Cinniúint Martin ag brath ar Jim Gavin

Tar éis ceithre bliana déag mar uachtarán ar Fhianna Fáil an bhféadfadh ré Mhicheál Martin a bheith ag teacht chun críche?

Cinniúint Martin ag brath ar Jim Gavin

Cé is moite do bhunaitheoir an pháirtí Éamonn De Valera beagnach céad bliain ó shin is é Mícheál Martin an té is faide a bhfuil am caite aige mar Uachtarán ar Fhianna Fáil. Tá sé ceithre bliana déag ina cheannaire anois níos faide ná Charlie, Jack nó Bertie. Níl raibh aon chosúlacht le tamall fada go raibh sé i gceist ag aon duine sa bpáirtí a dhúshlán a thabhairt ná sárú ar bith a dhéanamh ar a údarás, ach an bhfuil sé sin athraithe an tseachtain seo? Cé nach bhfuil aon duine ag rá go lom gur gearr go mbeidh a rás rite níl amhras ar bith ach go bhfuil dochar déanta ag an bpróiseas le hiarrthóir uachtaránachta a roghnú don pháirtí do cheannaireacht an Mháirtínigh.

Dream iad muintir Fhianna Fáil a bhfuil féinmhuinín go leor acu agus atá an-phráinneach as an bpáirtí.  Bhí cogarnaíl le míonna anois go mbeadh sé tubaisteach don pháirtí mura mbeadh iarrthóir acu. Tháinig baill shinsearacha sa pháirtí amhail Mary Hanafin agus Éamon Ó Cuív amach go poiblí le rá gur cheart go mbeadh iarrthóirí ag Fianna Fáil agus go gcaithfidís a seasamh mar an páirtí is mó sa tír a chosaint.

Ní mór cuimhneamh nach raibh aon toghchán uachtaránachta sa tír ó 2011 nuair a bhí Fianna Fáil beagnach scriosta. Bhí an pobal feargach leo mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíochta agus ba dhóbair nach raibh páirtí ar bith fágtha. Sin an dúshlán a chuir Mícheál Martin roimhe agus faoina stiúir tá an páirtí ar ais i rialtas, tá siad 10 suíochán chun cinn ar an gcéad pháirtí eile sa Dáil agus tá seisean ina Thaoiseach. Murach sin, go deimhin, tá seans maith go mbeadh sé ina iarrthóir don uachtaránacht é féin.

Leis an athnuachan sin sa bpáirtí a chosaint chuaigh an ceannaire sa tóir ar iarrthóir uachtaránachta a bheadh in ann an tÁras a thabhairt ar ais d’Fhianna Fáil. Is mian leo agus iad ag ceiliúradh céad bliain a mbunaithe an bhliain seo chugainn gradam an Uachtaráin agus an Taoisigh a bheith acu. Ach ní thaitníonn le polaiteoirí ná muintir na hÉireann, go háirithe Fianna Fáil go dtabharfaí cuach isteach sa nead. Sin ceann de na cúiseanna gur éirigh le Billy Kelleher vóta suntasach a fháil i measc an pháirtí parlaiminte Dé Máirt seo caite.

An tuairim atá ag Micheál Martin go mbeidh vóta níos fearr ag Jim Gavin ná mar a bheadh ag seanfhondúir de chuid an pháirtí mar gheall ar a cheangal a iarrthóra leis an gCumann Lúthchleas Gael agus na Fórsaí Cosanta. Agus is laoch é Gavin phobal Baile Átha Cliath. Ach an mbeidh an pobal meallta ag na suáilcí seo an mhí seo chugainn? Cá bhfios ach tá sé roghnaithe anois.

An cheist ó thaobh an pháirtí an mbeidh ceisteanna á gcuir faoi cheannaireacht Mhícheál Martin mura n-éiríonn le Gavin? An mbeidh tuilleadh ball sásta labhairt amach ina aghaidh chinntí na ceannaireachta má chreideann siad gur déanadh botún sa gcás seo? Tar éis ceithre bliana déag mar uachtarán ar Fhianna Fáil an bhféadfadh ré an Mháirtínigh a bheith ag teacht chun críche?

Fág freagra ar 'Cinniúint Martin ag brath ar Jim Gavin'

  • Piarda

    Droch-chinneadh ag Martin mar nach dtaitníonn Billy Kelleher leis.
    Ní bheidh puinn tacaíochta le fáil ag Gavin lasmuigh den ardchathair.
    Duine is ea é atá ró-dhéanta nó ró-réamh-dhéanta ann féin agus ró-Bhleá Cliathach don gcuid eile againn.
    Agus ró-leamh!

  • Paul Laughlin

    Luaigh Máirín Ní Ghadhra Fianna Fáil “mar an páirtí is mó sa tír”. Nach é an teideal sin ar Shinn Féin? Seo pointe tábhachtach, Uachtarán na hÉireann atá idir chamáin anseo, chan Uachtarán na sé chontae is fiche. Mar sin de, cad é atá le rá ag Fianna Fáil agus Jim Gavin i dtaca le athaontú na tíre?