Tá sé á mhaíomh ag scoláire Coirnise i leabhar nua nach fíor don scéal gurbh í Dolly Pentreath, a mhair sna 1770idí, an cainteoir dúchais deireanach Coirnise agus gur mhair cainteoirí eile isteach sa 19ú haois.
Rinne Kensa Broadhurst staidéar ar lucht labhartha na Coirnise dá leabhar nua The Cornish Language in the Nineteenth Century agus deir sí go raibh an teanga fós á labhairt ag “líon beag bídeach” cainteoirí dúchais sa 19ú haois.
“Cainteoirí dátheangacha a bhí iontu, ar ndóigh, agus ba é an Béarla an phríomhtheanga a bhí acu ach bhí an Choirnis acu freisin. Bhí daoine fós á múineadh dá gclann, agus bhí daoine ag déanamh taighde uirthi. Bhí sí á múineadh sna hollscoileanna sa Fhrainc, fiú,” a dúirt Broadhurst.
Mar sin féin, deir sí go bhfuil sí deacair a rá go díreach cá raibh an teanga á labhairt mar gheall ar a laghad daoine den lucht oibre a raibh scríobh agus léamh acu. Níor fhág na cainteoirí deireanacha dúchais seo mórán ina ndiaidh, dar le Broadhurst.
Maítear go minic gurbh í Dolly Pentreath an cainteoir dúchais deireanach a mhair i gCorn na Breataine agus gur bhásaigh an Choirnis mar theanga a aistríodh go nádúrtha ó ghlúin go glúin an uair sin. Ba as ceantar tuaithe in aice leis an mbaile beag iascaigh Porthenys i bhfíor-iardheisceart an Choirn í Pentreath. Meastar gur sa réigiún sin is faide a mhair an teanga mar theanga phobail.
Ní hí Kensa Broadhurst an chéad duine a bhréagnaigh an scéal gurbh í Pentreath an duine deireanach i gCorn na Breataine a raibh an teanga ó dhúchas aici. Go deimhin, cúpla bliain i ndiaidh bhás Pentreath sheol iascaire as an mbaile céanna léi litir chuig an scoláire Daines Barrington inar mhaígh sé go raibh cúigear cainteoirí dúchais Coirnise fós sa bhaile. Luaigh Barrington cainteoir eile fós, John Nancarrow, a mhair beagnach fiche bliain i ndiaidh Dolly Pentreath.
Deir Broadhurst nár chóir scéal Pentreath a shlogadh gan chogaint agus gur beag eolas atá ag lucht léinn an lae inniu uirthi mar gheall nár fhág sí féin aon taifead ina diaidh. Tá Broadhurst in amhras faoi chuntas Barrington féin ar shaol Pentreath mar gheall gur scoláire ón taobh amuigh a bhí ann agus go mb’fhéidir gur thuig Pentreath gurbh fhéidir léi leas a bhaint as an duine uasal dá gcuirfeadh sí ina luí air nach raibh a teanga dhúchais ag duine ar bith eile.
Tá leac chuimhneacháin sa reilig ina bhfuil Pentreath curtha ar a gcuirtear síos uirthi mar “an duine deireanach a rinne comhrá i dteanga ársa an Choirn”.
Tá an Choirnis ar cheann de na teangacha Ceilteacha is laige sa lá atá inniu ann. Níl aon chainteoir traidisiúnta dúchais fágtha ann agus níl ach fíorbheagán daoine ann a bhfuil ardscileanna sa teanga acu. Mar sin féin, tá spéis as an nua sa teanga sa Chorn le tamall de bhlianta anuas agus daoine á foghlaim arís. Bunaíodh irisleabhar Coirnise, Gweles, in 2021 agus baineann an ceoltóir Breatnach Gwenno úsáid as an teanga, a fuair sí óna hathair, ina cuid amhrán.
Fág freagra ar 'Ní fíor an scéal faoi ‘chainteoir dúchais deireanach’ na Coirnise -leabhar nua'