An port coitianta ar fud na hEorpa –ábhar cogaidh in ionad ábhar leasa shóisialaigh

Ní haon iontas gur thit rialtas na Fraince as a chéile agus Emmanuel Macron ag iarraidh an dá thrá a fhreastal

An port coitianta ar fud na hEorpa –ábhar cogaidh in ionad ábhar leasa shóisialaigh

Níor chuir sé aon ionadh orm gur thit rialtas na Fraince as a chéile. Le fada an lá tá uachtarán na tíre sin, Emmanuel Macron, ag iarraidh freastal ar an dá thrá: gan costas na tíre a chur ar lucht an tsaibhris, is gan olc a chur ar lucht oibre na tíre trí ghearradh siar a dhéanamh an iomad ar a gcuid seirbhísí.

Ach tá an Lár, mar a thugtar ar lucht an chuir i gcéill seo, éirithe rólag, is tá an Fhrainc scoilte idir clé is deis: an eite chlé faoi cheannas La France Insoumise (LFI) ag diúltú glacadh leis gur féidir cearta na n-oibrithe a laghdú; agus an eite dheis anois i lámha an Rassemblement Nationale (RN) de chuid Marine Le Pen.

Ní bhíonn mórán ceilt ag an RN ar an gciníochas frith-Ioslamach, agus páirtí é nach dteastaíonn uaidh a thuilleadh go mbeadh an Fhrainc gafa ag an Aontas Eorpach. Páirtí é nach ndéanann aon chur i gcéill maidir le ‘luachanna’ na hEorpa, ach páirtí a bhíonn ag maíomh go hoscailte as oidhreacht impireachta na Fraince.

Ach tá an Fhrainc sáinnithe i bhfiacha, agus ní féidir le Macron polasaí ar bith a laghdódh na fiacha a bhrú tríd an bparlaimint. Tá sé ag iarraidh €43 billiún a bhaint den bhuiséad, ach ag an am céanna – agus seachmall air gur stát cumhachtach domhanda i gcónaí an Fhrainc – ag iarraidh tuilleadh airgid a chaitheamh ar uirlisí cogaidh.

‘Cosaint’ a thugann Macron air sin, cé nach bhfuil éinne ag bagairt go míleata ar an bhFrainc.

Sin é an port coitianta ar fud na hEorpa: ábhar cogaidh in ionad ábhar leasa shóisialaigh.

Tá an príomh-aire nua, Sébastien Lécornu, cara le Macron le fada an lá, ag iarraidh socrú a dhéanamh leis an bPáirtí Sóisialach. Is cosúil go bhfuil siadsan sásta cabhrú leis an €43 billiún a bhaint ón mbuiséad ach teastaíonn uathu cánacha breise a chur ar lucht an tsaibhris ach iad lánsásta airgead mór a chur amú ar ‘chosaint’.

Sin nós na bpáirtithe sóisialach-daonlathacha ar fud na hEorpa: ag caint faoi athrú ach ag seasamh leis an status quo ag deireadh thiar. Féach Páirtí an Lucht Oibre abhus.

Ach anois tá lucht na hagóide ar ais ar na sráideanna, san eagraíocht Bloquons Tout [Cuir Bac ar Gach Rud]. Tá sé róluath a rá cén tionchar a bheidh ag an agóid nua seo, ach léiríonn sé a dhoimhne agus a ghéire atá an scoilt sa bhFrainc.

Tá na léirseoirí, agus LFI agus RN, ag iarraidh go n-éireodh Macron féin as oifig is go mbeidh toghchán uachtaránachta ann. Cath glan idir an eite dheis i bhfad amach agus an eite chlé i bhfad amach a bheadh ann, ach buille mór don Atlantachas a bheadh sa toradh, cibé dream a mbeadh an bua acu.

Maidir leis an ngeilleagar a bheith i ndroch-chaoi is gan aon bhealach as le feiceáil, níl an Fhrainc ina haonar. Tá cúlú i ngeilleagar na Gearmáine, laige fhadtéarmach san Iodáil, agus easpa tábhachta le geilleagair na hEorpa anois ar an stáitse domhanda.

Agus ar fud na hEorpa táthar ag caint i gcónaí faoina thuilleadh acmhainní a chaitheamh ar ‘chosaint’ nuair is léir nach bhfuil na hacmhainní ann le cúrsaí a choinneáil mar atá, ní áirím a bheith ag caint faoina thuilleadh caiteachais.

Ach is fearr maireachtáil faoin seachmall. Tá an tAontas Eorpach ag caitheamh a gcuid polasaithe glasa ar leataobh ach fós tá siad ag maíomh astu.

Agus táthar ag leanacht leis an mbladhmann faoi chogadh na hÚcráine, anois ag geallúint pacáiste smachtbhannaí eile – an 19ú ceann – cé gur léir nár chuir siad isteach ar gheilleagar na Rúise i gcomparáid leis an gcaoi gur chuir siad isteach ar an Eoraip féin.

Píosa ar phíosa, a deir Ursula von der Leyen, laghdóidh an Eoraip a spleáchas ar bhreosla ón Rúis. Ach cheana féin síníodh conradh fíorthábhachtach i Shanghai idir an Rúis agus an tSín le gáslínte nua a thógáil ó Yarmaka agus ón tSibéir tríd an Mhongóil: gás a bhíodh ag dul go dtí an Eoraip ach nach rachaidh arís, fiú nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh.

Fágfar an Eoraip ag brath ar bhreosla ó Mheiriceá, a bheidh dúbailt an phraghais ar bhreosla ón Rúis.

Níl muid slán ón teoiric nua ach an oiread, agus an rialtas reatha ag iarraidh muid a nascadh níos dlúithe le cúrsaí míleata an Aontais Eorpaigh.

Níos measa fós níl tuairim dá laghad ag an rialtas cén múnla eacnamaíochta is féidir nó is cóir a chruthú don todhchaí.

An dtabharfaidh an Fhrainc sampla dúinn?

Fág freagra ar 'An port coitianta ar fud na hEorpa –ábhar cogaidh in ionad ábhar leasa shóisialaigh'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Agus ar fud na hEorpa táthar ag caint i gcónaí faoina thuilleadh acmhainní a chaitheamh ar ‘chosaint’……”

    Meas tú cén fáth, Eoin? Ar rith sé leat go mb’fhéidir go bhféadfadh baint a bheith ar an gcaiteachas breise ar ‘cosain’ leis an mbagairt do thíortha na hEorpa ón Rúis? Ar ndóigh, dar leatsa, níl locht ar bith ar an Rúis. Tá an cuma ar a scríobhann tú anseo agus in áiteacha eile go gcreideann tú go raibh sé de cheart ag an Rúis iarracht a dhéanamh an Ucráin a athghabháil. Tugann tú ‘bladhmann’ ar an díoscúrsa a bhíonn ar bun ag ceannairí na hEorpa faoi chogadh na Rúise sa Ucráin.

    Ní dhéarfainn gur maith le Macron, Metz ná Stamer ná Tusk agus leis na ceannairí eile Eorpacha gur gá níos mó agus níos mó acmhainní a chaitheamh ar ‘cosaint’, go speisialta nuair a chuireann an gearradh siar ar chaiteachas poiblí eile a dtacaíocht pholaitiúil i mbaol. Ach nuair atá Putin is an Rúis i mbun cogaíochta ar leic an dorais, ba olc na ceannairí iad mura raibh siad réidh lena dtíortha agus tíortha eile atá faoi bhagairt ón Rúis a chosaint.

  • Tiarpaire

    Na dróin a seoladh isteach in aerspás na Polainne agus na Rómáine le gairid is iad na hÚcránaigh a rinne sin.
    Dróin de chuid na Rúise ab ea iad, cinnte dearfa, ach is dróin iad a bhí ‘gafa’ slán ag an Úcráin, an dtuigeann tú. Cleas rí-ghlic, diablaí ag Zelenski chun NATO a mhealladh isteach sa chogadh in aghaidh Putinín.
    Ar mhiste le Tuairisc a iarraidh ar EOM meastachán a scríobh ar Putinín uair éigin?