Tá meath tagtha ar an méid Gaeilge a bhíonn le feiceáil san ábhar toghchánaíochta a scaiptear ar an bpobal, dar le duine de na daoine a bhfuil ceann de na bailiúcháin is mó sa tír den ábhar sin aige.
Tá Alan Kinsella ag bailiú ábhar a bhaineann le cúrsaí toghchán agus reifreann ó bhí na 1980idí ann. Dúirt sé le Tuairisc gur díol suntais dó an úsáid atá an t-iarrthóir don uachtaránacht Catherine Connolly a bhaint as an nGaeilge ina feachtas, agus nach bhfaca sé a leithéid i bhfeachtas uachtaránachta cheana.
“Téann mo chartlann siar go dtí na 1940idí agus na 1950idí, tá bileog ann ó Éamon de Valera ón toghchán i 1966 agus ruainne beag Gaeilge uirthi ach tá an chuid is mó di i mBéarla. Is rud as an ngnáth é ar na saolta seo ábhar a fheiceáil i nGaeilge, seachas ar ábhar a scaiptear sa Ghaeltacht,” a dúirt Kinsella le Tuairisc.
Dúirt sé go bhfuil ábhar dátheangach d’olltoghcháin agus do thoghcháin áitiúla faighte aige ó cheantair Ghaeltachta ach nach bhfuil bileog a bhí go hiomlán dátheangach feicthe aige i dtoghchán uachtaránachta cheana.
“Aon bhliain déag ó shin, rinne mé taispeántas sa Chlólann Náisiúnta. Dúirt mé liom féin go gcaithfinn ábhar i nGaeilge a chur ann ó tharla go raibh an taispeántas le bheith in áit mar sin, agus scríobh mé chuig na hionadaithe tofa sa Ghaeltacht.
“Fuair mé roinnt rudaí ach ní raibh mórán ann. Ní raibh ábhar i nGaeilge ag go leor acu. Sheol Seán Kyne [seanadóir agus iarTheachta Dála de chuid Fhine Gael] carnán rudaí chugam ach is annamh a úsáidtear an Ghaeilge ar na bileoga sa lá atá inniu ann,” a dúirt sé.
Dúirt sé go mbíodh níos mó Gaeilge le feiceáil ar an ábhar a sheoltaí amach nuair a thosaigh sé a bhailiúchán dhá scór bliain ó shin ach go bhfuil meath ag teacht ar an nós de réir a chéile.
“Nuair a thosaigh mé ag bailiú sna hochtóidí luatha, bhíodh an teachtaireacht ó Charlie [Haughey] i nGaeilge ar an ‘Litir um Thoghchán’ agus an chuid eile den litir i mBéarla. Ach i gcaitheamh na mblianta tá an litir féin éirithe níos lú agus tá an Ghaeilge ionann is imithe anois.
“Bhíodh trí nó ceithre leathanach sa ‘Litir um Thoghchán’ tráth ach ní bhíonn ann anois ach an leath bileoigín. Tá níos lú agus níos lú Gaeilge le feiceáil ann i gcomparáid leis an am a caitheadh,” a dúirt sé.
Ní hí Catherine Connolly an chéad iarrthóir don uachtaránacht a d’úsáid an Ghaeilge ina feachtas ná ina hábhar toghchánaíochta ná baol air, ach dúirt Kinsella gur díol suntais dó an méid Gaeilge atá in úsáid ag an iarrthóir as cathair na Gaillimhe.
“Cheap mé gur rud as an ngnáth é go mbeadh feachtas náisiúnta mar seo go huile is go hiomlán dátheangach. Chuir Micheál D Ó hUigínn go leor ábhar amach i nGaeilge ach bhí an t-ábhar i nGaeilge nó i mBéarla agus ní raibh cuid den ábhar a bhí aige i mBéarla ar fáil i nGaeilge. Tá feachtas Catherine go huile is go hiomlán dátheangach agus is rud nua é sin.
“Bhí roinnt mhaith Gaeilge ag iarrthóir Shinn Féin, Liadh Ní Riada, in 2018, ach mar sin féin níor aistríodh an teachtaireacht ó Mary Lou McDonald ar a hábhar siúd,” a dúirt sé.

Tá Kinsella den tuairim go mbeidh feiceálacht na Gaeilge i bhfeachtas Catherine Connolly ina buntáiste di agus go bhfuil an pobal ag súil anois le Gaeilge a bheith ag Uachtarán na hÉireann, cé nach raibh Gaeilge ag gach uachtarán roimhe seo.
“Is dóigh liom go léiríonn sé easpa Gaeilge Jim Gavin agus Heather Humphreys, tá sé soiléir nach cainteoirí Gaeilge iad agus tá ábhar Catherine á thaispeáint sin. Is dóigh liom gurb in cuid de, agus go bhfuil sé tábhachtach don oifig áirithe sin.
“I gcás na n-aireachtaí eile is cuma leis an bpobal i ndáiríre mura bhfuil an Ghaeilge ag duine, ach i gcás na huachtaránachta, braitheann daoine go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh. Is dóigh liom go raibh tionchar ag Máire Mhic Giolla Íosa agus ag Micheál D Ó hUigínn air sin, ar an tuairim sin a bheith coitianta,” a dúirt sé.
Dúirt Kinsella go bhfágann nádúr na huachtaránachta gur beag ceist is féidir a chur ar iarrthóirí taobh amuigh de cheisteanna faoina gcúlra nó a stair pholaitíochta.
Ó tharla nach dtagann polasaithe ná pleananna i gceist le ról an uachtaráin is dóigh leis gur ceist níos tábhachtaí ag go leor daoine an cumas teanga.
Dúirt sé go raibh brú áirithe ar Mháire Mhic Giolla Íosa an Ghaeilge a fhoghlaim mar gheall ar an tráchtaireacht a bhí ann nuair a toghadh í gur “duine ón taobh amuigh” ab ea í mar gheall gurb as an Tuaisceart í.
“Is dóigh liom go raibh rud níos leithne i gceist i gcás Mháire Mhic Giolla Íosa, agus gur bhain sé lena cúlra mar Thuaisceartach. Bhí go leor cainte ann ag an am gur duine ón taobh amuigh a bhí tofa agus chabhraigh sé léi an Ghaeilge a bheith aici,” a dúirt sé.
Mar sin féin, ní raibh ábhar toghchánaíochta Mhic Giolla Íosa – ná aon iarrthóir de chuid Fhianna Fáil i dtoghcháin eile – ar fáil go hiomlán i nGaeilge.
“Feicfidh tú focail Ghaeilge ar na póstaeir ó na páirtithe ar fad, agus beidh focail ann ar an litríocht freisin, ach is go fíorannamh a bheadh sleachta móra Gaeilge áit ar bith,” a dúirt Kinsella.
Tá athruithe móra eile tagtha ar an gcaoi a scaiptear ábhar toghchánaíochta ó thosaigh Kinsella a bhailiúchán. Dúirt sé go bhfuil an próiseas ar fad “níos lárnaithe” ar na saolta seo agus go mbíonn an t-ábhar nach mór mar a chéile ag ionadaithe na bpáirtithe móra ó cheann ceann na tíre anois.
“An difríocht is mó ná an t-athrú ón mbéim ar theaghlach agus ar phobal an duine atá ag seasamh. D’fheicteá grianghraif de chlann an duine agus an bhean nó an fear céile. Luadh siad a gcúlra sa phobal agus rudaí mar sin níos minice. Tá sé sin ar fad imithe anois agus is rud níos ginearálta a bhíonn ann anois.
“Tá treoir ag ceannáras na bpáirtithe agus cloítear leis sin. Ag brath ar an am a bhíonn toghchán ann, bíonn grianghrafadóir ag na hArd-Fheiseanna ag tógáil pictiúr gairmiúil de na hiarrthóirí don ábhar poiblíochta anois,” a dúirt sé.
Caoimhin MacCionnaith
Nuair nach bhfuil an Ghaeilge ar do thoil agat ni bheidh tú in ann freastal ceart ar ócáidí Gaeilge nó ar ócáidí a bhaineann le heagraíochtaí Gaeilge, institiúdí oideachais Gaeilge, pobal na Gaeltachta agus neart pobal Gaeilge eile. Arís eile brúfar go himeall an tsochaí muid.
Seán Mag Leannáin
Díol suntais é go bhfuil an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla in ábhar toghchánaíochta Catherine Connolly agus is éacht uathúil é nach ndearna aon duine eile riamh cheana, fiú Dev é féin. Más mór agat an Ghaeilge níl an dara rogha agat ach do vóta a chaitheamh ar son Catherine sa toghchán fíor-thábhachtach seo.