais chun cúirte. Dá mbeadh rudaí ag obair mar is ceart, bheadh muid anois ag tarraingt ar an dara straitéis, ach tá muid fós ag troid don chéad straitéis,” arsa Ó Tiarnaigh.

“Cé go bhfuil neart oibre déanta, is mór an trua gur gá dúinn ár gcuid ama a chaitheamh ag troid in aghaidh Aire atá ceaptha an Ghaeilge a chosaint,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfeictear do Chonradh na Gaeilge go bhfuil “treocht” maidir le “ionsaithe” ar an nGaeilge sa Tuaisceart faoi láthair agus go bhfuil cuid de na hionsaithe ag teacht ón Aire Pobal féin.

“Tá seo uilig ag teacht ón aireacht chéanna, seo an fear atá ag déanamh idirghabhála in aghaidh na comharthaíochta dátheangaí i Stáisiún Láir Bhéal Feirste, an fear atá ceaptha a bheidh ag cosaint na Gaeilge, agus ar cheart dó a bheith ag lorg tuilleadh maoinithe thuaidh-theas don Ghaeilge.

“Bhain Peter Weir an Ghaeilge de stáiseanóireacht a Roinne in 2016, rinne Michelle McIlveen ‘Queen of Ulster’ den bhád ‘Banríon Uladh’, agus tharla an rud le Paul Givan agus ‘Líofa’ [nuair a fógraíodh deireadh le scéim sparánachtaí Gaeilge díreach roimh an Nollaig] an bhliain chéanna. Nuair a bhíonn ag DUP ag iarraidh vótaí a mhealladh ón TUV, ionsaíonn siad an Ghaeilge,” a dúirt sé.

Thug Conradh na Gaeilge dhá chás eile faoi straitéis Gaeilge chun na hardchúirte in 2017 agus in 2022. Sa dá chás sin dearbhaíodh gur theip ar an bhFeidhmeannas a ndualgas dleathach a chomhlíonadh.

Ó cuireadh an Feidhmeannas agus an Tionól ar bun arís i mí Feabhra na bliana 2024, níl aon dul chun cinn déanta ar an straitéis ag an Aire Pobal Gordon Lyons.

Fág freagra ar '‘Treocht’ le tabhairt faoi deara maidir le ‘ionsaithe’ an DUP ar an nGaeilge'