Is iomaí cleas atá tarraingthe chucu féin ag lucht scigmhagaidh chun a bheith ag spochadh as Donald Trump, agus tá an Ghaeilge agus an amhránaíocht ar an sean-nós anois á gcur i mbéal Uachtarán Mheiriceá ag rógairí Gaelacha.
Tá giotaí físe d’Uachtarán Mheiriceá ag Gaeilgeoireacht i measc na ngiotaí físe atá á scaipeadh go tréan le tamall anuas ar líne agus leas á bhaint ag Gaeilgeoirí as an aip MadLipz chun píosa spraoi a bhaint as teanga Bríd Pháid agus Donald!
Tá a gcasadh féin á bhaint ag Gaeilgeoirí as an iliomad scannán agus cartún chun Gaeilge a chur i mbéal pearsana, idir bheag agus mhór.
Ceadaíonn MadLipz don úsáideoir athghuthú sioncronaithe a dhéanamh ar ghiotaí físe agus tá méadú ag teacht le tamall ar líon na ngiotaí físe Gaeilge atá á gcur in airde ar an aip, cuid acu atá á scaipeadh go tréan i measc phobal na Gaeilge ar líne.
Seo físeán atá curtha le chéile ag Tuairisc.ie de chuid de na giotaí sin a roinn@btkom, @snaggle, @riverreaney, @mairtinog agus @crowbarackles ar aip MadLipz.
Pól Ó Braoin
Thar cionn!!