Tá scéim a thugann deiseanna breise do dhaltaí scoile an Ghaeilge a shealbhú le cur ar fáil den chéad uair in 12 scoil lán-Ghaeilge i gcathair Chorcaí agus i ngaelscoil amháin i mBaile Dhún na nGall.
Glór na nGael atá freagrach as Scéim na gCúntóirí Teanga a chur ar fáil i mbailte lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin gcóras pleanála teanga.
16 scoil lán-Ghaeilge atá faoin scéim ó seoladh í do scoileanna i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i mbailte Líonraí Gaeilge in 2023. Fógraíodh inné go dtabharfar isteach faoin scéim 12 scoil lán-Ghaeilge i gcathair Chorcaí agus Gaelscoil na gCeithre Máistrí i mBaile Dhún na nGall.
Is iad na scoileanna i gcathair Chorcaí a thabharfar isteach faoin scéim ó mhí Eanáir 2026: Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Gaelscoil Mhachan, Gaelscoil an Chaisleáin, Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Gaelscoil Uí Riada, Gaelscoil Pheig Sayers, Gaelscoil an Ghoirt Álainn, Gaelscoil Uí Drisceoil, Scoil an Athar Tadhg Ó Murchú, Gaelscoil Uí Ríordáin, Coláiste Daibhéid, Coláiste an Phiarsaigh agus Gaelcholáiste Mhuire.
Dúirt riarthóir na scéime, Niamh Ní Mhóra, go raibh áthas ar Ghlór na nGael go raibh an scéim á leathnú.
“Is é cuspóir na scéime tacú leis na scoileanna deiseanna breise a chur ar fáil do dhaltaí chun an teanga a shealbhú agus a shaibhriú, agus is cinnte gur dea-scéala é go mbeidh an tacaíocht seo ar fáil anois do na 13 scoil i gcathair Chorcaí agus Baile Dhún na nGall,” a dúirt Ní Mhóra.
Cuirfear tús leis an bpróiseas earcaíochta a luaithe agus is féidir i gcomhar leis na scoileanna, a dúradh.
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a dhéanann maoiniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga.
Muintearas Teo, i gConamara, agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo, atá freagrach as an scéim a reáchtáil thar ceann na Roinne sa Ghaeltacht.
Fág freagra ar 'Scéim na gCúntóirí teanga á leathnú go dtí scoileanna lán-Ghaeilge i gcathair Chorcaí'