11% den €5.9 milliún atá curtha ar fáil don phleanáil teanga caite ar phleananna teanga na Gaeltachta

Deir Aire Stáit na Gaeltachta gur €3.3 milliún san iomlán a caitheadh ar an bpleanáil teanga idir 2014-2017, ach léiríonn figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie nach bhfuil caite ar phleananna teanga na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta go dtí seo ach €654,000

11% den €5.9 milliún atá curtha ar fáil don phleanáil teanga caite ar phleananna teanga na Gaeltachta

 

Níl caite ar phleananna teanga na Gaeltachta ach €654,000 den €5.9 milliún atá curtha ar fáil don phleanáil teanga ó 2014.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios sa Dáil an tseachtain seo caite gur caitheadh €3.3 milliún san iomlán ar an bpleanáil teanga idir 2014-2017 agus go mbeadh €2.65 milliún eile caite uirthi faoi dheireadh na bliana seo.

Ach léiríonn figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil caite ar phleananna teanga na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta go dtí seo ach €654,000, nó 11% den airgead iomlán atá ceadaithe.

Baineann an €654,000 sin le hullmhú na bpleananna teanga amháin agus níl aon phingin caite fós ar chur i bhfeidhm na bpleananna sin, cé go bhfuil €490,000 eile ceadaithe do na ceithre phlean a bhfuil glactha leo go dtí seo – Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

I bhfianaise na bhfigiúirí seo is ar nithe eile seachas an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht a caitheadh €2.6 milliún den airgead a cuireadh ar fáil don phleanáil teanga idir 2014-2017.

Nuair a d’iarr Tuairisc.ie briseadh síos ó Roinn na Gaeltachta ar an gcaiteachas €2.6 milliún sin, dúradh gur chuimsigh na figiúirí caiteachas eile seachas an caiteachas ar phróiseas pleanála teanga na Gaeltachta.


Caiteachas ar phleanáil teanga 2014-2018
(Foinse: Ceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ar Aire na Gaeltachta)

Sonraí maoinithe 2014-2018
2014 2015 2016 2017 2018
€499,000 €546,000 €1,000,000 €1,250,000 €2,650,000

Thug an Roinn le fios gur caitheadh an t-airgead sin ar an gcuid sin den phróiseas pleanála teanga a bhaineann le Foras na Gaeilge, atá freagrach as an bpróiseas lasmuigh den Ghaeltacht, agus ar “ullmhúchán pleananna, oiliúint, feachtais phoiblíochta agus feasachta, ceardlanna, cruinnithe poiblí, forbairt ábhar agus tacaíochtaí eile”.

Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc.ie gur €65,000 atá íoctha go dtí seo do phleananna teanga na líonraí Gaeilge agus na mBailte Seirbhíse Gaeltachta atá faoina gcúram siúd. Tá €40,000 eile ceadaithe ag Foras na Gaeilge do phleananna teanga.

Tá iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta arís briseadh síos a thabhairt dúinn ar an gcaiteachas sin nár bhain leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Idir an dá linn, dheimhnigh Údarás na Gaeltachta dúinn go bhfuil cúig cinn eile de phleananna teanga curtha acu faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta le haontú – Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, An Cheathrú Rua, Ciarraí Theas, Maigh Eo Thuaidh agus Múscraí.


An maoiniú atá caite agus ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht

LPT Ullmhú na bPleananna Feidhmiú na bPleananna
Méid Ceadaithe Méid Íoctha Méid Ceadaithe Méid Íoctha
Tuaisceart Dhún na nGall €35,000 €20,000
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh €40,000 €38,000 €100,000
Toraigh €20,000 €8,000
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir €50,000 €50,000 €140,000
Na Rosa €40,000 €26,423
Árainn Mhór €25,000 €15,000
An Ghaeltacht Láir €40,000 €7,000
Dún na nGall Theas €40,000 €15,000
Maigh Eo Thuaidh €50,500 €48,000
Maigh Eo Thiar €35,000 €10,000
Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh €35,000 €34,500
Conamara Láir €35,000 €35,000
An Cheathrú Rua €40,000 €33,000
Ceantar na nOileán €40,000 €33,301
Oileáin Árann €30,000 €15,000
Cois Fharraige €50,000 €49,746 €150,000
Maigh Cuilinn €35,000 €10,000
Bearna & Cnoc na Cathrach €35,000 €0
Oirthear Chathair na Gaillimhe €35,000 €5,000
An tEachréidh €35,000 €5,000
Ciarraí Thiar €50,000 €50,000
Ciarraí Theas €40,000 €30,342
Múscraí €40,000 €40,000
Cléire €20,000 €6,200
Na Déise €40,000 €30,763 €100,000
Ráth Chairn €35,000 €31,000
Iomlán: €990,500 €640,274
BSG Daingean Uí Chúis €20,000 €13,879
Mór Iomlán €1,010,500 €654,153 €490,000

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil “go leor pleananna eile ag staid éagsúil dréachta” agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh “18 plean in iomláine curtha faoi bhráid na Roinne faoi dheireadh 2018”.

€15,000 atá ceadaithe agus íoctha ag Foras na Gaeilge don trí líonra Gaeilge ó dheas – Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin – chun a bpleananna teanga a ullmhú. Tá an Foras ag súil na pleananna teanga do na líonraí a chur faoi bhráid na Roinne i mbliana.

Tá ceanneagraíocht pleanála teanga ceaptha do thrí cinn de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá faoi chúram an Fhorais agus tá €10,000 an ceann íoctha go dtí seo le heagraíochtaí pleanála teanga na Gaillimhe agus Leitir Ceanainn agus tá €10,000 eile an ceann ceadaithe dóibh chomh maith. Níl aon mhaoiniú íoctha go fóill leis an dtríú ceanneagraíocht, i gCorcaigh, a roghnaíodh an mhí seo, ach tá €20,000 ceadaithe di.


Na pleananna Gaeltachta atá faofa ag Roinn na Gaeltachta

Na pleananna Gaeltachta atá
faofa ag Roinn na Gaeltachta
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an lúir
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh
Cois Fharraige
Na Déise

Mar fhreagra ar an gceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air an tseachtain seo, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go mbeadh tús curtha faoi dheireadh na bliana seo le feidhmiú pleananna ceadaithe i suas le “13 limistéar in iomlán”. €100,000 nó €150,000 a cheadófar do na pleananna sin. Dúirt an tAire Stáit McHugh go gcaithfí an chuid eile den €2.65 milliún atá curtha ar leataobh don phleanáil teanga i mbliana ar thacú le hullmhúchán pleananna sna limistéir pleanála teanga eile agus leis an an bpróiseas “a bhrú chun cinn” maidir le hullmhú pleananna teanga do bhailte seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeilge.

Is iad na bailte seirbhíse Gaeltachta a luaigh an tAire Stáit ná Daingean Uí Chúis agus An Clochán Liath, atá faoi chúram Údarás na Gaeltachta agus cathair na Gaillimhe, cathair Chorcaí, Leitir Ceanainn, Trá Lí agus Dún Garbhán, atá faoi chúram an Fhorais.

Is iad na líonraí Gaeilge a mbeifear ag cur tús leis an bpróiseas iontu in 2018 ná Cluain Dolcáin, Inis agus Baile Locha Riach.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go gcaithfí an chuid eile den €2.65 milliún atá curtha ar leataobh don phleanáil teanga i mbliana ar “roinnt bearta a chur sa tsiúl ar bhonn lárnach chun tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis trí chéile”.


Na pleananna Gaeltachta atá á scagadh ag Roinn na Gaeltachta

Pleananna faoi bhráid na Roinne Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh
Maigh Eo Thuaidh
Múscraí
Ciarraí Theas
An Cheathrú Rua

 

Fág freagra ar '11% den €5.9 milliún atá curtha ar fáil don phleanáil teanga caite ar phleananna teanga na Gaeltachta'