Tarraingíodh aird arís ar na mallaibh ar an teachtaireacht a fhaightear ón chóras cinnteoireachta Hawkeye i bPáirc an Chrócaigh. Ba é an fuirseoir mór le rá Dara Ó Briain a chuir an giorria úd ina shuí ar na meáin shóisialta deireadh seachtaine an chluiche ceannais iománaíochta, agus an Corcaíoch den bharúil gurbh fhearr go dtaispeánfaí ‘Sea/Ní hea’ nó ‘Cúilín/Ar fóraoil’ seachas ‘Tá/Níl’ mar fhreagraí ar an chóras cinnteoireachta.
Caithfidh mé a rá gur mó i bhfad a ghoilleann neamart Pháirc an Chrócaigh i leith na Gaeilge mar theanga fheidhmeach ná cruinneas gramadaí an fhreagra a thugann Hawkeye. Ceannaítear ticéid trí mheán an Bhéarla, ordaítear deochanna agus bia trí mheán an Bhéarla agus tugtar tús áite don Bhéarla sna fógraí a chraoltar ar challairí na staide le linn na gcluichí.
Sea, cuirtear athruithe in iúl don slua i nGaeilge ar dtús, ach ní mór iad a athrá i mBéarla ar eagla go mbeadh duine éigin den lucht féachana thíos le mearbhall millteanach ar an bhus abhaile agus iad ag iarraidh a oibriú amach cad é faoin spéir a thug ar an duine sin imeacht ón pháirc agus cé a thug cead don duine siúd a bhróga peile a chur air.
Níl i gceist le Hawkeye ach tuilleadh den bhéalghrá a léirítear don Ghaeilge in achan ghné de shochaí na hÉireann. Bíodh cead do chinn agat úsáid a bhaint aisti ag tús óráide nó í a chur ar chomhartha bóthair (i gcló iodálach, mar dhea), ach a luaithe is atá faisnéis thábhachtach á cur in iúl agat bí cinnte gur i mBéarla binn breá na Banríona a dhéanfaidh tú amhlaidh. Is ar an tuigbheáil sin atá cur chuige Pháirc an Chrócaigh bunaithe; cad é ab fhiú tuilleadh Gaeilge a chur chun feidhme i ngnóthaí na staide agus an Béarla ar ár dtoil againn uilig?
Is dócha gur míthuigbheáil ar fheidhm na teachtaireachta ó Hawkeye is cúis leis an díospóireacht faoina cruinneas, sa dóigh is nach ar lucht labhartha na Gaeilge atá an teachtaireacht úd dírithe. Baintear úsáid as ‘Tá/Níl’ siocair gurb ionann is cinnte go dtuigfidh achan chainteoir Béarla sa staid na focail sin, in ainneoin ar fhulaing siad sa chóras oideachais mar gheall ar a múinteoirí, an siollabas nó Peig Sayers í féin (cibé acu leithscéal is mó tóir i láthair na huaire).
Fiú agus é ag iarraidh tús a chur le díospóireacht faoi cháilíocht na teachtaireachta, ba i mBéarla a chuir Dara Ó Briain a phostáil in airde, cé go bhfuil Gaeilge aige. Sampla eile den fheidhm atá ag an teanga do thromlach na tíre seo: díol spéise nó ábhar cainte, ach ní bheadh sé fóirsteanach aon ní tábhachtach a phlé inti, fiú má bhaineann an ní úd go díreach leis an teanga í féin.
Agus glactar go fonnmhar leis an sop in áit na scuaibe seo, cur chuige a bhfuil leithcheal agus díothú teanga mar thoradh air. Bhí an ceoltóir CMAT thíos le sampla eile den leithcheal seo le déanaí nuair a gearradh an chéad 40 soicind dá hamhrán úr ina bhfuil an Ghaeilge le cluinstin agus é á sheinm ar an BBC. Anois, gabhadh leithscéal agus cuireadh an botún ina cheart, ach is é an t-adhmad atá le baint ón eachtra ná gur fusa léirscrios iomlán a dhéanamh ar theanga áit a bhfuil imeallú déanta uirthi cheana féin. Más ag iarraidh do chuid liricí Gaeilge a chluinstin, bíodh an t-amhrán i nGaeilge agat ó thús deiridh.
B’ardú meanman mar sin ráiteas Catherine Connolly mar chuid dá feachtas uachtaránachta nuair a dúirt sí le Tuairisc go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de ‘théamaí móra’ a tréimhse oifige. Ní hamháin sin, ach ba ar Raidió na Gaeltachta a d’fhógair sí go hoifigiúil mbeadh an post á lorg aici agus rinne sí agallamh físe le Tuairisc. Ní thiocfaidh an Ghaeilge slán fhad is go gcaitear léi mar ornáid mhaisiúcháin. Cuirimis i lár an aonaigh í, nó is é an bás atá in ann di.
Aonghus
Más ‘Ta/Níl’ na freagraí, céard í an cheist?