‘Oidhreacht chuí’ ar Bhliain na Gaeilge a bheadh ann 200 Gaelscoil a bhunú as seo go ceann 10 mbliana

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta, gur chóir go gcuirfeadh Project Ireland 2040 roimhe go mbeadh ar a laghad 25% de pháistí na hÉireann ag freastal ar Ghaelscoil faoin mbliain 2040

‘Oidhreacht chuí’ ar Bhliain na Gaeilge a bheadh ann 200 Gaelscoil a bhunú as seo go ceann 10 mbliana

Caoimhín Ó hEaghra

Theastódh ar a laghad 200 Gaelscoil nua sa chúig go deich mbliana romhainn chun freastal ar an éileamh atá ann ar an ngaeloideachas, a deir Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta.

Deir Ó hEaghra go bhfuil gá le tús a chur mar ábhar práinne le “próiseas a mbeadh sé mar aidhm shoiléir leis na céadta seachas na scórtha Gaelscoil a bhunú”.

In alt tuairimíochta leis a foilsíodh ar an Irish Times inniu, dúirt Ó hEaghra gur chruthaigh taighde de chuid an ESRI in 2015 go roghnódh 23% de thuismitheoirí Gaelscoil dá leanaí dá mbeadh an rogha sin acu.

Ní fhéadfaí freastal ar an éileamh sin “thar oíche” ach níor mhór plean gearrthréimhseach, meántréimhseach agus fadtréimhseach a bheith más linn an t-éileamh a shásamh, a dúirt Ó hEaghra.

“Leagtar amach i Project Ireland 2040 spriocanna uaillmhianacha i dtaobh go leor rudaí – is cinnte go dtugann an próiseas seo deis dúinn an t-easnamh maidir le háiteanna i scoileanna lán-Ghaeilge a leigheas,  sin más mian le haon duine an deis a thapú,” a dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta.

Dúirt Ó hEaghra gur chóir go mbeadh sé mar “fhís” ag Project Ireland 2040 go mbeadh ar a laghad an ceathrú cuid de pháistí na hÉireann ag freastal ar Ghaelscoil agus iad ag labhairt na Gaeilge gach lá faoin mbliain 2040.

“Nach fís í sin, a bhféadfadh an uile dhuine tacú léi agus aontú ina taobh? Nach geallúint dá leithéid a bheadh ina hoidhreacht chuí ar Bhliain na Gaeilge?” a dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta.

Dúirt sé chomh maith go bhféadfadh a thuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge cabhrú chomh maith leis an Stát sprioc náisiúnta eile a bhaint amach.

“Cuirmidne scoileanna ar fáil ina bhfuil éiteas Caitliceach agus idirchreidmheach iontu, agus mar sin éiríonn linn freastal ar riachtanais éagsúla, agus é sin a dhéanamh as Gaeilge, rud a chuireann ar chumas an Stáit dhá aidhm thábhachtacha náisiúnta a bhaint amach in éineacht: rogha maidir le éiteas scoile a chur ar fáil agus beocht nua a chur sa teanga,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra.

Fág freagra ar '‘Oidhreacht chuí’ ar Bhliain na Gaeilge a bheadh ann 200 Gaelscoil a bhunú as seo go ceann 10 mbliana'

  • Mánus

    An é an t-idirchreidmheachas an t-aon éiteas neamhChaitliceach atá curtha san áireamh ag an bhForas Pátrúntacha? Cad mar gheall ar Neamh-shainchreidmeachas – ina roghnaíonn tuismitheoirí scolaíocht gan reiligiún ar bith a bheith dá teagasc sa scoil ná searmanas reilgiúnda do bheith ar siúl sa scoil mar atá sa Fhrainc. Beidh an eiteas neamh-shainchreidmheach mar rogha ag níos mó tuistí feasta toisc méadú mór ar líon na nÉireannach nach bfuil reiligiún ar bith acu de réir an daonàirimh. Mura bhfuil an éiteas sin mar rogha i roinnt scoileanna beidh ar tuistí a ngasúr a chur go scoileanna neamh-shainchreidmheacha a fheidhmíonn tré Bhéarla.