Níor theastaigh cathaoir. Tóin an ghabhdáin, nó ‘bin’ an bhruscair. Dá mbeadh 100 cathaoir ann, ba é tóin an ghabhdáin, an bosca bruscair, a shuíochán. Tom Wallace. Bhásaigh sé beagán blianta ó shin. Leagadh síos é i reilig Oileán Iomaí gar don Chladach Dubh sa taobh ó thuaidh de Chonamara. Lá fómhair.
Chuimhnigh mé ar Bardney in Lincolnshire Shasana.
Oileánach a bhí ann. Ar Inis Tairbirt amach ó chósta an Chlocháin a rugadh agus a tógadh é. D’imigh comhluadar an oileáin amach ar an mórthír sna 1970idí. Chlis an croí agus an misneach orthu nuair a bádh triúr fear acu ar an mbealach abhaile as an gClochán i 1974.
Thagadh Tom isteach san seomra san mBrú ina raibh cónaí orainn agus muid ‘ar an mBeet’ i monarcha i sráidbhaile Bardney i Lincolnshire. D’iompaítí an gabhdán bunoscionn; shuítí ansin, chroití an cloigeann agus scaipeadh folt fionnbhán anuas ar a cheannaghaidh. Comhrá faoin oileán.
Déanta na fírinne, is beag triail chainte a bhíodh againn ar an mBeet. Ocht n-uaire oibre, nó dhá uair déag scaití. Seacht lá na seachtaine; dhá lá saoire sa mí. Ocht gcinn déag de mhonarchana biatais a bhí i Sasana sna 1970idí agus na 1980idí. Bhí Éireannaigh i mórán chuile cheann acu agus bhí an t-airgead go maith.
An chéad uair agam i mBardney thug mé turas mo chos timpeall ar an mbaile. Ansiúd ar an gcearnóg, ar nós go leor bailte eile i Sasana, bhí leacht i gcuimhne ar na fir óga as an gceantar a cailleadh sa dá chogadh mór. Bhíodar greanta ar an leacht ina gcéadta. Murach bás na n-ógfhear sin is ar éigean go mbeinnse i mBardney.
Bhí fir oibre gann i Sasana théis an Dara Cogadh Domhanda agus shocraigh an British Sugar Corporation (BSC) go rachfaí sa tóir ar Éireannaigh. Fuarthas iad, fir nach raibh beann ar chruatan ná ar obair acu, i gConamara, in iarthar Chiarraí, in iarthar Luimnigh agus in iarthar Mhaigh Eo, agus beagán in áiteacha eile. Mhair an socrú sin go dtí 1980, nó beagán lena chois sin i gcúpla monarcha. D’imíodh lucht an Bheet sall thart ar dheireadh mhí Mheán Fómhair, nó i bhfíorthús Dheireadh Fómhair. Ba ansin a chuireadh Tom Wallace agus a leithéidí na balcaisí sa mála céanna a chuaigh ar an mbád bán go minic cheana.
Sa ngeimhreadh fuar, dallraithe in oirthear Shasana, thagadh na mílte leoraí biatais isteach chuig na monarchana, cuid de dá mheilt ina shiúcra agus tuilleadh mar laíon. Bhíodh go leor Éireannach ag obair i stór an laín nó an ‘pulp store’. Bhíodh sé ráite gur cuireadh ansin muid mar nach mbeadh seasamh ag na Sasanaigh leis an obair throm.
Bhí na málaí trom ceart go leor, deich gclocha [63.5kg] i gcuid acu, agus iad le líonadh, le caitheamh amach ar bheilt a thabharfadh píosa eile den chosán iad, agus ansin le cur i mullach a chéile, an ‘stackáil’. Bhíodh na málaí laín sin le tabhairt leat ar do ghualainn, agus le cur i gcarnáin mhóra arda le díol le feilméaraí mar bheatha beithíoch.
Agus b’in é do gheimhreadh agat nó go dtiocfadh an lá go raibh an cloigeann deireanach biatais bainte, gearrtha, nite, meilte agus é ina shiúcra, nó ina laíon.
Bhí carnán deas airgid agat ag dul abhaile duit mar fiú dá mbeifeá caifeach, is beag deis a bhíodh agat le ligean leat féin. Ní dheachaigh Tom chuig an teach ósta faoi dhó riamh.
‘Is é an beet a thóg Conamara. Níl aon dabht faoi. Níl a fhios cén t-airgead a cuireadh anall, na mílte agus na mílte chuile bhliain. Thóg daoine tithe nua air. Chuir siad oideachas ar an gclann.’
Cóil Uilic Ó Coistealbha as an gCoill Rua in Indreabhán a dúirt agus é scríofa i dtráchtas breá an iriseora, Marion Ní Shúilleabháin. B’fhior dó.
D’imigh uisce le fána ó shin. An dream atá fanta tiocfaidh siad le chéile in Ionad na nImirceach i gCarna Dé Domhnaigh seo chugainn agus John Beag Ó Flatharta ag casadh amhráin na himirce.
Beidh fáilte roimh chuile dhuine ann. Tabharfar go leor chun cuimhne. Cuimhneoidh mé féin ar Tom Wallace. Ach céard a dhéanfadh muid dá mbeadh Tom ann? Ní bheadh áit suí ag an oileánach uasal; gabhdáin phlaisteacha atá ann ar na saolta seo!
Carraig
‘D’ya dig the beat?’ a d’fhiafraigh an damhsóir gnaíúil groí mná ón Afraic den Éireannach agus iad beirt amuigh ag damhsa ag an Disco i Bardney.
– Ah no, ar sé,
I’m a small dairy farmer myself.